Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

12 Deireadh Fómhair 2017

Torthaí Dhaonáireamh 2016: An Lucht Siúil, Eitneachas agus Creideamh in Éirinn

 

 

Foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) an tuarascáil Próifíl 8 – Lucht Siúil, Eitneachas agus Creideamh in Éirinn inniu (Déardaoin an 12 Deireadh Fómhair). Taispeántar sa tuarascáil go raibh 30,987 duine de Lucht Siúil na hÉireann ann in Aibreán 2016, ionann le 0.7% den daonra iomlán. Lena chois sin sonraítear inti mar a thit cion agus líon iomlán na gCaitliceach araon ó 2011. Ba Chaitlicigh iad 78.3% den daonra in Aibreán 2016, tite ó 84.2% in 2011. Le linn an tréimhse céanna tháinig méadú 73.6% ar an líon daoine gan creideamh (aindiachaithe agus agnóisithe san áireamh) go 481,388 in 2016.

 

Thug Deirdre Cullen, Staitisteoir Sinsearach, an tuairim seo a leanas: “Sa tuarascáil seo, an t-ochtú ceann as aon cheann déag, tugtar léargas breise ar struchtúr déimeagrafach ár ndaonra. An uair seo féachtar ar chreideamh, eitneacht agus ar Lucht Siúil na hÉireann. Déantar na téamaí seo a iniúchadh de réir aoise, aicme sóisialta agus comhdhéanamh líon tí. Mar is gnáth, cuirtear an t-eolas seo ar fad ar fáil ar www.cso.ie, áit inar féidir le húsáideoirí teacht a fháil ar shonraí a gceantair féin.”

 

Tá fáil ar thuarascáil an lae inniu ar shuíomh gréasáin na hOifige anseo: Daonáireamh 2016: Próifil 8 - An Lucht Siúil, Eitneachas agus Creideamh in Éirinn

 

Buaicphointí as Próifíl 8, An Lucht Siúil, Eitneachas agus Creideamh in Éirinn

 

Lucht Siúil na hÉireann

Lucht Siúil na hÉireann agus Dáileadh Aoise
Áiríodh 30,987 duine de Lucht Siúil na hÉireann a raibh gnáthchónaí orthu sa Stát i nDaonáireamh 2016. Méadú 5.1% é seo ar líon na bliana 2011 (29,495). Bhí beagnach 60% den Lucht Siúil faoi bhun 25 bliana d’aois. I gcomparáid leis seo, ní raibh ach 33.4% den phobal i gcoitinne den aois sin. Ní raibh ach 451 fir agus 481 mná den Lucht Siúil 65 bliana d’aois nó os a cionn sin.

 

Áiteanna cónaithe an Lucht Siúil
Bhí cónaí ar níos mó den Lucht Siúil i gceantair uirbeacha ná ar an bpobal i gcoitinne. Bhí cónaí ar 8 as 10 nach mór (78.6%) i gcathracha nó i mbailte (de dhaonra 1,500 nó os a cionn sin), i gcomparáid le 62.4% den phobal i gcoitinne. Bhí cónaí ar an líon ba mhó daoine den Lucht Siúil (5,089) i mBaile Átha Cliath (cathair agus bruachbhailte). Ar an dara háit bhí Gaillimh (cathair agus bruachbhailte) le 1,598 duine agus ina diaidh sin arís bhí Corcaigh (cathair agus bruachbhailte) le 1,222.

Ar na bailte le 1,500 duine nó os a cionn sin, ba é Tuaim an baile ina raibh an líon ba mhó daoine den Lucht Siúil. Bhí 737 duine acu ann. Bhí an Longfort sa dara háit le 730 duine. Bhí 500 nó níos mó duine den Lucht Siúil san Uaimh, i Muileann gCearr, i nDún Dealgan agus i mBaile Átha na Sluaighe in 2016.

