Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

Sraith Nua maidir leis an bPraghasinnéacs Tomhaltóirí Mí na Nollag 2023=100

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

Seoltar Sraith Nua maidir leis an bPraghasinnéacs Tomhaltóirí maille le Ciseán Leasaithe Earraí agus Seirbhísí

  • Seoltar an bonn is deireanaí maidir leis an bPraghasinnéacs Tomhaltóirí.

  •  Cuirtear earraí nua de leithéid aerfhriochtóirí agus ionadaigh bainne leis an gCiseán Earraí agus Seirbhísí.

  •  Ar na hearraí atá bainte as an gCiseán Earraí agus Seirbhísí, áirítear táille isteach chuig clubanna oíche agus ceamaraí digiteacha.

  • Is fearr is féidir boilsciú a thomhas mar gheall ar na hathruithe ar an modh ina gcruinníonn an Phríomh-Oifig Staidrimh sonraí faoi chaiteachas na líonta tí, an bonn is deireanaí faoin bPraghasinnéacs Tomhaltóirí agus na leasuithe is deireanaí ar chiseán na n-earraí agus na seirbhísí. 

Seoltar Sraith Nua maidir leis an bPraghasinnéacs Tomhaltóirí maille le Ciseán Leasaithe Earraí agus Seirbhísí

D'fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh inniu (an 15 Feabhra 2024) torthaí mhí Eanáir 2024 maidir leis an bPraghasinnéacs Tomhaltóirí. 

Tá an bonnleibhéal nua maidir le Sraith Praghasinnéacs Tomhaltóirí (Mí na Nollag 2023=100) in úsáid i bhfoilseachán Eanáir 2024 maidir leis an bPraghasinnéacs Tomhaltóirí.  Is iondúil athshocrú a dhéanamh gach cúigiú bliain ar bhonnleibhéal Praghasinnéacs Tomhaltóirí agus déantar leasú ar na nithe a thugtar san áireamh leis an gciseán náisiúnta earraí agus seirbhísí i ndáil le hathrú ar nósanna siopadóireachta. Déantar iniúchadh freisin ar mheáchan earraí éagsúla agus ar an tábhacht, maidir leis an sciar de chaiteachas iomlán na líonta tí, a bhíonn le hearraí seachas a chéile chomh maith le hathruithe eile ar na modhanna oibre.

Tugann leasú Praghasinnéacs Tomhaltóirí i ndáil le tréimhse bonnleibhéil nua deis scrúdú a dhéanamh freisin ar na nithe a luaitear leis an gciseán náisiúnta earraí agus seirbhísí, chomh maith leis an meáchan, agus tá sin uilig bunaithe ar an Suirbhé ar Bhuiséad Líonta Tí (SBT) a rinneadh i rith 2022/2023. Tá an leasú maidir le meáchan ag teacht leis an athrú ar nósanna caiteachais na líonta tí ó rinneadh leasú cheana maidir leis an tsraith (Mí na Nollag 2016=100).

Tugtar athrú san áireamh le roinnt de na bearta leasaithe maidir le Roinn na mBialann agus na nÓstán (COICOP 11) faoi Phraghasinnéacs Tomhaltóirí i ndáil le hardú suntasach ar an meáchan atá i mbéilí a itear amuigh agus i ndeochanna caifé a bheirtear amach, an tráth céanna a bhfuil ísliú ón mbliain 2016 i leith ar an meáchan maidir le deoch mheisciúil a cheannaítear i dtithe ósta (Féach an Nóta don Eagarthóir thíos).

Ag trácht dó ar na hathruithe, dúirt Anthony Dawson, Staitisteoir i Rannóg na bPraghsanna: “Tá tábhacht leis an mbonn is deireanaí faoin bPraghasinnéacs Tomhaltóirí agus leis an leasú ar a dtugtar san áireamh sa chiseán earraí agus seirbhísí ar mhaithe lena chinntiú gur féidir leis an bPríomh-Oifig Staidrimh pátrúin maidir le boilsciú a thomhas go beacht. Mí ó shin, d'fhógair an Phríomh-Oifig Staidrimh go mbeidh tiomsú á dhéanamh maidir leis an SBT ó thús go deireadh na bliana feasta in ionad uair gach cúigiú bliain. Fágann an t-athrú sin ar an modh tiomsúcháin maidir leis an SBT agus an leasú seo ar na hearraí a chuirtear san áireamh sa Chiseán Náisiúnta Earraí agus an bonn is deireanaí faoin bPraghasinnéacs Tomhaltóirí gur cruinne is féidir linn rátaí boilscithe in Éirinn a thomhas agus gur fearr an léiriú ar an gcostas maireachtála a bhíonn i bhfoilseacháin na hOifige.”

Seo roinnt de na hathruithe is mó suntas ar a dtugtar san áireamh leis an gciseán earraí agus seirbhísí:

Earraí atá á gcur sa chiseán

Earraí atá á mbaint as an gciseán

Aerfhriochtóirí

Táille isteach chuig Club Oíche

Toitíní leictreonacha aon uaire

Teileafón líne talún

Beoir neamh-mheisciúil

Rollóga Eilvéiseacha

Jin

Ceamaraí Digiteacha

Callairí gan sreang

Fógraí nuachtáin

Uaireadóirí cliste

Seinnteoirí MP4

Nótaí d'Eagarthóirí

Tá liosta iomlán de na hathruithe ar an gciseán earraí agus seirbhísí, maille leis an meáchan a cheaptar le hearraí sa chiseán, ar fáil in Aguisín 2 leis an gcáipéis.

Ceisteanna Coitianta agus físeán buneolais faoi na hathruithe ar fáil chomh maith.

Teagmhálaithe

R-phost cpi@cso.ie

-- CRÍOCH --