10 Eanáir 2018
Foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) Folláine na Tíre 2017 [EN] inniu (10ú Eanáir 2018). Tá sí mar aidhm leis an bhfoilseachán nua seo meon daoine faoina saol a thomhais.
Ag trácht air, dúirt an Staitisteoir Damien Lenihan, “tá iarracht á dhéanamh leis an bhfoilseachán seo folláine mhuintir na tíre a mheas, ag breathnú ar go leor nithe éagsúla a imríonn tionchar air sin. Ina measc siúd tá dálaí geilleagracha na tíre, sláinte an daonra agus gnóthachtáil san oideachas.”
Tá os cionn 30 táscaire san iomlán a bhaineann le hocht réimse den tsochaí i bhfoilseachán an lae inniu. Is roinnt de na príomhthorthaí a eascraíonn as iad na fíricí a leanas:
Chuir an tUasal Lenihan lena ráiteas: “Is pointe tosaigh atá againn leis an bhfoilseachán seo chun folláine a thomhais, agus déanfar a thuilleadh forbartha sa réimse seo sna blianta beaga amach romhainn.”
Damien Lenihan (+353) 21 453 5424 nó Paul M Crowley (+353) 21 453 5090
nó seol ríomhphost chuig health@cso.ie
-- CRÍOCH --