23 Bealtaine 2017
Breathnaigh ar an eisiúint: Suirbhé Ráithiúil Náisiúnta ar Theaghlaigh - Ráithe 1 2017 [EN]
Tá torthaí eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (23 Bealtaine 2017) ón Suirbhé Ráithiúil Náisiúnta ar Theaghlaigh (QNHS) do Ráithe 1 2017. Léirítear sa tuairisc seo na torthaí do R1 2017 taobh le sonraí inchomparáide do bhlianta roimhe seo.
Ag tagairt don eisiúint, deir Jim Dalton, Staitisteoir: “Is é an QNHS an foinse oifigiúil sonraí maidir le fostaíocht agus dífhostaíocht in Éirinn.
"Léiríonn na príomhthorthaí do R1 2017 gurbh ionann líon iomlán na bhfostaithe agus 2,045,100, méadú de 3.5% nó 68,600 duine i gcomparáid leis an ráithe céanna in 2016. Le coigeartú déanta de bharr tionchair shéasúracha, tháinig méadú 0.9% nó 19,300 duine ar líon na ndaoine i bhfostaíocht ó R4 2016 go R1 in 2017.
"Bhí 146,200 duine dífhostaithe ann i R1 2017 - laghdú de 18.5%, ionann le 33,200 duine, ó bhí R1 2016 ann. Coigeartaithe de réir séasúir, tháinig laghdú ar an ráta dífhostaíochta ó 7.1% go 6.8% le linn na ráithe. B’ionann líon na ndaoine dífhostaithe don ráithe is déanaí seo, coigeartaithe de réir séasúir, agus 148,800 – an líon ba lú ó bhí R2 2008 ann, tráth a raibh figiúir inchomparáide de 127,200 duine dífhostaithe.
"B’ionann le dífhostaíocht fhadtéarmach, a shainítear mar an líon daoine dífhostaithe ar feadh bliana nó tréimhse níos faide, agus 53.8% den dífhostaíocht iomlán i R1 2017, i gcomparáid le sciar 56.1% an tréimhse céanna bliain roimhe sin.
"Ar deireadh, is ionann an líon daoine atá sa lucht saothair agus 2,191,400 duine, méadú 1.6% nó 35,400 duine ó bhí R1 2016 ann. Tá 1,474,900 duine nach bhfuil sa Lucht Saothair, méadú 0.3% nó 4,800 ar an dtréimhse chéanna bliain roimhe sin.”
Príomhthorthaí | Ráithe 1 2017 | Athrú bliantúil |
Fostaithe | 2,045,100 | +68,600 |
Dífhostaithe | 146,200 | -33,200 |
Sa Lucht Saothair | 2,191,400 | +35,400 |
Gan a bheith sa Lucht Saothair | 1,474,900 | +4,800 |
Suirbhé Ráithiúil Náisiúnta ar Theaghlaigh - Ráithe 1 2017 [tuairisc i mBéarla]
Jim Dalton (+353) 21 453 5623 nó Martina O'Callaghan (+353) 21 453 5491
nó seol ríomhphost chuig labour@cso.ie
-- CRÍOCH --