Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

Preasráiteas an Suirbhé Píolótach Daonáirimh - Bí Páirteach i Suirbhé Stairiúil an deireadh seachtaine seo in Uíbh Fhailí

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh ag iarraidh ar dhaoine in Uíbh Fhailí a bheith páirteach sa chéad Suirbhé Piolótach Daonáirimh, an chéad uair riamh i stair na hÉireann a bheidh an suirbhé ar fáil ar líne

Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh inniu (an 19 Meán Fómhair) ag iarraidh ar líonta tí in Uíbh Fhailí páirt a ghlacadh sa Suirbhé Píolótach Daonáirimh ar lá an tSuirbhé Phíolótaigh Daonáirimh, Dé Domhnaigh an 22 Meán Fómhair, nó roimhe.

Is deis é do líonta tí in Uíbh Fhailí a roghnaíodh chun páirt a ghlacadh sa Suirbhé Píolótach Daonáirimh foirm dhaonáirimh a líonadh isteach ar líne den chéad uair riamh i stair na hÉireann. Cé gur suirbhé deonach é an suirbhé píolótach seo, a chuireann ar chumas na Príomh-Oifige Staidrimh tástáil a dhéanamh ar cheisteanna nua agus ar bhealaí nua chun d’fhoirm dhaonáirimh a líonadh isteach, cuirfidh na freagraí agus an t-aiseolas a fhaightear eolas ríthábhachtach ar fáil chun cuidiú leis an bPríomh-Oifig Staidrimh ullmhú don chéad Daonáireamh eile in 2027.  Tá foirmeacha páipéir ar fáil freisin i nGaeilge agus i mBéarla.

Tá litreacha cuiridh seolta chuig líonta tí sna sé cheantar atá roghnaithe in Uíbh Fhailí, atá sna limistéir seo a leanas:

  • An Féar Bán
  • Cill Chormaic
  • Tulach Mhór

Táimid ag iarraidh ar líonta tí a bhfuil ceann de na litreacha cuiridh sin faighte acu páirt a ghlacadh an deireadh seachtaine seo. Fiú mura bhfuil litir faighte agat is féidir leat páirt a ghlacadh trí dul chuig censuspilot.ie.

Freagraí go dtí seo

Tá foirmeacha líonta isteach agus aiseolas faighte go dtí seo ó líonta tí a d’úsáid fóin phóca, ríomhairí glúine/ríomhairí baile agus táibléid, agus bhí líon na líonta tí a bhain úsáid as fóin phóca agus líon na líonta tí a bhain úsáid as ríomhairí glúine/ríomhairí baile beagnach leath is leath. Bhain líon níos lú daoine úsáid as táibléad. Trí úsáid a bhaint as raon gaireas chun an fhoirm a líonadh isteach, cuideofar leis an bPríomh-Oifig Staidrimh meastóireacht níos forleithne a dhéanamh ar an rogha ar líne roimh Dhaonáireamh 2027. Tá roinnt foirmeacha páipéir faighte ar ais againn freisin.

Ón tseachtain seo chugainn ar aghaidh tabharfaidh Oifigigh Tacaíochta Allamuigh Daonáirimh (ar tugadh áiritheoirí orthu roimhe seo) cuairt ar áiteanna cónaithe sna ceantair roghnaithe chun daoine a chur ar eolas faoin Suirbhé Píolótach Daonáirimh agus chun iad a spreagadh páirt a ghlacadh. Beidh siad ag caitheamh veisteanna sofheicthe buí a bheidh brandáilte go soiléir leis an bhfocal "Census" agus beidh cártaí oifigiúla aitheantais na Príomh-Oifige Staidrimh acu agus ba cheart duit ceist a chur orthu na cártaí sin a thaispeáint duit. 

Buíochas le gach duine in Uíbh Fhailí a bhfuil a bhfoirmeacha líonta isteach cheana féin acu agus a bhfuil aiseolas faighte uathu. Ní fhéadfaí é seo a dhéanamh do bhur n-uireasa.

