Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

13 Meitheamh 2019

Infheistíocht Dhíreach Choigríche in Éirinn 2017

Os cionn 300,000 post a raibh baint acu le hInfheistíocht Dhíreach Choigríche in Éirinn sa bhliain 2017
  • 318,000 post in 2017 ceangailte le hInfheistíocht Dhíreach Choigríche (IDC) in Éirinn, méadú 7% ón mbliain 2012
  • Tromlach na bpost sna hearnálacha déantúsaíochta (78,000) agus miondíola (77,000)
  • An fás is mó fostaíochta ó 2012 i leith san earnáil gníomhaíochtaí eolaíocha agus teicniúla (28%)
  • Fócais nua in eagrán 2017, le miondealú ar chothromaíocht inscne i bhfiontair IDC agus cíoradh ar ról eintiteas sainchuspóireacha i staitisticí IDC

Breathnaigh ar an eisiúint: Infheistíocht Dhíreach Choigríche 2017 [en]

Foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) an foilseachán téamach Infheistíocht Dhíreach Choigríche 2017 inniu (13 Meitheamh 2019), ina mbreathnaítear ar an tionchar a imríonn IDC agus domhandú ar gheilleagar na hÉireann. Léirítear ann go bhfuil os cionn 300,000 post sa stát a bhfuil baint acu le IDC.

Agus é tagairt don fhoilseachán, dúirt Christopher Sibley, Staitisteoir Sinsearach, “Táthar tar éis an taighde turgnamhach seo a dhéanamh chun cur leis na hábhair staidrimh oifigiúla a fhoilsítear. Deineadh an méid sin trí shonraí maidir le fiontair IDC i réimsí éagsúla a nascadh le chéile, go háirithe staitisticí fostaíochta agus pá. Tá sé mar aidhm leis an taighde seo béim a leagan ar ábharthacht staitisticí IDC trí chéile.

Cé gur tháinig laghdú €54bn ar stoic isteach IDC in Éirinn ó 2016 go 2017, bhí an méid €744bn a infheistíodh (ionann le 253% den Olltáirgeacht Intíre) fós ard i gcomparáid le tíortha eile an AE. Léiriú é an méid sin cé chomh domhandaithe is atá geilleagar na hÉireann.

Feictear fás ar fhostaíocht i ngach earnáil ó 2012 i leith, agus an fás is mó san earnáil gníomhaíochtaí eolaíocha agus teicniúla ar 28%. In 2017, bhí €50,000 ar an meán á íoc ag fiontair ilnáisiúnta (FINanna) eachtracha lena bhfostaithe; i bhfad níos mó ná fiontair intíre (€33,000), ach níos lú ná FINanna Éireannacha (€57,000). Bhí fás ar phá i ngach earnáil chomh maith, go háirithe san earnáil faisnéise agus cumarsáide agus san earnáil riaracháin agus seirbhísí tacaíochta, ar tháinig méadú 26% agus 20% faoi seach ar phá iontu sa tréimhse 2012-2017.

Is í seo an dara heagrán den fhoilseachán turgnamhach seo, ina cheanglaítear sonraí ó réimsí éagsúla staitistiúla, a bheith foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh. Breathnaítear ann ar an ról a imríonn infheistíocht isteach go hÉirinn, an domhandú a bhaineann léi agus an tionchar a imríonn sí ar gheilleagar intíre na hÉireann. Tarraingítear sonraí ó roinnt fhoinsí éagsúla le chéile san fhoilseachán seo agus tá sé ceaptha cur leis na staitisticí bliantúla agus ráithiúla a sholáthraítear i gCuntais Idirnáisiúnta na hOifige.

Míreanna nua i bhfoilseachán an lae inniu iad miondealú ar chothromaíocht inscne i bhfiontair IDC agus anailís ar an tionchar an imríonn Eintitis Shainchuspóracha (ESCanna) ar IDC isteach go hÉirinn. Leis an anailís, is féidir idirdhealú a dhéanamh idir fíor-infheistíocht i bhfiontair atá ag feidhmiú sa stát agus cistí atá díreach á chur thrí ESCanna anseo.

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Annette Hayes (+353) 1 498 4319 nó Christopher Sibley (+353) 1 498 4305

nó seol ríomhphost chuig bop@cso.ie

-- CRÍOCH --