Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

Buaicphointí ó Mhol na mBan agus na bhFear in Éirinn, Márta 2025

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

Eolas faoi Shaol na mBan agus na bhFear in Éirinn i Márta 2025

  •  I mí Eanáir 2025, ba mhná iad 20% d’Airí Rialtais in Éirinn agus ba mhná iad 43% d’Fheisirí na tíre i bParlaimint na hEorpa. 

  • Sa ráithe deiridh de 2024, díobh siúd a bhí ag obair, 30% de mhná a bhí ag obair go páirtaimseartha i gcomparáid le 13% d’fhir. 

  • Faoin ráithe deiridh in 2024, bhí an ráta dífhostaíochta i measc na bhfear beagán níos airde ag 4.3%, le hais 3.8% do mhná.

  • Sa ráithe deiridh de 2024, ba mhná iad 41.9% díobh siúd a bhí fostaithe go lánaimseartha agus ba fhir 67.3% díobh siúd a bhí fostaithe go páirtaimseartha.

  • In 2022, bhí Éire sa 3ú háit d’fhir agus sa 9ú háit do mhná san Eoraip ó thaobh meánionchas saoil. 

Mol na mBan agus na bhFear in Éirinn

Tá uasdátú foilsithe inniu (5 Márta 2025) ag an bPríomh-Oifig Staidrimh maidir le Mol na mBan agus na bhFear in Éirinn [EN]. Bunaíodh an Mol seo i mí an Mhárta 2024, trí úsáid a bhaint as na sonraí is déanaí ón bPríomh-Oifig Staidrimh agus ó chomhlachtaí seirbhíse poiblí eile, chun láithreán ilfhreastail cuimsitheach do shonraí comhionannais a bhaineann le mná agus fir in Éirinn a chur ar fáil. (Féach ar Nóta an Eagarthóra thíos i gcomhair breis eolais).Tá na sonraí roinnte i sé phríomhthéama:Comhionannas Inscne; Obair; Oideachas; Sláinte; Sábháilteacht agus Slándáil; agus Iompar.

Ag labhairt di faoi Mhol na mBan agus na bhFear in Éirinn, dúirt Laura Delaney, staitisteoir san Aonad Comhordaithe Córas Staitisticí;“Sna laethanta roimh Lá Idirnáisiúnta na mBan ar an 8 Márta, 2025, tá sé spéisiúil athbhreithniú a dhéanamh ar na sonraí atá ar Mhol na Príomh-Oifige Staidrimh maidir le Mná agus Fir in Éirinn. Cuirtear sonraí i láthair ar an mol a bhaineann le saol na mban agus na bhfear faoi sé théama thábhachtacha Is féidir linn na difríochtaí ó thaobh rogha gairme, patrúin oibre agus tuillimh a fheiceáil. Cuirtear na difríochtaí idir taithí saoil na bhfear agus taithí saoil na mban inár láthair freisin ar an mol i réimsí ar nós oideachas, sláinte agus sábháilteacht.

Má bhreathnaíonn muid ar chuid de na sonraí is déanaí atá ar fáil ar an Mol, feiceann muid gur thit líon na mban a ceapadh ina nAirí Rialtais in Éirinn i mí Eanáir 2025 ó 27% sa Rialtas roimhe seo go dtí 20%.

Anuas air sin, bhí laghdú de réir céatadáin ar líon na mban a ceapadh ina nAirí Stáit ó 30% go 26% sa Rialtas nuabhunaithe. Cé gur ceapadh an líon céanna ban ina nAirí Stáit (seisear), tháinig méadú ar líon na n-aireachtaí sin.

Is díol spéise freisin é go raibh an ráta dífhostaíochta i measc na bhfear beagán níos airde ag 4.3%, le hais 3.8% do mhná faoin ráithe deireadh de 2024.

Mholfadh muid don uile dhuine scrúdú a dhéanamh ar an eolas atá ar fáil ar an Mol a sheol an Phríomh-Oifig Staidrimh i Márta 2024 chun freastal ar an éileamh breise atá ag teacht go leanúnach ar shonraí tráthúla bunaithe ar chomhionannas. 

Is acmhainn eolais aonair í seo ar ár suíomh idirlín a bhailíonn agus a dhéanann uasdátú go huathoibríoch ar staitisticí a bhaineann le mná agus fir faoi mar a fhoilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh agus eagraíochtaí earnála poiblí iad.  Tá an Mol deartha ionas go ndéanfar uasdátú níos minicí ar na sonraí faoi Mhná agus Fir in Éirinn agus chun an próiséas lena gcuardach agus lena n-aimsiú a dhéanamh níos simplí.

Nótaí d'Eagarthóirí

Cuirtear réimse sonraí mionsonraithe faoin gcomhionannas a bhaineann le réimse téamaí ar fáil ar Mhol na mBan agus na bhFear in Éirinn [EN], a bhunaigh an Phríomh-Oifig Staidrimh i Márta 2024. Déantar athnuachan ar shonraí na Príomh-Oifige Staidrimh ar an Mol de réir mar a fhoilsítear eisiúintí nua agus déantar uasdátú ar na sonraí ó fhoinsí eile go huathoibríoch de réir mar a bhíonn siad ar fáil. Úsáideann an Mol ár dtairseach sonraí oscailte, data.cso.ie nó PxStat, a ligeann d'úsáideoirí sonraí atá ábhartha dóibh a chuardach, iad a íoslódáil agus íomhánna a chruthú astu ar an mbealach is fearr a oireann dóibh.  

Tá solúbthacht ag baint le struchtúr an Mhoil chun go mbeifear in ann sonraí nua a chur leis de réir mar a bhíonn siad ar fáil, mar aon le hábhair nua a áireamh, agus nuashonruithe níos rialta a dhéanamh. Fáilteoidh an Phríomh-Oifig Staidrimh roimh mholtaí nó ráitis ó úsáideoirí an ardáin seo. Is féidir iad a sheoladh chuig sscu@cso.ie.

Teagmhálaithe

R-phost sscu@cso.ie
R-phostpressoffice@cso.ie

-- CRÍOCH --