Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

Searmanas Bronnta CSO 2024

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

Ócáid Ceiliúrtha do Dhaltaí ag Searmanas Bronnta CSO 2024

Tá an-áthas ar an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) searmanas bronnta a óstáil inniu (15 Deireadh Fómhair 2024) do dhaltaí ó gach cearn den tír a ghlac páirt inár gcomórtais i rith na bliana.

Inniu déantar ceiliúradh ar na buaiteoirí den Ghradam um Úsáid is Fearr Sonraí Oscailte CSO, an Gradam um Úsáid Sonraí Oscailte ag Eacnamaí Óg na Bliana agus den Chomórtas Póstaer Staidrimh John Hooper 2023. Tá an searmanas ar siúl i bPáirc an Chrócaigh inniu ó mheán lae go 1.30i.n.

Buaiteoir an Ghradam um Úsáid Sonraí Oscailte CSO ag Eolaí Óg 2024

Is as Cill Droichid i gCo. Chill Dara í Addison Carey, atá 15 bliana d’aois, agus í sa tríú bhliain i bPobalscoil Chill Droichid. Bhain a togra úsáid as Líonraí Sáraíochta Giniúna (GANanna) chun iniúchadh a dhéanamh ar an nasc idir tosca a théann i bhfeidhm ar an gcostas maireachtála in Éirinn agus teasléaráidí déine idirghníomhacha a fhorbairt chun iad seo a léiriú.

Dúirt sí: ‘Braitheann sé go hiontach chun an gradam seo a bhaint amach, agus táim an-bhródúil as an obair chrua a chuir mé isteach chun an gradam seo a bhuachan.’

Tá suim ag Addison staidéir a dhéanamh ar eolaíocht ríomhaireachta sa todhchaí, agus tabhairt faoi ghairm bheatha sa réimse sin. Bronnadh bonn airgid uirthi agus corn uirthi.

Buaiteoirí don Ghradam CSO ag Eacnamaí Óg na Bliana 2024

Is daltaí sa chúigiú bhliain i gColáiste Thulach Mhór i gCo. Uíbh Fhailí iad Sarah Hannon, Fionnán Murray, agus Bria Daly. Bhuaigh siad an Gradam um Úsáid Sonraí Oscailte ag Eacnamaí Óg na Bliana 2024. Baineann a dtogra leis an luach a chuireann an tionscal cógaisíochta le geilleagar iomlán na hÉireann, agus an rud a dtarlódh dá n-imeodh sé sin go tobann. Rinne siad iniúchadh ar ghnéithe mar Olltáirgeacht Intíre (OTI), fostaíocht agus táscairí eacnamaíochta éagsúla eile, agus an tionchar a bhíonn ag an tionscal cógaisíochta orthu.

Agus an gradam a fháil, dúirt siad: ‘Bhíomar an-bhródúil as a chéile mar gheall ar an gcomhiarracht a chuireamar isteach ann. Ba chúis iontais é bonn óir a fháil ag Eacnamaí Óg na Bliana mar ba é seo an chéad uair dúinn cur isteach sa chomórtas sin agus ní raibh a fhios againn cén chuma a bheadh ar na tionscadail eile.’

Amach anseo, ba mhaith le Bria dul i mbun cógaisíochta, ba mhaith le Sarah tabhairt faoi ghairm a bhaineann le heacnamaíocht, agus tá suim ag Fionnán tabhairt faoi ghairm san eolaíocht bithleighis. Bronnadh boinn airgid agus corn orthu.

Buaiteoirí don Chomórtas Póstaeir Staidrimh John Hooper

Bhain Emilie Dowdall agus Nick Kuzmin (16 araon) as Scoil Ghramadaí Dhún Dealgan, Co. Lú an chéad áit amach sa Chomórtas Bhonn Staidrimh John Hooper, lena bpóstaer ‘Background Radiation and its Sources in Dundalk’. Bronnadh bonn airgid steirling an duine orthu agus tá duaischiste €600 le roinnt eatarthu. Ina theannta sin, tá €1,000 tuillte acu dá scoil.

