Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

Mol Tithíochta seolta ag an bPríomh-Oifig Staidrimh

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

Mol Tithíochta nua seolta ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) ina gcuirtear sonraí tithíochta cuimsitheacha tráthúla ar fáil

  • Bhí laghdú bliantúil 2.4% ar an líon iomlán tithe a ceadaíodh le haghaidh cead pleanála i Ráithe 2 (R2) 2024 go 8,513 aonad, titim ón 8,723 aonad a ceadaíodh i R2 2023.

  • 49,007 aonad cónaithe ar cuireadh tús leo sna chéad naoi mí de 2024 (Eanáir - Meán Fómhair), méadú 23,923 le hais na tréimhse chéanna in 2023.

  • 21,634 teaghais nua a críochnaíodh sna chéad trí ráithe de 2024, sin laghdú 3.1% ón tréimhse chéanna in 2023.

  • Tháinig ardú 11.6% ar phraghsanna tithe agus ardú 7.9% ar phraghsanna árasán i mBaile Átha Cliath sa 12 mhí go dtí mí Lúnasa 2024.

  • €345,000 an meánphraghas tí sa 12 mhí go dtí Lúnasa 2024.

  • I mBaile Átha Cliath a bhí na 10 gcostas cíosa míosúla is airde ar an meán i R1 2024 agus ba i nGleann na gCaorach a bhí an cíos ab airde ag €2,808, bunaithe ar shonraí ón mBord um Thionóntachtaí Cónaithe.

  • €27.43 an meántuilleamh in aghaidh na huaire a bhí daoine a shaothrú san earnáil tógála i R2 2024, ardú ó €24.62 ón ráithe chéanna in 2023.

  • Tríd is tríd, tá feabhas tagtha ar Rátálacha Fuinnimh Foirgnimh (BER) le himeacht ama, rud a léiríonn iarfheistiú, caighdeáin tógála níos airde agus athruithe i bhfoinsí téimh baile.

Mol Tithíochta

Sheol an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) ardán nua inniu (18 Samhain 2024) inar féidir eolas a fháil faoi chúrsaí tithíochta. Is í an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) a d'fhorbair an Mol Tithíochta chun fónamh mar fhoinse aonair d’eolas tábhachtach tithíochta trí úsáid a bhaint as na sonraí is déanaí ón bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) agus ó chomhlachtaí seirbhíse poiblí eile. Tá sé seo mar chuid de shraith mol atá á bhforbairt ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) chun feabhas a chur ar rochtain atá ar staitisticí tráthúla agus tábhachtacha ar fud na bpríomhréimsí beartais.

Cuireann an Mol Tithíochta nua raon leathan faisnéise ar fáil, atá briste síos i gceithre phríomhthéama: Tógáil Tithe; Praghsanna & Cíosanna Tithe; An Costas a bhaineann le Tithe a Thógáil, agus Gnéithe Tithíochta.

Ciallaíonn an t-ionad ilfhreastail seo le haghaidh sonraí tithíochta go mbeidh úsáideoirí in ann an t-eolas is cothroime le dáta a aimsiú go héasca ar ábhair amhail ceadanna pleanála, tús a bheith curtha le haonaid tithíochta, críoch a bheith curtha le teaghaisí nua, praghsanna tithe, cíosanna, praghsanna tomhaltóirí, costas ábhar tógála, costais saothair in earnáil na tógála, Rátálacha Fuinnimh Foirgnimh (BER) agus clúdach idirlín.

Déanfar sonraí na Príomh-Oifige Staidrimh sa Mhol seo a nuashonrú de réir mar a fhoilseofar eisiúintí nua agus déanfar sonraí ó fhoinsí eile a nuashonrú go huathoibríoch a luaithe a bheidh siad ar fáil. Foilseofar léargas bliantúil ar na torthaí trí úsáid a bhaint as na sonraí is déanaí ón Mol freisin. Úsáideann an Mol ár dtairseach sonraí oscailte, data.cso.ie nó PxStat, a ligeann d'úsáideoirí sonraí atá ábhartha dóibh a chuardach, iad a íoslódáil agus íomhánna a chruthú astu ar an mbealach is fearr a oireann dóibh. 

