Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

10 Lúnasa 2017

Torthaí Dhaonáireamh 2016: Daoine gan dídean in Éireann

 Foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) an cúigiú thuarascáil théamach inniu (10 Lúnasa 2017) ar thorthaí Dhaonáireamh 2016; Próifíl 5 - Daoine gan dídean in Éirinn. Léirítear sa tuarascáil go raibh 6,906 daoine ar an 24 Aibreán 2016 (oíche an daonáirimh) ag coladh amuigh nó ag fanacht i gcóiríocht sainithe do dhaoine gan dídean. San áireamh anseo bhí 4,018 fireannach agus 2,888 baineannach.

Déantar anailís i bPróifíl 5 ar an daonra gan dídean in Aibreán 2016 de réir réimse leathan athróga, lena n-áirítear: aois, inscne, stádas pósta, stádas eacnamaíoch agus náisiúntacht. Breathnaítear chomh maith ar sláinte agus stádas mhíchumais daoine gan dídean i gcomparáid leis an daonra ginearálta.

Deir Deirdre Cullen, Staitisteoir Sinsearach: “Cabhróidh an tuarascáil seo linn tuiscint níos fear a chur ar an ábhar casta seo, le faisnéis úr tábhachtach ann maidir le cúinsí sóisialta agus geilleagracha daoine gan dídean.  Ní bheifí tar éis na sonraí sa réimse tábhachtach seo a bhailiú gan ionchur agus cabhair ó raon leathan gníomhairí, cinn rialtais agus neamhrialtais araon, agus is mian leis an Oifig buíochas a ghabháil le gach éinne a bhí páirteach as a gcomhoibriú sa togra seo.

Tá fáil ar thuarascáil an lae inniu ar shuíomh gréasáin na hOifige anseo Daonáireamh 2016: Próifíl 5 – Daoine gan dídean in Éirinn

 

Buaicphointí ar Phróifíl 5 – Daoine gan dídean in Éirinn


Aois mheánach ní b’óige i measc daoine gan dídean ná sa daonra ginearálta
Bhí aois mheánach de 31 bliana ann i measc daoine gan dídean, é sin i gcomparáid le 37 mbliana don daonra ginearálta. As an 6,906 duine gan dídean a áiríodh i nDaonáireamh 2016, bhí 1,846 duine san aoisghrúpa 0-17 mbliana agus ba pháistí in aonaid clainne iad 1,594 díobh seo. Ba in aois 60 nó os a cionn a bhí 413 duine (6%) den daonra gan dídean.

 
Sciar ní ba mhó daoine scartha/colscartha i measc daoine gan dídean
Ó thaobh stádas pósta de, áiríodh 55% de dhaoine gan dídean a bheith singil, i gcomparáid le 41% den phobal i gcoitinne. 48% den daonra iomlán a bhí pósta/athphósta ach 9% ab ea an sciar de lucht easpa dídine. Bhí an ráta scartha/colscartha dá oiread ní ba mhó i measc daoine gan dídean; le cois 12% i gcomparáid le díreach 6% don phobal i gcoitinne. Níor thug 22% de fhreagróirí gan dídean ar oíche an daonáireamh eolas faoina stádas pósta.

 
Teaghlaigh gan dídean
Áiríodh 896 teaghlach sa daonra gan dídean le 2,968 duine aonair iontu seo, ionann agus 43% den iomlán. Mar mhiondealú ar seo bhí 67 lánúin gan clann, 326 teaghlach ina raibh páiste amháin, 261 teaghlach ina raibh beirt pháiste agus 131 teaghlach ina raibh triúir páiste. Bhí 111 teaghlach eile ann ina raibh ceathrar páiste nó líon ní ba mhó ná sin. As an iomlán, bhí 262 lánúin le clann agus 567 teaghlach aontuismitheora. Máithreacha aonair a bhí i bhfeighil ar 96% de na teaghlaigh aontuismitheora seo.

