27 Iúil 2017
Foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) tuarascáil inniu (27ú Iúil 2017), Próifíl 4 Líonta Tí agus Teaghlaigh, an ceann is déanaí i sraith de thuarascálacha téamacha ar Dhaonáireamh 2016. Léirítear sa tuarascáil go raibh 1,218,370 teaghlach sa Stát ar oíche an daonáirimh, méadú 3.3% ó bhí 2011 ann. Níor tháinig athrú ar an meánlíon páistí in aghaidh an teaghlaigh, le figiúr seasta de 1.38 páiste anuraidh ionann le toradh Dhaonáireamh 2011.
Deir Deirdre Cullen, Staitisteoir Sinsearach: “Sa phróifíl seo ar Líonta Tí agus Teaghlaigh, déantar iniúchadh ar chomhdhéanamh teaghlaigh agus ar shocruithe maireachtála i measc dhaonra na hÉireann mar a bhí in Aibreán 2016. Tugtar lear mór faisnéise agus anailís ann ar thopaicí ar nós stádas pósta, páirtnéireachtaí sibhialta comhghnéis, mar aon leis na cineálacha agus méideanna éagsúla teaghlach agus líonta tí sa Stát.”
Tá fáil ar thuarascáil an lae inniu ar shuíomh gréasáin na hOifige anseo Daonáireamh 2016: Próifíl 4 - Líonta tí agus Teaghlaigh
Daoine singile
In Aibreán 2016, bhí sciar 41.1% de dhaonra na hÉireann in aois 15 bliana nó os a cionn singil, ionann le 1,544,862 duine. Astu seo, chónaigh os cionn aon trian de dhaoine singile (36%) i gcathracha, 34% díobh i gceantracha tuatha agus an 30% eile díobh i gceantracha uirbeacha eile (seachas cathracha).
Daoine Pósta
Tháinig méadú 4.9% ar an líon daoine pósta go 1,792,151 duine san iomlán. B’ionann daoine pósta (daoine athphósta san áireamh) agus 47.7% den daonra anuraidh. I 2016 chomh maith, ba mhó seans ag baineannaigh a bheith pósta ná singil faoin am a raibh siad 33 bliana d’aois. Ba é 35 bliana an aois chomhionann i measc fireannach.
Páirtnéireachtaí sibhialta comhghnéis
Thug 4,226 duine le fios go rabhadar i bpáirtnéireacht cláraithe sibhialta comhghnéis anuraidh (an chéad uair don chatagóir seo a bheith taifeadta i ndaonáireamh na hÉireann). Ba fireannaigh iad móramh na daoine seo; 2,526 (59.8%).
Daoine scartha / colscartha / athphósta
Tháinig borradh 8.9% ar an méid daoine scartha nó colscartha go 222,073 i gcomparáid le hAibreán 2011. Bhí 127,149 baineannach scartha nó colscartha ann agus 94,924 fireannach. An aois ba choitianta a bhí ann don scaradh nó don cholscaradh ná 53 bliana. Bhí duine as gach cúigear d’fhir scartha/colscartha ina gcónaí i líonta tí ina raibh páistí, é sin i gcomórtas le 50% de mhná scartha/colscartha.
Léirítear i dtorthaí Dhaonáireamh 2016 go raibh 61,729 duine athphósta sa tír, méadú 17.1% thar tréimhse cúig bliana ach níos moille ná an méadú 27% a chonacthas sa tréimhse 2006-2011.
Baintreacha agus baintreacha fir
Bhí 196,227 duine ina mbaintreacha nó ina mbaintreacha fir. B’ionann an líon seo agus sciar 5.2% den daonra in aois 15 nó os a cionn, é sin i gcomparáid le sciar 5.3% sa bhliain 2011. É sin ráite, tháinig méadú 5,168 ar an líon baintreacha agus baintreacha fir sa tréimhse céanna.
