Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

Do sheans deiridh an Suirbhé Píolótach Daonáirimh stairiúil a chomhlánú

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

Beidh deireadh leis an Suirbhé Píolótach Daonáirimh go luath

Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) ag iarraidh ar dhaoine inniu, Dé hAoine an 18 Deireadh Fómhair, a ndeis dheireanach a thapú chun Suirbhé Píolótach Daonáirimh 2024 a chomhlánú.  Níl ach seacht lá fanta anois chun gaisce a dhéanamh trí bheith i measc na gcéad daoine in Éirinn chun an fhoirm daonáirimh a thástáil ar líne.

Beidh deireadh leis an Suirbhé Píolótach Daonáirimh Dé hAoine seo chugainn an 25 Deireadh Fómhair.    Is féidir le gach duine páirt a ghlacadh, fiú mura bhfuil tú i do chónaí sna ceantair atá roghnaithe don Daonáireamh Píolótach.

Is féidir an fhoirm ar líne a líonadh isteach trí fhón póca, táibléad, ríomhaire glúine nó ríomhaire pearsanta a úsáid.  Is féidir na freagraí a shábháil ag céim ar bith agus teacht ar ais agus an suirbhé a chríochnú níos déanaí.  Táimid ag moladh go háirithe d'aon duine a d'iarr cód rochtana ar líne cheana féin ach nach bhfuil an suirbhé críochnaithe acu go fóill an deis dheireanach seo a thapú chun é a chríochnú.

Go dtí seo, tá an fhoirm ar líne comhlánaithe ag níos mó ná 80% de na daoine in aon seisiún amháin, ag glacadh 20 nóiméad ar an meán in aghaidh líon tí de bheirt agus 28 nóiméad ar an meán in aghaidh líon tí de cheathrar. Líon 15% eile an fhoirm isteach thar dhá sheisiún, agus ghlac sé trí sheisiún nó níos mó ar an gcuid eile de na daoine.

Ar líne a chomhlánaigh níos mó ná 90% de na daoine an suirbhé agus is foirmeacha páipéir gar do 10% de na suirbhéanna eile atá faighte ar ais againn.  Bhí freagairt láidir ann freisin ó áiteanna lasmuigh de na ceantair a roghnaíodh don scéim phíolótach.   Teastaíonn an oiread daoine agus is féidir uainn chun cabhrú linn tríd an suirbhé a chomhlánú agus aiseolas a thabhairt dúinn atá ríthábhachtach agus muid ag pleanáil do Dhaonáireamh 2027.

Nuair a bheidh an dáta deiridh caite, is é an chéad chéim eile a bheidh ann don Phríomh-Oifig Staidrimh ná anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis ar fad chun go bhfaighimid amach mar a d'oibrigh na ceisteanna nua agus cé chomh maith agus a d'oibrigh an fhoirm ar líne. Beidh aiseolas ón bpobal ina chuid thábhachtach de sin. Foilseofar tuarascáil ar an Suirbhé Píolótach Daonáirimh in 2025.

Ráiteas an Staitisteora

Dúirt Eileen Murphy, Ceann ar Chlaochlú Digiteach an Daonáirimh: “Tá léargais iontacha á bhfáil cheana féin againn ón Suirbhé Píolótach Daonáirimh.  Is athrú nua stairiúil é seo don daonáireamh in Éirinn agus bhí freagra iontach againn ón bpobal. Gabhaim buíochas leis an bpobal as cabhrú linn tríd an bhfoirm ar líne nó ar pháipéar a chomhlánú agus aiseolas luachmhar ionraic a thabhairt. Bainfimid úsáid as an méid atá foghlamtha againn chun Daonáireamh 2027 a dhéanamh chomh héasca agus is féidir do chách.

Tá foireann allamuigh an tSuirbhé Phíolótaigh Daonáirimh ag críochnú Dé hAoine an 25 Deireadh Fómhair agus mholfainn do dhuine ar bith nach bhfuil a bhfoirm comhlánaithe acu go fóill é sin a dhéanamh anois. Ba mhaith liom an deis seo a thapú freisin chun buíochas a ghabháil lenár bhfoireann allamuigh as a ndúthracht agus as an obair mhór atá déanta acu.

Tá ár ndeasc chabhrach teileafóin fós ar fáil ar an uimhir 1800 2024 09, agus is féidir le daoine teagmháil a dhéanamh linn trínár suíomh gréasáin, censuspilot.ie, má theastaíonn cabhair uathu nó má tá aon cheist acu go dtí an 25 Deireadh Fómhair, an dáta deiridh.”

Maidir leis an Suirbhé Píolótach Daonáirimh

Tá an Suirbhé Píolótach Daonáirimh ar siúl faoi láthair i 44 láthair i sé chontae, Corcaigh, Baile Átha Cliath, Cill Chainnigh, Lú, Maigh Eo agus Uíbh Fhailí. Roghnaíodh na ceantair sin chun ionadaíocht fhorleathan a dhéanamh ar na daoine atá ina gcónaí in Éirinn agus is meascán de cheantair uirbeacha agus thuaithe iad. Tá léarscáileanna de na ceantair a roghnaíodh le bheith páirteach ar fáil ar censuspilot.ie.

Mar is amhlaidh le gach Suirbhé Píolótach Daonáirimh roimhe seo, déanfaidh an Phríomh-Oifig Staidrimh tástáil ar cheisteanna nua agus ar cheisteanna atá athraithe roimh Dhaonáireamh 2027. Déantar sin lena chinntiú go dtugann an daonáireamh léargas cruinn ar shochaí na tíre, sochaí atá ag athrú. I measc na gceisteanna nua atá sa Suirbhé Píolótach Daonáirimh seo tá:

  • an áit a ndéantar carr/carranna an lín tí a pháirceáil i gcaitheamh na hoíche chun tuiscint a fháil ar áiteanna a bhféadfaí luchtairí leictreacha a lonnú
  • cibé an ionann nó nach ionann an inscne atá agat agus an gnéas a bhí agat ar theacht ar an saol duit
  • claonadh gnéis
  • an chaoi a dtabharfá féin tuairisc ar do mheabhairshláinte

Cuireadh na ceisteanna nua seo le chéile, chomh maith le hathruithe ar cheisteanna reatha an daonáirimh, mar thoradh ar chomhairliúchán poiblí ar ábhar a d’fhéadfadh a bheith ar fhoirm Dhaonáireamh 2027. Nuair a bheidh anailís déanta ar na freagraí, úsáidfear iad chun moltaí deiridh an Ghrúpa Chomhairligh Daonáirimh a threorú. Beidh ábhar deiridh cheistneoir Dhaonáirimh 2027 faoi réir cheadú an Rialtais. Foilseofar tuarascáil ar an Suirbhé Píolótach Daonáirimh sa bhliain 2025.

Tá an Suirbhé Píolótach Daonáirimh páirtmhaoinithe ag an bPlean Náisiúnta Téarnaimh Athléimneachta (NRRP).

Nótaí d'Eagarthóirí

Teagmhálaithe

Kathleen Goulding (+353) 1 895 1413
Tony Downes (+353) 1 895 1319
R-phost censuspublicity@cso.ie
R-phostpressoffice@cso.ie

-- CRÍOCH --