 

Líonta tí de chuid an Lucht Siúil
Bhí 8,717 líon tí de chuid an Lucht Siúil ann (arna sainmhíniú mar líonta tí ina raibh duine amháin ar a laghad de Lucht Siúil na hÉireann) in Aibreán 2016. Méadú 12.3% ab ea é seo i gcomparáid le hAibreán 2011. Ba mhó seans líonta tí de chuid an Lucht Siúil a bheith ina líonta tí ilteaghlaigh, 4.2% i gcomparáid le 1.3% den bpobal i gcoitinne. Ar an taobh eile de, ba lú seans iad a bheith ina líonta tí singile, 11% i gcomparáid le 23.6% sa Stát go ginearálta.

 

Stádas pósta
I mí Aibreáin 2016 bhí 31.9% den Lucht Siúil idir 15 agus 29 mbliana d’aois pósta. I gcomórtas leis seo ní raibh ach beagáinín níos mó ná 1 as gach 20 (5.8%) den phobal i gcoitinne san aoisghrúpa seo pósta. Bhí ráta colscartha ní ba lú i measc an Lucht Siúil ná ráta an phobail i gcoitinne, 2.2% i gcomórtas le 4.7%.

 

Oideachas
Tá gnóthachtáil oideachais i measc an Lucht Siúil go mór chun deiridh ar ghnóthachtáil an phobail i gcoitinne i gcónaí. I measc mná den Lucht Siúil fuair díreach 13.3% oideachas go dtí an meánleibhéal uachtarach nó ní b’airde, i gcomparáid le díreach faoi bhun 7 as gach 10 (69.1%) den daonra iomlán. Fuair beagnach 6 as gach 10 fear den Lucht Siúil (57.2%) bunoideachas ar a mhéid. I gcomparáid leis sin ní bhfuair ach 13.6% den phobal i gcoitinne bunoideachas amháin. Bhí 167 duine den Lucht Siúil le cáilíocht tríú leibhéal ann anuraidh, beagnach dhá oiread líon na bliana 2011, 89.

 

Fostaíocht/Dífhostaíocht
Bhí 10,653 duine den Lucht Siúil sa lucht saothair ach bhí an formhór mór díobh, 8,541 (80.2%), dífhostaithe. Dúirt beagnach 1 as 8 den Lucht Siúil (11.3%) nach raibh ar a gcumas obair de dheasca míchumais. Ba ionann sin agus beagnach trí oiread an ráta comhionann i measc an daonra ginearálta (4.3%).

 

Eitneacht

Comhdhéanamh eitneach
B’iad “Éireannaigh Gheala” an grúpa ba mhó go mór agus go fada anuraidh. Bhí 3,854,226 (82.2%) gnáthchónaitheoir na tíre sa ghrúpa seo. Ba é an grúpa “aon chúlra geal eile” an dara grúpa ba mhó (9.5%), Áisigh nach Sínigh iad an tríú grúpa is mó (1.7%) agus “eile, cúlra measctha san áireamh” an ceathrú grúpa ba mhó (1.5%). Ba ionann an 19,447 duine ag a bhfuil cúlra eitneach/cultúrtha Síneach agus 0.4% den daonra gnáthchónaithe agus ba ionann iad siúd de chúlraí measctha (70,603) agus 1.5%.

 

Áit Bhreithe
Rugadh formhór mór (94.1%) de dhaoine Éireannacha Geala in Éirinn. As an 5.9% (226,078) eile, rugadh 121,174 i Sasana nó sa Bhreatain Bheag agus rugadh 53,915 i dTuaisceart Éireann.

Rugadh breis is duine as gach triúr d’eitneacht Afracach (38.6%) in Éirinn (22,331 duine), i dteannta le 31.3% (2,126) díobh siúd ag a bhfuil “cúlraí Gorma eile”. Maidir leis na daoine siúd ag a bhfuil eitneacht Shíneach rugadh breis is leathchuid díobh (55.7%) sa tSín. Rugadh 8.3% sa Mhalaeisia agus 6.4% i Hong Cong. Díobh siúd ag a bhfuil “cúlra Áiseach ar bith eile” rugadh 22.4% san India, 16.1% sna hOileáin Fhilipíneacha agus 13.7% sa Phacastáin.