Ráiteas an Staitisteora

Is éard a dúirt Eileen Murphy, Ceann um Riar Daonáireamh: “Táimid fíorbhuíoch as na foirmeacha agus as an aiseolas a fuarthas go dtí seo. De réir mar atá Lá an tSuirbhé Phíolótaigh Daonáirimh, a bheidh ar siúl an Domhnach seo, ag druidim linn, iarraimid ar mhuintir Uíbh Fhailí cuidiú agus tacaíocht a thabhairt dúinn trí pháirt a ghlacadh. Ní fhéadfaí é seo a dhéanamh do bhur n-uireasa. Má chuireann tú am i leataobh chun an Suirbhé a líonadh isteach ar líne, tabharfaidh tú aiseolas riachtanach dúinn maidir le do thaithí ar an bhfoirm ar líne nó ar pháipéar agus cibé an raibh na ceisteanna intuigthe nó nach raibh.

Tá ár líne theileafóin, 1800 202409, agus an suíomh gréasáin, censuspilot.ie, ar fáil chun teagmháil a dhéanamh linn má tá cuidiú uait páirt a ghlacadh.

Go traidisiúnta, is é cuspóir daonáirimh phíolótaigh ceisteanna nua agus ceisteanna atá athraithe a thástáil don chéad daonáireamh eile. I gcás an tSuirbhé Phíolótaigh Daonáirimh seo, ní hamháin go gcuideoidh an Suirbhé linn ceisteanna nua a thástáil, ach tá sé tábhachtach freisin rogha ar líne a thástáil den chéad uair i stair dhaonáireamh na hÉireann.”

Maidir leis an Suirbhé Píolótach Daonáirimh

Tá an Suirbhé Píolótach Daonáirimh ar siúl faoi láthair i 44 láthair i sé chontae, Corcaigh, Baile Átha Cliath, Cill Chainnigh, Lú, Maigh Eo agus Uíbh Fhailí. Roghnaíodh na ceantair sin chun ionadaíocht fhorleathan a dhéanamh ar na daoine atá ina gcónaí in Éirinn agus is meascán de cheantair uirbeacha agus thuaithe iad. Tá léarscáileanna de na ceantair a roghnaíodh le bheith páirteach ar fáil ar censuspilot.ie.

Mar is amhlaidh le gach Suirbhé Píolótach Daonáirimh roimhe seo, déanfaidh an Phríomh-Oifig Staidrimh tástáil ar cheisteanna nua agus ar cheisteanna atá athraithe roimh Dhaonáireamh 2027. Déantar sin lena chinntiú go dtugann an daonáireamh léargas cruinn ar shochaí na tíre, sochaí atá ag athrú. I measc na gceisteanna nua atá sa Suirbhé Píolótach Daonáirimh seo tá:

  • an áit a ndéantar carr/carranna an lín tí a pháirceáil i gcaitheamh na hoíche chun tuiscint a fháil ar áiteanna a bhféadfaí luchtairí leictreacha a lonnú
  • cibé an ionann nó nach ionann an inscne atá agat agus an gnéas a bhí agat ar theacht ar an saol duit
  • claonadh gnéis
  • an chaoi a dtabharfá féin tuairisc ar do mheabhairshláinte.

Cuireadh na ceisteanna nua seo le chéile, chomh maith le hathruithe ar cheisteanna reatha an daonáirimh, mar thoradh ar chomhairliúchán poiblí ar ábhar a d’fhéadfadh a bheith ar fhoirm Dhaonáireamh 2027. Nuair a bheidh anailís déanta ar na freagraí, úsáidfear iad chun moltaí deiridh an Ghrúpa Chomhairligh Daonáirimh a threorú. Beidh ábhar deiridh cheistneoir Dhaonáirimh 2027 faoi réir cheadú an Rialtais. Foilseofar tuarascáil ar an Suirbhé Píolótach Daonáirimh sa bhliain 2025.

Tá an Suirbhé Píolótach Daonáirimh páirtmhaoinithe ag an bPlean Náisiúnta Téarnaimh Athléimneachta (NRRP).

Nótaí d'Eagarthóirí

Teagmhálaithe

Kathleen Goulding (+353) 1 895 1413
Tony Downes (+353) 1 895 1319
R-phost censuspublicity@cso.ie
R-phostpressoffice@cso.ie

-- CRÍOCH --