17 Nollaig 2019
Breathnaigh ar an eisiúint: Próifíl ar Dhaonra Teorann na hÉireann [EN]
Tá tuarascáil nua, ‘Próifíl ar Dhaonra Teorann na hÉireann’ foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (17 Nollaig 2019). Áirítear sa tuarascáil seo saintréithe daonra agus tithíochta ó dhaonáirimh 2011 agus 2016 maidir le daoine ag maireachtáil achar gairid tiomána (níos lú ná 10 km) ó Thuaisceart Éireann.
Ag caint ar thuarascáil an lae inniu, deirt Dermot Corcoran, Staitisteoir: “Ar an 27 Samhain, d’eisigh an Oifig foilseachán dar teideal ‘Achar go Seirbhísí Laethúla in Éirinn’ inar tomhsaíodh cá fhad is atá daoine in Éirinn, sin í an Stát, ag maireachtáil ó ionaid sheirbhísí laethúla (ar nós scoileanna, oispidéil, stadanna iompar poiblí agus oifigí poist). Táimid anois ag eisiúint tuarascáil ina gcíoraítear na haonaid chónaithe agus bailte atá i ngar do thrasnuithe teorann oifigiúla le Tuaisceart Éireann.
Paiteagó, Contae Dhún na nGall is ea an baile nó sráidbhaile is giorra don teorainn sa Stát, le meánachar 423 méadar ó na haonaid chónaithe anseo chun na teorann. Ar na bailte nó sráidbhailte is giorra seachas sin, tá Cúl Droma i nDún na nGall (526 méadar), An Blaic i gCabhán (540 méadar) agus Magh i nDún na nGall (934 méadar).”
Tá fáil ar an tuarascáil 'Achar go Seirbhísí Laethúla in Éirinn' anseo: https://www.cso.ie/en/releasesandpublications/ep/p-mdsi/measuringdistancetoeverydayservicesinireland/
Dermot Corcoran (+353) 1 498 4109
nó seol ríomhphost chuig sdg@cso.ie
-- CRÍOCH --