Ráiteas an Staitisteora 

Ag labhairt dó faoin Mol Tithíochta, dúirt Steven Conroy, Staitisteoir sa Rannóg Tithíochta: 

“Is é cuspóir an Mhoil Tithíochta nua seo staitisticí maidir le tithíocht in Éirinn a thiomsú ón bPríomh-Oifig Staidrimh agus ó eagraíochtaí eile san earnáil phoiblí in áit amháin atá éasca le haimsiú. Tugann an Mol Tithíochta rochtain éasca d'úsáideoirí ar na sonraí is reatha ar raon príomhstaitisticí a bhaineann le tithíocht de réir mar a fhoilsítear iad ar ár dtairseach sonraí oscailte, PxStat. Tá solúbthacht ag baint le struchtúr an Mhoil chun go mbeifear in ann sonraí nua a chur leis de réir mar a bhíonn siad ar fáil, mar aon le hábhair nua a áireamh, agus nuashonruithe níos rialta a dhéanamh. 

Cuidíonn an ghrafaic léargais a ghabhann leis an Mol Tithíochta le sonraí tithíochta a chur i gcomhthéacs trí úsáid a bhaint as staitisticí déimeagrafacha ó Dhaonáirimh 2011, 2016, agus 2022 agus sonraí riaracháin eile. Léiríonn sé an chaoi a bhfuil an daonra ag fás ag ráta níos airde ná an stoc tithíochta, go bhfuil céatadán níos airde d'aosaigh óga (idir 20-34 bliain d'aois) ina gcónaí sa bhaile lena dtuismitheoirí, agus an chaoi a bhfuil praghsanna cíosa agus tithe ag dul i méid.

Is mór ag Rannóg Tithíochta na Príomh-Oifige Staidrimh na rannáin inmheánacha éagsúla sa Phríomh-Oifig Staidrimh a chabhraigh leis an Mol Tithíochta nua seo a fhorbairt. Tugaimid aitheantas freisin don Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, agus don Bhord um Thionóntachtaí Cónaithe (RTB) as a gcuid sonraí chur ar fáil lena n-úsáid sa Mhol Tithíochta.

Cuirfidh an Phríomh-Oifig Staidrimh fáilte roimh thuairimí agus moltaí ó úsáideoirí an ardáin nua seo agus is féidir iad a sheoladh chuig housing@cso.ie."

Roinnt Buaicphointí ón Mol Tithíochta

  • Tithe a bhí in 59% de na haonaid chónaithe ar fad ar tugadh cead pleanála dóibh i Ráithe 2 (R2) 2024, agus árasáin a bhí sa 41% eile.
  •  Cuireadh tús le tógáil 11,385 teach i mí Mheán Fómhair 2024.

  • 8,939 an líon tithe agus árasán nua a críochnaíodh i mí Iúil, i mí Lúnasa agus i mí Mheán Fómhair (R3) 2024. Ardú 6.3 % é sin ar R3 2023.

  • €462,000 an meánphraghas a bhí ar theach i mBaile Átha Cliath sa 12 mhí go dtí Lúnasa 2024.

  • Ba i nDalcaí i mBaile Átha Cliath a bhí na meánchíosanna míosúla árasán is airde i R1 2024, bunaithe ar shonraí an Bhoird um Thionóntachtaí Cónaithe (RTB).

  • Tá ús morgáiste ag teacht anuas go forleathan le 12 mhí anuas, ag féachaint ar an innéacs praghsanna do thomhaltóirí.

  • I mí Mheán Fómhair 2024, ba é adhmad garbh (crua-adhmad) ag 9.2 % an t-ábhar leis an athrú céatadáin is airde ar phraghsanna thar 12 mhí san Innéacs Praghsanna Mórdhíola le haghaidh ábhar tógála agus foirgníochta.

  • €31.05 in R2 2024 an meánchostas saothair iomlán in aghaidh na huaire don earnáil tógála, ardú ó €28.27 ón ráithe chéanna sa bhliain roimhe sin.

  • Ba é leictreachas an príomhbhreosla téimh spáis ag 92% de thithe a ndearnadh iniúchadh orthu agus a tógadh idir 2020-2024. Bhí sé sin i bhfad níos airde ná an sciar de thithe a tógadh idir 2015-2019 (50%) agus 2010-2014 (20%)

  • In 2024, tá teacht ag formhór de líonta tí ar an idirlíon (94%), leathanbhanda fosaithe den chuid is mó (86%).

Teagmhálaithe

R-phost housing@cso.ie
R-phostpressoffice@cso.ie

-- CRÍOCH --