 

Creideamh

Caitlicigh an dream is mó i gcónaí ach laghdú ag teacht ar a líon
Tá laghdú tagtha ar chion agus ar líon iomlán na gCaitliceach i ndaonra na hÉireann ó 2011. Ba ionann líon na gCaitliceach agus 78.3% den phobal in Aibreán 2016, i gcomparáid le 84.2% cúig bliana roimhe sin. Tháinig laghdú 132,220 ar an líon Caitliceach a taifeadadh i nDaonáireamh 2016 (3,729,115) i gcomparáid leis an mbliain 2011.

Bhí 73,208 Caitliceach colscartha in Éirinn i mí Aibreáin 2016. Ba fhir 29,900 díobh agus ba mhná 43,308 díobh. Bhí ráta colscartha ní ba lú ag Caitlicigh ná mar a bhí ag an bpobal i gcoitinne, is é sin, 4.1% i gcomparáid le 4.7%, cé go bhfuil méadú tagtha ar an ráta ó 2011, tráth ab ionann é agus 3.6%.

Daoine a rugadh lasmuigh d’Éirinn ab iad 12.0% de phobal Caitliceach iomlán na tíre.

 

Deir 10% nach bhfuil aon chreideamh acu
I mí Aibreáin 2016 dúirt 481,388 nach raibh aon chreideamh acu (aindiachaithe/agnóisithe san áireamh). Ba mhéadú 204,151 (+73.6%) é seo i gcomparáid lena líon cúig bliana roimhe. Ba iad an dara catagóir ba mhó agus ba ionann é agus 10.1% den phobal, i gcomparáid le 6.0% cúig bliana roimhe. Bhí siad 34 bliana d’aois ar an meán agus dá réir sin bhí siad 3.4 bliana ní b’óige ar an meán ná an daonra iomlán.

 

Baill Eaglais na hÉireann ar na daoine ba shine
Bhí 126,414 ball d’Eaglais na hÉireann ann in Aibreán 2016, laghdú 2.0% i gcomparáid le 2011.Bhí siad 40.3 bliana d’aois ar an meán, beagnach trí bliana ní ba mhó ná aois an phobail i gcoitinne. In 2016, ba é an 11,551 ball d’Eaglais na hÉireann i gContae Chorcaí an líon ba mhó díobh i gcontae ar bith agus ba ionann iad agus 9.1% de líon iomlán na mball. Bhí Cathair Bhaile Átha Cliath, áit a raibh 11,149 duine (8.8%), sa dara háit agus bhí an líon ba lú i gContae Liatroma le 1,102 duine (0.9%).

 

Líon na Moslamach ag dul i méid
Bhí 63,443 Moslamach in Éirinn i mí Aibreáin 2016. Bhí méadú tagtha ar a líon ó 49,204 (+28.9%) cúig bliana roimhe sin. Bhí tuairim is 16,364 (25.8%) de Mhoslamaigh ar fad idir 5 agus 18 mbliana d’aois. Bhí cónaí ar os cionn 4 as gach 10 (43.5%) de Mhoslamaigh uile in Éirinn i mBaile Átha Cliath (cathair agus bruachbhailte).

 

Creidimh eile
I mí Aibreáin 2016 bhí 62,187 Críostaithe Ceartchreidmheacha in Éirinn. Méadú 37.5% i gcomparáid lena líon in 2011 ab ea é seo. Bhí 24,211 Preispitéireach ann, laghdú beag ar a líon de 24,600 cúig bliana roimhe sin. Tá méadú tagtha ar an bpobal Aspalda agus Cincíseach, ó líon chomh beag le 3,152 in 2002 go 13,350 in 2016, ionann le ráta fáis bliantúlaithe de bhreis is 10.9%.

