Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

Mol Eolais ar Dhaoine Scothaosta Eanáir 2024

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

Léargas ar Shaol Daoine Scothaosta in Éirinn Curtha ar Fáil ag Mol Eolais Daoine Scothaosta na Príomh-Oifige Staidrimh

  • Meastar gur tháinig ardú níos mó ná 40% ar an líon daoine a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine idir 2013 agus 2023, ardú ó 569,000 go 806,000, agus táthar ag súil go ndúblófar an líon sin arís go 1.6 milliún faoi 2051. 

  • Tháinig méadú de bheagnach 80% ar an líon daoine a bhí 70 bliain d’aois agus níos sine agus a raibh láncheadúnas tiomána acu idir 2012 agus 2022, méadú ó 205,000 go 366,000.

  • Tháinig méadú níos mó ná dúbailt ar an líon póstaí a bhí cláraithe ag daoine a bhí 60 bliain d’aois agus níos sine idir 2012 agus 2022, méadú ó 505 go 1,028.

  • Maidir le timpeall 5% de líonta tí a bhí áitithe ag úinéir a raibh morgáiste nó iasacht acu sa bhliain 2022, bhí an t-úinéir 65 bliain d’aois nó níos sine.

  • Bhí níos mó ná 113,000 duine a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine fostaithe in R3 2023 agus iad ag obair 31.1 uair an chloig sa tseachtain ar an meán.

  • Idir 2017 agus 2021, tháinig méadú níos mó ná dúbailt ar an líon turas thar oíche sa tír a rinne na daoine sin a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine, ó thimpeall 125,000 turas go 269,000 turas.

  • In 2021 bhí 240 ciontóir ionsaithe ann a raibh amhras fúthu agus a bhí 60 bliain d’aois agus níos sine. Cuirtear sin i gcomparáid le 2,187 ciontóir ionsaithe a raibh amhras fúthu agus a bhí idir 18 agus 29 bliain d’aois.

Preasráiteas

Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh ag tabhairt comhairle inniu (an 26 Eanáir 2024) d’úsáideoirí faoin eolas is déanaí maidir leis an Mol Eolais ar Dhaoine Scothaosta. Seoladh an Mol Eolais ar Dhaoine Scothaosta i Meán Fómhair 2022 ina dtugtar léargas ar shaol daoine scothaosta in Éirinn, ina dtarraingítear aird ar na táscairí sóisialta agus eacnamaíochta ó réimse leathan foilseachán agus foinsí ón bPríomh-Oifig Staidrimh ó ar fud chóras an Rialtais.

Ag trácht di ar an Mol Eolais ar Dhaoine Scothaosta, dúirt Sarah Crilly, Staitisteoir sa Rannóg Sláinte den Phríomh-Oifig Staidrimh: “Tá daonra na hÉireann ag dul in aois agus tá an t-ionchas saoil ag méadú agus tá daoine Scothaosta fós ina gcuid ghníomhach agus bhríomhar den phobal. Áirítear táscairí eacnamaíochta agus sóisialta araon sa Mhol Eolais ar Dhaoine Scothaosta ina gclúdaítear sláinte, oideachas, fostaíocht, bochtaineacht, imeachtaí saoil agus eile. Léiríonn sé sin an saol iomlán agus éagsúil atá ag daoine scothaosta in Éirinn le go leor acu fós ag obair agus ag feidhmiú mar chúramóirí sa phobal.

Meastar gur tháinig méadú níos mó ná 40% ar an líon daoine a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine le deich mbliana anuas, ó 569,000 duine in 2013 go 806,000 duine in 2013. Táthar ag súil go ndúblófar an líon daoine atá 65 bliain d’aois agus níos sine go 1.6 milliún faoi 2025.

Táimid in ann caighdeán na beatha a bhaineann go leor de shaoránaigh scothaosta na hÉireann taitneamh as a fheiceáil ó na sonraí maidir leis an Mol Eolais ar Dhaoine Scothaosta. Idir 2012 agus 2022, tháinig ardú de bheagnach 80% ar an líon daoine a bhí 70 bliain d’aois agus níos sine agus a raibh láncheadúnas tiomána acu, ardú ó 205,000 go 366,000 duine. Chonacthas méadú suntasach ar an líon póstaí a bhí cláraithe ag daoine a bhí 60 bliain d’aois agus níos sine. Tháinig méadú níos mó ná dúbailt ar an líon póstaí nua i measc daoine níos sine idir 2012 agus 2022, méadú ó 505 pósadh go 1,028 pósadh. Idir 2017 agus 2021, tháinig méadú níos mó ná dúbailt freisin ar an líon turas thar oíche sa tír a rinne na daoine sin a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine, ó thimpeall 125,000 turas go 269,000 turas.