Nuair a iarradh a dtuairim faoina mbua, dúirt Emilie agus Nick, atá sa chúigiú bhliain anois: ‘Bhí sé dochreidte a fheiceáil an dea-thoradh ar an obair chrua a chuireamar isteach, mhothaíomar ar bís nuair a fuaireamar an scéala!’

Ba é cuspóir an phóstaeir ná tomhas agus taifead a dhéanamh ar na leibhéil éagsúla radaighníomhaíochta ar fud Dhún Dealgan agus an ceantar máguaird. Rinne siad tomhas ar radaíocht ar fud an bhaile chun a fháil amach an raibh aon phatrún le feiceáil. D’fhoghlaim siad go bhfuil an radaíocht chúlra sa bhaile go hiomlán sábháilte do dhaoine, agus go bhfuil an radaíocht beagáinín níos airde timpeall ar fhoinsí radóin, cosúil le heibhear.

Tar éis dóibh bua a bhaint sa chomórtas náisiúnta, bhí an péire i dteideal ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na hÉireann i gComórtas Staidrimh na hEorpa (CSE) sa Chatagóir Shóisir. Tá Nick ag smaoineamh ar thabhairt faoi ghairm san eolaíocht ríomhaireachta nó b’fhéidir san earnáil cógaisíochta, agus tá Emilie idir dhá chomhairle fós.

Thug Nicole Bujnowska agus Hannah Vaughan, atá sa tríú bhliain i Meánscoil Mhuire gan Smál, Lios Dún Bhearna, Co. an Chláir, duais na dara háite leo sa chomórtas John Hooper. Ba é teideal a bpóstaeir ná ‘An investigation into the covering behaviour of the Purple Sea urchin’. Is éard atá i gceist le ‘covering’ ná nuair a chuireann an cuán mara píosaí sliogáin, clocha beaga nó píosaí feamainne sa mhullach orthu féin. Roinneadh duaischiste €350 idir an bheirt agus tá €650 ag dul dá scoil.  Tá Nicole ag smaoineamh ar thabhairt faoi ghairm san ailtireacht, agus tá Hannah idir dhá chomhairle fós.

Eilidh Lawless agus Caoimhe McCarthy, atá sa tríú bhliain i Meánscoil Mhuire gan Smál chomh maith a tháinig sa tríú háit sa Chomórtas John Hooper. Ba é teideal a bpóstaeir ná ‘Does water temperature affect the righting ability of two species of starfish?’ Roinneadh duaischiste €200 eatarthu agus tá €400 ag dul dá scoil. Ba mhaith le Eilidh tabhairt faoin dlí a fhoghlaim, agus tá Caoimhe ag smaoineamh ar dul leis an múinteoireacht meánscoile.

Fuair na buaiteoirí eile sa Chomórtas John Hooper ardmholadh as a gcuid togra freisin. Tugadh teastas i bhfráma do na buaiteoirí inniu freisin mar aitheantas don mhéid a bhain siad amach i mbliana.

Is í Jennifer Banim, Ard-Stiúrthóir na Príomh-Oifige Staidrimh, a bhronn na duaiseanna ag an searmanas inniu. Thug sé ardmholadh do gach duine a chur isteach ar na comórtais as ucht a bheith ag smaoineamh ar bhealaí nua chun sonraí agus staitisticí a úsáid agus a léiriú ionas go mbeidh bonn eolais ar an saol againn.

Ag labhairt di ag an searmanas, dúirt sí: “Gach bliain bíonn caighdeán iontach ard le feiceáil i measc na hiontrálacha ar Chomórtas John Hooper agus na tograí ábhartha ag an Eolaí Óg don Ghradam um Úsáid Sonraí Oscailte CSO. Léiríonn daltaí idir clisteacht agus cruthaitheacht leis an oiread ábhar éagsúla a roghnaíonn siad dá dtograí.