 
Daoine gan dídean i mbun oibre/dífhostaithe/i mbun staidéir/ar scor
As an 5,212 duine gan dídean in aois 15 bliana nó os a cionn a bhí ann anuraidh, bhí 2,915 díobh (56%) sa lucht saothair, agus 899 den dream sin (31%) i mbun oibre.  Bhí an 2,016 duine (69%) eile dífhostaithe nó sa tóir ar a chéad phost. Bhí 607 duine ann nach raibh sé de chumas acu oibriú de bharr tinneas nó míchumas buan; 12% den iomlán i gcomparáid le 4.2% den phobal i gcoitinne. Scoláirí ab iad 429 duine (8%) agus thug 188 duine le fios go raibh siad ar scor.

 

Seans ní ba lú cáilíocht leibhéal sinsearach a bheith ag daoine gan dídean
Ó thaobh oideachas de, áiríodh 1,606 duine gan dídean (38%) nach raibh cáilíocht oideachasúil os cionn leibhéal iar-bhunscoile sóisearaí, i gcomparáid le 27% den phobal i gcoitinne. Thug 955 duine le fios go raibh oideachas go dtí leibhéal iar-bhunscoile sinsearaí acu agus bhí 422 duine a raibh léann tríú leibhéal orthu.

Náisiúntachtaí
Astu siúd a chur a náisiúntacht in iúl, ba náisiúnaigh choigríocha iad 14% de dhaoine gan dídean, i gcomparáid le 11.6% den phobal i gcoitinne. Mar an gcéanna leis an daonra iomlán, náisiúnaigh den Pholainn agus den Ríocht Aontaithe ab iad an dá dream ba mhó. An phríomhdhifríocht a raibh le sainiú ná go raibh tuilleadh duine de bhunadh an RA ná na Polainne ann i measc daoine gan dídean.

 
Sláinte ní ba mheasa agus ráta ní b’airde míchumais i measc daoine gan dídean
Níor bhraith ach 62% de dhaoine gan dídean go raibh sláinte mhaith nó an-mhaith acu, i gcomparáid le 87% den daonra iomlán. Ar an taobh eile den scéal, thug 19% de dhaoine gan dídean le fios go raibh sláinte réasúnta nó dona nó an-dona acu, sciar beagnach dhá oiread ní ba mhó ná an 9.6% i gcás an phobail i gcoitinne.

Bhí an ráta míchumais i measc daoine gan dídean dhá uair chomh mór leis an bpobal i gcoitinne; 1,871 duine (27%) a luaigh go raibh míchumas acu, é sin i gcomparáid le ráta ginearálta náisiúnta de 13.5%.

 
Daoine gan dídean i gCóiríocht Éigeandála / ag coladh amuigh
Áiríodh 2,887 duine (díreach faoi bhun 42%) a bheith i gCóiríocht Phríobháideach Éigeandála, agus 2,681 eile i gCóiríocht Shealadach faoi Thacaíocht. Bhí 1,144 duine sa mbreis air seo i gCóiríocht Shealadach Éigeandála.

Ina theannta sin, taifeadadh 123 duine ag coladh amuigh sa tír ar oíche an daonáirimh; 102 duine díobh i mBaile Átha Cliath. Ba fhireannaigh iad 104 (85%) de dhaoine ag coladh amuigh.

Léirítear sa tábla thíos dáileadh daoine gan dídean sa tír de réir réigiúin, mar a shainítear sna Pleananna Gníomhaíochta don Easpa Dídine Réigiúnach.

 

 Réigiún Fireannach Baineannach  Iomlán
Baile Átha Cliath  2,802  2,207  5,009
 Iardheisceart  285  186  471
 Lár-Iarthair  265  131  396
 Oirdheisceart  203  120  323
Lár-Oirthir  163  68  231
Iarthar  119  70  189
Oirthuaisceart  100  53  153
Lár na Tíre  50  44  94
Iarthuaisceart  31  9  40
IOMLÁN  4,018  2,888  6,906

 