Bhí 113,700 duine a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine fostaithe i Ráithe 3 2023 i gcomparáid le cúig bliana ó shin nuair a bhí 75,800 duine a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine fostaithe i Ráithe 3 2018. I Ráithe 3 2023, d’oibrigh daoine a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine agus a bhí fostaithe 31.1 uair an chloig sa tseachtain ar an meán, i gcomparáid le 37.4 uair an chloig sa tseachtain do na daoine sin a bhí idir 25 agus 34 bliain d’aois. In 2022 bhí úinéir a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine ag thart ar 5% de líonta tí a bhí áitithe ag úinéir a raibh morgáiste nó iasacht aige.” 

Buaicphointí maidir le Príomhtháscairí Eile:

  • Ba dhócha go mbainfeadh beagnach dhá oiread ban a bhí 75 bliain d’aois agus níos sine leas as an mbus uair sa tseachtain ar a laghad ag 13% i gcomparáid le 7% d’fhir a bhí 75 bliain d’aois agus níos sine.
  • Níor bhain níos lú ná leath (42%) de na daoine sin a bhí 75 bliain d’aois agus níos sine úsáid as an idirlíon riamh i gcomparáid le 13% de na daoine sin a bhí idir 60 agus 74 bliain d’aois.
  • Cheap thrí chúigiú (58%) de na daoine a bhí 75 bliain d’aois nó níos sine go raibh sé an-éasca cúnamh praiticiúil a fháil ó chomharsana i gcomparáid le dhá chúigiú (40%) de na daoine sin a bhí idir 25-34 bliain d’aois.
  • Maidir leis na daoine a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine, bhí roinnt deacrachtaí ag beagnach dhá thrian de na fir (62%) agus ag níos mó ná leath de na mná (55%) le gníomhaíochtaí líonta tí in 2019.
  • Tháinig méadú níos mó ná dúbailt ar an líon turas thar oíche sa tír a rinne na daoine sin a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine idir 2017 agus 2021, ó thimpeall 125,000 turas go 269,000 turas.
  • In 2022 bhí muinín ag dhá thrian de na daoine sin a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine sa rialtas náisiúnta (66%) i gcomparáid le díreach os cionn aon trian de na daoine a bhí idir 18-44 bliain d’aois (35%).
  • Idir 2021 agus 2022, tháinig méadú de bheagnach aon cheathrú ar an líon iarrachtaí nó bagairtí taifeadta maidir le dúnmharú, ionsaithe, ciapadh agus cionta gaolmhara a rinneadh ar dhaoine a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine, sin méadú ó 1,109 go 1,362 eachtra choireachta.

Nótaí d'Eagarthóirí

Maidir leis an Mol Eolais ar Dhaoine Scothaosta

Tá go leor bealaí ann chun tuiscint a fháil ar shaol daoine scothaosta – na hathruithe le himeacht ama a fheiceáil, táscairí ar fud réimse leathan foilseachán na Príomh-Oifige Staidrimh a chur i gcomparáid, agus súil níos doimhne a chaitheamh ar dhifríochtaí idirghlúine laistigh d’Éirinn. Cuireann an Mol táscairí ar fáil a fuarthas ó réimse fhoilseachán agus shuirbhéanna na Príomh-Oifige Staidrimh.

Ag trácht di ar an Mol Eolais ar Dhaoine Scothaosta, dúirt Sarah Crilly: “I bhfianaise an réimse beart éagsúil oibiachtúil agus suibiachtúil, tá sé deacair léargas iomlán ar shaol daoine scothaosta in Éirinn a chruthú. Tá 46 táscaire éagsúil sa Mhol agus tá siad roinnte idir téamaí ar leith. Leagfaidh daoine aonair, ag brath ar a dtaithí féin, béim éagsúil dár ndóigh ar an tábhacht a bhaineann le gach ceann de na téamaí Daoine Scothaosta i gcomórtas le cásanna eile. Is é ceann de na haidhmeanna atá ag an Mol ná saoráid inrochtana a chur ar fáil d’úsáideoirí chun scrúdú a dhéanamh ar théamaí agus ar tháscairí dóibh féin chun tuiscint bhreise a fháil ar ghnéithe áirithe de shaol daoine scothaosta.”

Tá an Mol Eolais ar Dhaoine Scothaosta ar fáil ar phríomhláithreán gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh agus clúdaítear na téamaí seo a leanas ina gcuimsítear réimse bearta oibiachtúla agus suibiachtúla:

1.      Grafaic Léargais

2.      Daonra atá ag dul in Aois

3.      Sláinte

4.      Coireacht

5.      Tithíocht

6.      Ioncam agus Bochtaineacht

7.      Oideachas

8.      Dearcthaí agus Tuairimí

9.      Taisteal agus Turasóireacht

10.   Gníomhaíocht

11.   Imeachtaí Saoil

12.   Fostaíocht

13.   Cúramóirí Scothaosta agus Tacaíochtaí Sóisialta

14.   Úsáid Idirlín

15.   Tiománaithe agus Sábháilteacht ar Bhóithre

Teagmhálaithe

Sarah Crilly (+353) 21 453 5085
R-phost Health@cso.ie

-- CRÍOCH --