Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

Suirbhé Píolótach Daonáirimh 2024 Lú

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh ag iarraidh ar dhaoine i gContae Lú cabhrú léi tástáil a dhéanamh ar fhoirm dhaonáirimh nua stairiúil ar líne

Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh inniu (09 Meán Fómhair 2024) ag iarraidh ar theaghlaigh i limistéir i gContae Lú an Suirbhé Píolótach Daonáirimh a líonadh isteach. Is cuid ríthábhachtach é an Suirbhé seo den ullmhúchán atá ar bun don chéad daonáireamh eile in Éirinn sa bhliain 2027. Is é seo an chéad daonáireamh riamh i stair na hÉireann a mbeidh an rogha ag an bpobal foirm an daonáirimh a líonadh isteach ar líne. Déanfar ceisteanna nua agus an rogha ar líne a thástáil leis an Suirbhé Píolótach Daonáirimh.

Tá Contae Lú ar cheann de na contaetha a roghnaíodh don Suirbhé Píolótach Daonáirimh atá ar siúl i 44 láthair i sé chontae ar fad.

I measc na gceantar rannpháirteach i gContae Lú tá limistéir de na ceantair seo a leanas:

  • Droichead Átha uirbeach
  • Mainistir Bhuithe

Tá liosta níos mionsonraithe agus léarscáileanna den sé cheantar i gContae Lú a roghnaíodh chun bheith páirteach ar fáil ar censuspilot.ie. Roghnaíodh na ceantair chun ionadaíocht fhorleathan a dhéanamh ar na daoine atá ina gcónaí in Éirinn agus is meascán de cheantair uirbeacha agus thuaithe iad.

Seoladh litreacha cuiridh chuig tithe sna ceantair phíolótacha roghnaithe, ina mínítear an chaoi leis an bhfoirm a líonadh isteach ar líne. Mínítear iontu freisin an chaoi le foirm pháipéir a fháil. Chomh maith leis sin, den chéad uair, is de réir na háite a mbíonn cónaí ort de ghnáth a bheidh na foirmeacha le líonadh isteach agus is féidir iad a líonadh isteach am ar bith idir seo agus oíche oifigiúil an tSuirbhé Phíolótaigh Daonáirimh an 22 Meán Fómhair 2024.

Táimid ag iarraidh ar gach líon tí a roghnaítear don Suirbhé seo páirt a ghlacadh ionas gur féidir linn ár rogha ar líne a mheas ar fud réimse gaireas amhail fóin phóca, táibléid nó ríomhairí glúine. Tá na foirmeacha ar líne agus na foirmeacha páipéir ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla.

Tabharfaidh Oifigigh Tacaíochta Allamuigh Daonáirimh (ar tugadh áiritheoirí orthu roimhe seo) cuairt ar áiteanna cónaithe sna ceantair roghnaithe sna seachtainí amach romhainn chun daoine a chur ar an eolas faoin Suirbhé Píolótach Daonáirimh agus chun iad a spreagadh páirt a ghlacadh. Beidh siad ag caitheamh veisteanna sofheicthe buí a bheidh brandáilte go soiléir leis an bhfocal "Census" agus beidh cártaí oifigiúla aitheantais na Príomh-Oifige Staidrimh acu agus ba cheart duit ceist a chur orthu na cártaí sin a thaispeáint duit.

Maidir leis an Suirbhé Píolótach Daonáirimh

Mar is amhlaidh le gach Suirbhé Píolótach Daonáirimh roimhe seo, déanfaidh an Phríomh-Oifig Staidrimh tástáil ar cheisteanna nua agus ar cheisteanna atá athraithe roimh Dhaonáireamh 2027. Déantar sin lena chinntiú go dtugann an daonáireamh léargas cruinn ar shochaí na tíre, sochaí atá ag athrú. I measc na gceisteanna nua atá sa Suirbhé Píolótach Daonáirimh seo tá:

  • an áit a ndéantar carr/carranna an lín tí a pháirceáil i gcaitheamh na hoíche chun tuiscint a fháil ar áiteanna a bhféadfaí luchtairí leictreacha a lonnú
  • cibé an ionann nó nach ionann an inscne atá agat agus an gnéas a bhí agat ar theacht ar an saol duit
  • claonadh gnéis
  • an chaoi a dtabharfá féin tuairisc ar do mheabhairshláinte.

Cuireadh na ceisteanna nua seo le chéile, chomh maith le hathruithe ar cheisteanna reatha an daonáirimh, mar thoradh ar chomhairliúchán poiblí ar ábhar a d’fhéadfadh a bheith ar fhoirm Dhaonáireamh 2027. Nuair a bheidh anailís déanta ar na freagraí, úsáidfear iad chun moltaí deiridh an Ghrúpa Chomhairligh Daonáirimh a threorú. Beidh ábhar deiridh cheistneoir Dhaonáirimh 2027 faoi réir cheadú an Rialtais.

Tá an Suirbhé Píolótach Daonáirimh páirtmhaoinithe ag an bPlean Náisiúnta Téarnaimh Athléimneachta (NRRP).

Ráiteas an Staitisteora

Is éard a dúirt Eileen Murphy, Ceann Riaracháin  Daonáirimh: Má fhaigheann tú ár litir chuiridh chun bheith páirteach sa Suirbhé Píolótach Daonáirimh, glac páirt, le do thoil. Teastaíonn do chabhair uainn agus ní féidir linn é seo a dhéanamh de d'uireasa. Má ghlacann tú an t-am an Suirbhé a líonadh isteach ar líne, tabharfaidh tú aiseolas riachtanach dúinn maidir le do thaithí ar an bhfoirm ar líne, agus cibé an raibh na ceisteanna intuigthe nó nach raibh.

Go traidisiúnta, is é cuspóir daonáirimh phíolótaigh ceisteanna nua agus ceisteanna atá athraithe a thástáil don chéad daonáireamh eile. I gcás an tSuirbhé Phíolótaigh Daonáirimh seo, ní hamháin go gcuideoidh an Suirbhé linn ceisteanna nua a thástáil, ach tá sé tábhachtach freisin rogha ar líne a thástáil den chéad uair i stair dhaonáireamh na hÉireann.

Foilseofar tuarascáil ar an Suirbhé Píolótach Daonáirimh sa bhliain 2025

Nótaí d'Eagarthóirí

Teagmhálaithe

Kathleen Goulding (+353) 1 895 1413
Tony Downes (+353) 1 895 1319
R-phost censuspublicity@cso.ie
R-phostpressoffice@cso.ie