20 Meitheamh 2018
Breathnaigh ar an eisiúint: Suirbhé ar an Lucht Saothair Ráithe 1 2018 [EN]
Tá torthaí an tSuirbhé ar an Lucht Saothair (SLS) maidir le Ráithe 1 2018 eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh inniu (20 Meitheamh 2018). Tháinig an suirbhé seo in ionad an tSuirbhé Ráithiúil Náisiúnta ar Theaghlaigh (QNHS) ó thosach Ráithe 3 2017.
Leis an suirbhé nua seo tugadh isteach Agallóireacht Ríomhchuidithe Teileafóin, ceistneoir athdheartha agus feabhsuithe ar an modheolaíocht suirbhéireachta.
Agus é ag caint faoi eisiúint an lae inniu, dúirt Jim Dalton, Staitisteoir: “Is é an SLS an foinse oifigiúil sonraí maidir le fostaíocht agus dífhostaíocht in Éirinn. Taispeántar sna príomhthorthaí go raibh 2,220,500 duine fostaithe san iomlán i R1 2018. Méadú 2.9% nó 62,100 é seo i gcomparáid leis an ráithe chéanna in 2017. Má choigeartaítear an méid seo de réir tosca séasúracha, tháinig méadú 0.7% nó 15,700 ar fhostaíocht i gcomparáid le R4 2017.
Bhí 132,900 duine dífhostaithe i R1 2018 agus ba laghdú 18.6% or 30,500 é seo i gcomparáid le R1 2017. Má choigeartaítear an méid seo de réir séasúir bhí laghdú ar an ráta dífhostaíochta ó 6.4% to 5.8% le linn na ráithe agus 137,300 ab ea an líon daoine dífhostaithe, coigeartaithe de réir séasúir.
Ba ionann dífhostaíocht fhadtéarmach, téarma a thagraíonn do dhaoine atá dífhostaithe ar feadh bliana amháin nó níos mó, agus 37.7% den líon daoine iomlán a bhí dífhostaithe i R1 2018.
Is é 2,353,400 an líon iomlán daoine sa lucht saothair faoin am seo. Ardú 1.4% nó 31,700 é seo ó R1 2017. Is é 1,470,500 an líon daoine nach bhfuil sa lucht saothair. Ardú 1.1% nó 16,400 é seo i gcomparáid leis an am céanna an bhliain roimhe.”
Príomhthorthaí | Ráithe 1 2018 | Athrú bliantúil |
Fostaithe | 2,220,500 | +62,100 |
Dífhostaithe | 132,900 | -30,500 |
Sa Lucht Saothair | 2,353,400 | +31,700 |
Níl sa Lucht Saothair | 1,470,500 | +16,400 |
Breathanaigh ar: Fógra Eolais - Suirbhé ar an Lucht Saothair Ráithe 1 2018 [EN]
Jim Dalton (+353) 21 453 5623 nó Martina O'Callaghan (+353) 21 453 5491
nó seol ríomhphost chuig labour@cso.ie
-- CRÍOCH --