Cuid lárnach de chlár For-rochtana Oideachais an CSO is iad cothú tuisceana ar staitisticí agus daoine a spreagadh lena n-úsáid. Gnéithe lárnacha den chlár sin iad Comórtas John Hooper, an Gradam Sonraí Oscailte ag Eolaí Óg na Bliana agus an Gradam ag Eacnamaí Óg na Bliana’

Maidir leis an nGradam John Hooper:

Is é is príomhchuspóir ag an CSO le Comórtas John Hooper ná feabhas a chur ar inniúlachtaí daltaí chun cur síos a dhéanamh ar a dtimpeallacht, chun breathnú thart air agus chun é a iniúchadh. Tá an comórtas náisiúnta seo, atá ar an bhfód le ceithre bliana déag, oscailte do dhaltaí aonair nó foirne de bheirt nó triúr dalta, atá 18 mbliana d’aois nó níos óige.

Tá an comórtas seo ainmnithe in ómós don Chorcaíoch a ceapadh ina chéad Stiúrthóir Staidrimh ar Shaorstát Éireann in 1923.  Idir sin agus an tráth ar cailleadh é, gan choinne, in 1930 agus é díreach 51 bliain d’aois, chuaigh John Hooper i bhfeidhm go mór ar fhorbairt ábhar staidrimh oifigiúil de chuid an Stáit. Is le linn a shaol oibre a forbraíodh ábhair úra staidrimh (m.sh. an chéad Daonáireamh agus an chéad Mhóráireamh ar Tháirgeadh Tionscail don stát úr, sa bhliain 1926 araon) agus ar achtaíodh an tAcht Staidrimh, 1926.

Maidir leis an nGradam um Úsáid Sonraí Oscailte CSO:

Seo hí an deichiú bhliain den Ghradam um Úsáid is Fearr Sonraí Oscailte CSO ag Taispeántas an Eolaí Óig. Tá sé mar aidhm leis an ngradam daoine óga a spreagadh chun sonraí oscailte a úsáid. Is éard is ciall le sonraí oscailte ná sonraí gur féidir a rochtain, a úsáid, nó a roinnt. Is féidir le daoine aonair agus gnólachtaí leas a bhaint as sonraí oscailte chun críche sóisialta, comhshaoil nó geilleagracha.

Bronntar an gradam as ucht an úsáid, nó an úsáid féideartha, is nuálaí de shonraí an CSO, bíodh sin in anailísí staitistiúla, próisis staitistiúla nó aschur staitistiúil; in uirlis léirmhínithe nó léarscáil sonraí léirmhínithe; i bhforbairt ghléis; i bhfeidhmchlár bogearra nó in úsáid sonraí an CSO ar bhealach nuálach eile.

Maidir leis na Gradaim Náisiúnta d’Eacnamaí Óg na Bliana

Tá na Gradaim Náisiúnta d’Eacnamaí Óg na Bliana eagraithe ag Oide. Tá an CSO an-bhródúil as urraíocht a chur ar fáil don Ghradam um Úsáid Sonraí Oscailte in éineacht le hEacnamaí Óg na Bliana. Spreagann an Comórtas Eacnamaí Óg na Bliana daltaí chun saincheisteanna gnáthshaol a iniúchadh trí dul i mbun tionscadal ar chúrsaí eacnamaíochta a bhaineann le ceann amháin de Spriocanna um Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (Spriocanna eacnamaíochta, Sochaí nó Timpeallachta).

Nótaí d'Eagarthóirí

I gcomhair tuilleadh eolais nó iarratais agallamh, déan teagmháil le:

Aeidín Sheppard, Bainisteoir Imeachtaí, Margaíochta agus Dearadh Grafaic

(+353) 85 800 2267

nó seol ríomhphost chuig eolas@cso.ie

-- CRÍOCH --