19 Nollaig 2017
Breathnaigh ar an eisiúint: Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (SILC) Torthaí 2016 [EN]
D’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh torthaí inniu ón Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (SILC) don bhliain 2016 mar aon le torthaí inchomparáide do bhlianta roimhe sin.
Tábla A - Achoimre na bpríomhthorthaí | |||||
Ioncam | 2012 | 2013 | 2014 | 2015 | 2016 |
Ioncam Ainmniúil - Ioncam coibhéisithe indiúscartha in aghaidh an duine aonair | € | € | € | € | € |
Airmheán | 18,276 | 18,262 | 18,864 | 20,000 | 20,597 |
Meán | 21,578 | 21,995 | 22,396 | 23,301 | 23,852 |
Ioncam tairsí i mbaol bochtaineachta | |||||
(60% den ioncam airmheáin) | 10,966 | 10,957 | 11,318 | 12,000 | 12,358 |
Ioncam Fíreannach¹ - Ioncam coibhéisithe indiúscartha in aghaidh an duine aonair | |||||
Airmheán | 18,276 | 18,078 | 18,623 | 19,772 | 20,379 |
Meán | 21,578 | 21,773 | 22,109 | 23,035 | 23,599 |
Ioncam tairsí i mbaol bochtaineachta | |||||
(60% den ioncam airmheáin) | 10,966 | 10,846 | 11,173 | 11,863 | 12,227 |
Ráta bochtaineachta agus díothachta | % | % | % | % | % |
Ráta riosca na bochtaineachta | 17.3 | 16.5 | 17.2 | 16.9 | 16.5 |
Ráta díothachta² | 26.9 | 30.5 | 29.0 | 25.5 | 21.0 |
Ráta díothachta dóibh siúd atá i mbaol bochtaineachta | 48.9 | 55.1 | 51.2 | 51.5 | 50.7 |
Ráta bochtaineachta comhsheasmhaí | 8.5 | 9.1 | 8.8 | 8.7 | 8.3 |
Táscairí comhionannais ioncaim | |||||
Comhéifeacht Gini (%) | 31.8 | 32.0 | 32.0 | 30.8 | 30.6 |
Cóimheas idir cúigilí ioncaim | 5.1 | 5.0 | 5.1 | 4.7 | 4.7 |
1Bonnbhliain díbhoilscithe 2012. | |||||
2 Sciar den daonra a bhraith dhá chineál díothachta forghníomhaí nó níos mó. |
Agus é ag caint faoin tuarascáil dúirt an Staitisteoir Sinsearach Gerry Reilly: “Is é an suirbhé teaghlaigh SILC an fhoinse oifigiúil sonraí ar ioncam teaghlaigh agus ioncam aonair. Lena chois sin, is as SILC a sholáthraítear roinnt de phríomhtháscairí náisiúnta na bochtaineachta cosúil le ráta riosca na bochtaineachta, an ráta bochtaineachta comsheasmhaí agus rátaí díothachta forghníomhaí.
“Léiríonn na príomhthorthaí maidir le 2016 gurbh ionann an t-ioncam ainmniúil airmheánach bliantúil coibhéisithe indiúscartha agus €20,597 - méadú 3.0% ar luach ainmniúil na bliana 2015 arbh é €20,000 é. Is athrú é seo atá suntasach ó thaobh staidrimh de. Maidir le comhionannas ioncaim níor tháinig aon athrú a bhí suntasach ó thaobh staidrimh de ar dháileadh ioncaim má chuirtear torthaí 2016 i gcomparáid le 2015.
“Lena chois sin tugann an suirbhé léargas ar an mbochtaineacht in Éirinn. Bhí ráta ‘riosca na bochtaineachta’, sin é sciar na ndaoine a raibh ioncam faoi bhun 60% den ioncam airmheánach náisiúnta acu, de 16.5% ann. Ráta 16.9% a bhí ann in 2015. Ní athrú suntasach ó thaobh staidrimh de é seo.
“Ina theannta sin tháinig laghdú ar chéatadán na ndaoine a meastar a bheith ag braith ‘díothachta forghníomhaí’, a shainítear mar staid eacnamaíoch nach bhfuil sé d’acmhainn ag duine nó teaghlach inti dhá chineál riachtanas saoil nó níos mó a cheannach, m.sh. gan teas a chur ar siúl le linn na bliana seo caite nó gan a bheith in ann nithe a cheannach ar nós dhá péire bróga láidre nó seaicéad te uiscedhíonach nó béile le feoil, sicín nó iasc gach dara lá. Sciar 21.0% den daonra a bhraith díothacht fhorghníomhach in 2016, laghdaithe ó 25.5% in 2015. Tá an t-athrú seo suntasach ó thaobh staidrimh de.
“Ar deireadh, bhí ‘ráta bochtaineachta comhsheasmhaí’, lena gcumhdaítear daoine atá i mbaol bochtaineachta agus a bhraitheann díothacht fhorghníomhach araon, de 8.3% ann. Níl an figiúr seo suntasach ó thaobh staidrimh de mar bhí sé gar go leor le figiúr na bliana 2015, is é sin, 8.7%”, a dúirt sé.
Caitríona O’Brien (+353) 21 453 5777 nó Barry O’Leary (+353) 21 453 5018
nó seol ríomhphost chuig ICW@cso.ie
-- CRÍOCH --