22 Feabhra 2018
Breathnaigh ar an eisiúint: Tuarascáil Théamach ar Ghnóthachtáil Oideachais 2017 [EN]
Tá Tuarascáil Théamach ar Ghnóthachtáil Oideachais 2017 foilsithe inniu (22 Feabhra 2018) ag an bPríomh-Oifig Staidrimh. Léirítear inti rátaí rannpháirteacha sa lucht saothair, rátaí fostaíochta agus rátaí dífhostaíochta i leith na leibhéil éagsúla ghnóthachtáil oideachais. Ina theannta sin, tugtar staitisticí i leith tíortha go léir an Aontais Eorpaigh (AE) a ghabhann le príomhtháscairí, ar nós luathfhágálaithe scoile agus gnóthachtáil oideachais tríú leibhéal, chun staid reatha na hÉireann a chíoradh i gcomparáid leis an gcuid eile den AE.
Ag tagairt don tuarascáil, deir Helen McGrath, Staitisteoir:
“Sa tuarascáil seo, tugtar forbhreathnú náisiúnta agus Eorpach ar ghnóthachtáil oideachais.
"Imríonn gnóthachtáil oideachais tionchar ar chúrsaí fostaíochta. Tá sé le braith as an tuarascáil gur tháinig méadú ar rátaí rannpháirteacha sa lucht saothair de réir mar a d’ardaigh an leibhéal oideachais gnóthaithe. In R2 2017, bhí sé os cionn dá oiread níos coitianta do dhaoine le cáilíocht tríú leibhéal a bheith sa lucht saothair (87%) ná de dhaoine le hoideachas bunscoile ar a mhéid (41%).
"Is soiléir iad na difríochtaí inscne i ngnóthachtáil oideachais. Tá sé níos annamha ag mná a bheith rangaithe mar luathfhágálaithe scoile agus is mó seans cáilíocht tríú leibhéal a bheith acu; 60% díobh 30-34 bliana d’aois i gcomparáid le 46% d’fhir san aoisghrúpa céanna. É sin ráite, níl an oiread céanna mná i bhfostaíocht i gcomparáid le fir. Feictear gur i laghad a théann an bearna idirinscne seo de réir mar a théann an leibhéal oideachais i méid.
"Tá feabhas ag teacht ar an ráta luathfhágála scoile in Éirinn. Tá sí rangaithe sa seachtú háit is ísle san AE don táscaire seo don bhliain 2016, i gcomparáid leis an séú háit déag is ísle in 2009.”
Helen McGrath (+353) 21 453 5108 nó Paul M Crowley (+353) 21 453 5090
nó seol ríomhphost chuig education@cso.ie
-- CRÍOCH --