Ar Chríostaithe eile áiríodh 9,724 Críostaí Soiscéalach agus 6,471 Modhach. Ba iad Finnéithe Iehova (6,417 duine), Liútaraigh (5,329) agus Baistigh (3,957) na grúpaí ba mhó sna sála orthu. Bhí 37,427 eile a dúirt gur Críostaithe iad agus dúirt 5,409 gur Protastúnaigh iad.

Maidir le creidimh eile seachas Críostaithe, ba ionann an 14,332 Hiondúch a taifeadadh i nDaonáireamh 2016 agus méadú 135.6% ar a líon in 2006. Tháinig méadú suas go 9,758 (+12.1%) ar líon na mBúdaithe ó 2011. Ag an am céanna bhí 2,557 Giúdach ann in 2016, ionann agus méadú 28.9% (573) ar a líon cúig bliana roimhe sin.

Nótaí d'Eagarthóirí:
  • Tá ocht gcinn as aon phróifíl dhéag théamacha foilsithe anois ag an bPríomh-Oifig Staidrimh ar thorthaí Dhaonáireamh 2016. Ina dteannta sin, tá dhá Thuarascáil Achoimre foilsithe faoin ama seo. Is féidir teacht ar an sceideal foilsithe iomlán agus na tuarascálacha a foilsíodh go dtí seo ar http://www.cso.ie/en/baile/daonaireamh. Tá fáil ar shonraí na tuarascálacha seo i raon táblaí idirghníomhacha gréasáin; formáid trína bhféidir leis an úsáideoir na sonraí a bhfuil spéis aige/aici iontu a roghnú, saintáblaí a dhéanamh díobh seo agus na táblaí a íoslódáil chun a (h)anailís féin a dhéanamh orthu.
  • I gcomhar leis an an Ionad Breathnaithe um Thaighde Uile-Éireann (AIRO) ag Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, cuirtear sonraí achoimre daonáirimh i léarscáileanna téamacha ag leibhéal na Toghroinne (ED) agus leibhéal an Cheantair Bhig (SA). Tá teacht orthu seo tríd an nasc ar shuíomh gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh.
  • Baineann na figiúirí daonáirimh leis an daonra de facto, .i. is ionann an daonra a cláraíodh do cheantar agus gach duine a bhí i láthair sa limistéar sin ar oíche an Domhnaigh, an 24 Aibreán 2016 chomh maith le gach duine a bhain an áit amach ar mhaidin an Luain, an 25 Aibreán 2016 nár áiríodh iad i gceantar eile. Cuirtear daoine ar bord longa san áireamh i ndaonra an cheantair is cóngaraí dóibh. San áireamh sna figiúirí seo, mar sin, tá cuairteoirí a bhí i láthair ar oíche an Daonáirimh i dteannta daoine le cónaí orthu sa cheantar. Fágtar gnáthchónaitheoirí an cheantair ar lár sa chás go raibh siad as láthair go sealadach ar an oíche.
  • Ba é comhaireamh de facto an daonra in Aibreán 2016 ná 4,761,865 duine a fhad is a bhí figiúir iomlán de 4,689,921 duine le gnáthchónaí orthu sa tír – difríocht de 71,944 duine (1.5%). Baintear úsáid as figiúir na ngnáthchónaitheoirí chun anailís a dhéanamh ar thopaicí ar nós náisiúntacht, líonta tí agus teaghlaigh.1

1Sainítear ‘teaghlach’ mar chlann nó aonad teaghlaigh. Sainítear ‘líon tí’ mar ghrúpa daoine atá ag cur fúthu in aonad cónaithe amháin.

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Declan Smyth (+353) 1 895 1305 nó Fiosruithe Daonáirimh (+353) 1 895 1460

nó seol ríomhphost chuig census@cso.ie

-- CRÍOCH --