Méadú ar líon na dteaghlach
Tá méadú 51% feicthe ar líon na dteaghlach sa Stát ó Dhaonáireamh 1996 i leith. Bhí 1,218,370 teaghlach in Éirinn in Aibreán 2016. I measc teaghlach le páistí, chonacthas méadú i líon na lánúineacha pósta, na lánúineacha in aontíos agus na dteaghlach aontuismitheora. Méadú 25.4% a bhí ann i gcás lánúineacha in aontíos.
Moill ar laghdú i méid na clainne
Chonacthas méadú 28,255 ar líon na dteaghlach le clann go 862,721 san iomlán. Ó thaobh méid an teaghlaigh de, bhí 62,192 teaghlach ina raibh 4 páiste nó níos mó agus 4,352 ceann ina raibh 6 páiste nó níos mó. Fágadh an meánlíon páistí in aghaidh an teaghlaigh gan aon athrú anuraidh (1.38 páiste), seo i ndiaidh laghdú soiléir san fhigiúr idir 1996 agus 2006.
Máithreacha aonair i bhfeighil ní ba mhó ar theaghlaigh aontuismitheora, aithreacha aonair i bhfad ní ba shine
As an 218,817 teaghlach aontuismitheora a taifeadadh i nDaonáireamh 2016, bhí máithreacha aonair i bhfeighil ar an bhformhór díobh (189,112). Bhí páiste amháin i mbeagán le cois leath de theaghlaigh aontuismitheora (125,840). Go hiondúil, bhí athraitheacha aonair i bhfad ní ba shine, le 68% díobh in aois 50 bliain nó os a cionn, i gcomparáid le 38.3% de mháithreacha aonair.
Bhí faoi bhun leath de thuismitheoirí sa chineál seo teaghlaigh i mbun oibre (47.8%), é sin i gcomparáide le sciar 70.2% de thuismitheoirí i dteaghlaigh dáthuismitheora.
Tuilleadh fear ná mná mar pháistí lán-aoise ag cur fúthu le tuismitheoirí
I nDaonáireamh 2016, rinneadh taifead ar 458,874 duine in aois 18 mbliana agus os a cionn a bhí ag cur fúthu lena dtuismitheoirí, méadú 4.4% ar an daonáireamh roimhe. Ba fireannaigh iad 58.6% den dream seo. Áiríodh faoi bhun leath de na daoine seo (215,088) a bheith i mbun oibre, a fhad is a bhí 66,516 duine díobh dífhostaithe agus 152,269 i mbun staidéir.
Beagnach 400,000 daoine ag maireachtáil ina n-aonar
Thug 399,815 duine le fios in Aibreán 2016 go raibh siad ag maireachtáil ina n-aonar; 204,296 baineannach agus 195,519 fireannach. Astu seo, bhí 39.2% in aois 65 bliain nó os a cionn. Bhí os cionn leath (52.6%) de na daoine seo singil, agus díreach faoi bhun aon cheathrú díobh ina mbaintreacha nó ina mbaintreacha fir. Ba fireannaigh iad triúr as gach cúigear de dhaoine 25-49 mbliana d’aois ag maireachtáil ina n-aonar. Bhí sé ní ba choitianta ag fir a bheith singil chomh maith; 62.0% díobh gan pósadh i gcomparáid le 43.6% de mhná. Ar an taobh eile de, bhí sciar ní ba lú fear (12.5%) ná mná (36.6%) i maireachtáil aonair tar éis céile a chailliúint.
1Sainítear ‘teaghlach’ mar chlann nó aonad teaghlaigh. Sainítear ‘líon tí’ mar ghrúpa daoine atá ag cur fúthu in aonad cónaithe amháin.
Brendan Murphy (+353) 1 895 1305 nó Saincheisteanna Daonáirimh (+353) 1 895 1460
nó seol ríomhphost chuig census@cso.ie
-- CRÍOCH --