Nótaí d'Eagarthóirí:
  • Áiríodh daoine gan dídean ar oíche an daonáirimh de réir an áit ina gcaith siad an oíche seachas ar bhonn féintuairiscthe. Thángthas ar an gcur chuige comhaontaithe seo i measc na heagrais leasmhara móra i soláthar seirbhísí do dhaoine gan dídean. Rinneadh áireamh ar dhaoine ag coladh amuigh ar oíche an daonáirimh chomh maith. B’iad na húdaráis áitiúla go príomha a thug faoin obair seo. Chun teacht ar tuilleadh eolais faoin modheolaíocht a úsáideadh, féach na Nótaí Chúlra sa tuarascáil.
  • Ní thógtar daoine i gCóiríocht Fadtéarmach (LTA) san áireamh sna príomhthorthaí den tuarascáil seo, mar a aontaíodh roimh ré le grúpaí leasmhara. Fiú agus leibhéal áirithe tacaíochta a bheith ag teastáil ón dream seo, glactar leo den chuid is mó mar tionóntaí agus mar sin fágtar ar lár ó na príomhthorthaí iad. Áiríodh 1,772 duine aonair i gCóiríocht Fadtéarmach ar oíche an daonáirimh.
  • Is féidir teacht ar an tuarascáil iomlán ar shuíomh gréasáin na hOifige ar www.cso.ie/en/baile/daonaireamh mar aon leis na sraitheanna sonraí ábhartha. Tá fáil ar na sonraí seo i raon táblaí idirghníomhacha gréasáin; formáid trína bhféidir leis an úsáideoir na sonraí a bhfuil spéis aige/aici iontu a roghnú, saintáblaí a dhéanamh díobh seo agus na táblaí a íoslódáil chun a (h)anailís féin a dhéanamh orthu.
  • Baineann na figiúirí daonáirimh leis an daonra de facto, .i. is ionann an daonra a cláraíodh do cheantar agus gach duine a bhí i láthair sa limistéar sin ar oíche an Domhnaigh, an 24 Aibreán 2016 chomh maith le gach duine a bhain an áit amach ar mhaidin an Luain, an 25 Aibreán 2016 nár áiríodh iad i gceantar eile. Cuirtear daoine ar bord longa san áireamh i ndaonra an cheantair is cóngaraí dóibh. San áireamh sna figiúirí seo, mar sin, tá cuairteoirí a bhí i láthair ar oíche an Daonáirimh i dteannta daoine le cónaí orthu sa cheantar. Fágtar gnáthchónaitheoirí an cheantair ar lár sa chás go raibh siad as láthair go sealadach ar an oíche.
  • Ba é comhaireamh de facto an daonra in Aibreán 2016 ná 4,761,865 duine a fhad is a bhí figiúir iomlán de 4,689,921 duine le gnáthchónaí orthu sa tír – difríocht de 71,944 duine (1.5%). Baintear úsáid as figiúir na ngnáthchónaitheoirí chun anailís a dhéanamh ar thopaicí ar nós náisiúntacht, líonta tí agus teaghlaigh.1
  • Is í seo an cúigiú tuarascáil i sraith de aon phróifíl dhéag théamacha ar thorthaí Dhaonáireamh 2016. Ina dteannta sin, tá dhá Thuarascáil Achoimre foilsithe faoin ama seo ag an bPríomh-Oifig Staidrimh ina léirítear chéadtorthaí gach réimse a clúdaíodh sa daonáireamh. Foilseofar an chéad phróifíl théamach eile, Próifíl 6 – Comaitéireacht in Éirinn ar an 31 Lúnasa. Sna tuarascáil eile atá le teacht díreofar ar Lucht Siúil na hÉireann, eitneachas agus creideamh; sláinte, míchumas agus cúramóirí; oideachas, scileanna agus an Ghaeilge; agus fostaíocht, slite beatha agus tionsclaíocht, i measc ábhar eile. Is féidir teacht ar an sceideal foilsithe iomlán agus na tuarascálacha a foilsíodh go dtí seo ar http://www.cso.ie/en/baile/daonaireamh.

 

1Sainítear ‘teaghlach’ mar chlann nó aonad teaghlaigh. Sainítear ‘líon tí’ mar ghrúpa daoine atá ag cur fúthu in aonad cónaithe amháin.

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Brendan Murphy (+353) 1 895 1329 nó Saincheisteanna Daonáirimh (+353) 1 895 1460

nó seol ríomhphost chuig census@cso.ie

-- CRÍOCH --