23 Deireadh Fómhair 2019
Bhronn Ard-Stiúrthóir Cúnta na Príomh-Oifige Staidrimh (CSO), Paul Morrin, duaiseanna Dé Máirt (22 Deireadh Fómhair 2019) ar na buaiteoirí i gComórtas Bhonn Staidrimh John Hooper 2019 mar aon le buaiteoirí an Ghradaim um Úsáid Sonraí Oscailte CSO 2019 ag an gCeoláras Náisiúnta, Baile Átha Cliath.
Is í is príomhchuspóir le comórtas John Hooper ná feabhsú cumas daltaí chun cur síos ar, chun fios a chur ar, agus chun iniúchadh a dhéanamh ar a dtimpeallacht ag úsáid staitisticí. Tá an comórtas náisiúnta seo ar oscailt d’fhoirne de bheirt nó de thriúr dalta 18 mbliana d’aois nó níos óige agus ainmníodh é in ómós do John Hooper BA* (1878 – 1930). Cuireadh an comórtas ar bun naoi mbliana ó shin chun ceiliúradh a dhéanamh ar an chéad Lá Domhanda Staitistice sa bhliain 2010.
I mbliana, chuaigh buaiteoirí chomórtas John Hooper, Aisling Barry agus Katrin Birk as Scoil Ghramadaí Dhroichead na Bandan ar aghaidh le hionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn i gcomórtas Chlár Idirnáisiúnta don Litearthacht Staitistiúil (ISLP). Bhain an bheirt cailín chéad áit amach sa chomórtas idirnáisiúnta lena n-iarratas “A Statistical Analysis of the Accuracy of 5-day Forecasts in Predicting Hot vs Cold Temperatures”. Ina theannta sin, bhuaigh beirt cailín Éireannach eile, Kate Bagnell agus Bobbi Beattie as Scoil Ospidéal an Rí, Baile Átha Cliath, an chatagóir sóisearach i gcomórtas ISLP. Bhí iontráil cailíní na príomhchathrach, a bhain an tOrd Fiúntais amach i gcomórtas John Hooper, dírithe ar chúrsaí sochtheangeolaíoch: “Using statistics to investigate changing use of language in Irish Primary students’ writing after 80 years”. Bhí Stiúrthóir an ISLP, Ms. Reija Helenius, tagtha ón bhFionlainn chun na teastais a bhronnadh ar an dá fhoireann buacacha sa chomórtas ISLP.
Is í seo an cúigiú bhliain den Ghradam um Úsáid Sonraí Oscailte CSO ag Taispeántas an Eolaí Óig BT. Tá sé mar rún leis an ngradam daoine óga a spreagadh chun úsáid a bhaint as sonraí oscailte. Bronntar an gradam as ucht an úsáid, nó an úsáid féideartha, is nuálaí de shonraí an CSO, bíodh sin in anailísí staitistiúla, próisis staitistiúla nó aschur staitistiúil; in uirlis léirmhínithe nó léarscáil sonraí léirmhínithe; i bhforbairt ghléis; i bhfeidhmchlár bogearra nó in úsáid sonraí an CSO ar bhealach nuálach eile. Bronnadh Gradam 2019 ar Conor Casey agus Hannah Coombs, daltaí ag Pobalscoil Inbhear Scéine, Neidín.
Ag labhairt dó ag an searmanas bronnta, dúirt an tUasal Morrin:
“Gach aon bhliain, feicimid ard chaighdeán sna hiontrálacha chomórtas John Hooper agus sa don Ghradam um Úsáid Sonraí Oscailte an CSO, agus tá sé seo le feiceáil sna buanna idirnáisiúnta.
“Léiríonn na daltaí go seasta intleachtacht agus machnamh bunúil agus iad ag trácht ar réimse leathan ábhar.
“Cuid lárnach de chlár For-rochtana Oideachais an CSO é cothú tuiscint agus úsáid staitisticí - clár a chuimsíonn Bonn Staidrimh John Hooper, Gradam um Úsáid Sonraí Oscailte an CSO, agus an togra DaonáireamhArScoil.”
Bhain John Hooper BA* (1878 - 1930) céim le Céadonóracha sa Mhatamaitic amach in 1898. Sa bhliain 1923, tráth bunaithe an Stáit, ceapadh é ina chéad Stiúrthóir Staidrimh ar Saorstát Éireann. Mar an chéad duine sa phost lárnach seo, chuaigh John Hooper i bhfeidhm go mór ar fhorbairt ábhar staidrimh oifigiúil de chuid an Stát go dtí uair a bháis mí na Nollag 1930. Is le linn a shaol oibre a forbraíodh ábhair úra staidrimh (m.sh. an chéad Daonáireamh agus an chéad Móráireamh ar Tháirgeadh Tionscail, sa bhliain 1926 araon) agus ar achtaíodh an tAcht Staidrimh, 1926.
Reáchtáiltear Comórtas Póstaeir an Chláir Idirnáisiúnta don Litearthacht Staitistiúil gach ré bliain. Oibríonn Cumann Idirnáisiúnta an Oideachais Staitistiúil (IASE) i gcomhpháirt leis an ISLP féin chun an comórtas a rith. I mbliana, mheall an comórtas póstaeir seo iontrálacha ó breis is 15,000 dalta, as 37 dtír éagsúla as gach cearn den domhan, lena n-áirítear Éire, Stáit Aontaithe, an tSeapáin, an Chóiré Theas, an Nua-Shéalainn, an Astráil agus tíortha fud fad na hEorpa.
Tá teacht ar iontrálacha buacacha an ISLP anseo [EN]
Tá teacht ar iontrálacha agus torthaí iomlán chomórtas John Hooper anseo
Tá breis eolais faoin nGradam um Úsáid Sonraí Oscailte le fáil anseo
Ken Kennedy (+353) 21 453 5036 nó Elaine O'Mahoney (+353) 1 498 4317
nó seol ríomhphost chuig eolas@cso.ie
-- CRÍOCH --