Áiríodh breis is 10,300 duine ina ndaoine gan dídean oíche an Daonáirimh (3 Aibreán 2022).
Astu sin, b’fhir 60% agus mná 40%.
Bhí níos mó ná dhá thrian de na daoine gan dídean (7,238) i Réigiún Bhaile Átha Cliath.
29.5 bliain d’aois meánaois na ndaoine a áiríodh ina ndaoine gan dídean i gcomparáid le 38.8 bliain d’aois ar an meán maidir le daonra an Stáit.
Astu sin a áiríodh a bheith ina ndaoine gan dídean, ba dhaoine óga idir 0-17 mbliana d’aois iad 3,020.
Ba dhaoine singile a bhí i mbreis is 80% de na daoine gan dídean a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine in 2022 i gcomparáid le 43% de dhaonra an Stáit.
Áiríodh 1,367 aonad clainne mar chuid de chomhaireamh na ndaoine gan dídean, arbh ionann sin agus 5,057 duine.
Bhíothas ceaptha Próifíl 6 ar Dhaoine gan dídean an Daonáirimh seo a fhoilsiú ar dtús ar an 16 Samhain 2023. Cuireadh siar foilsiú na próifíle áfach de bharr gur aithníodh comhad sonraí neamhiomlán le linn na céime próiseála sonraí. Ar mhaithe leis na caighdeáin sonraí riachtanacha a bhaint amach, bhí comhad sonraí riaracháin breise de dhíth chun an phróifíl seo a ullmhú agus tá na próisis riachtanacha rialaithe sonraí tugtha chun críche. Faoin Acht Staidrimh 1993, féadfaidh an Phríomh-Oifig Staidrimh faoin dlí úsáid a bhaint as sonraí riaracháin chun cur le sonraí suirbhé nuair is gá (Administrative Data FAQ - CSO - Central Statistics Office). Baineann an phróifíl seo anois amach na caighdeáin atá de dhíth chun staidrimh oifigiúla a fhoilsiú.
Gabhann an Phríomh-Oifig Staidrimh a leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht a chruthaigh an mhoill seo.
Kathleen Goulding | (+353) 1 895 1413 |
---|---|
Tony Downes | (+353) 1 895 1319 |
R-phost | censuspublicity@cso.ie |
R-phost | pressoffice@cso.ie |
-- CRÍOCH --
Ráiteas an Staitisteora
Tá Próifíl 6 Dhaonáireamh 2022 - Daoine gan dídean eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh inniu (an 23 Bealtaine 2024).
Ag trácht di ar na torthaí, dúirt Sheelagh Bonham, Staitisteoir i Rannóg an Daonáirimh: “Tugtar eolas i bhfoilsiú Thuarascáil Daoine gan dídean Dhaonáireamh 2022 inniu ar an líon daoine a chaith Oíche an Daonáireamh i gcóiríocht a bhí sannta do dhaoine gan dídean nó a bhí ag codladh amuigh in Aibreán 2022. Tugtar eolas sa tuarascáil ar an líon fear agus ban a bhí gan dídean, a n-aoiseanna, mar aon lena stádas teaghlaigh.
Soláthraítear seirbhísí do na daoine sin atá gan dídean ar bhonn réigiúnach ar fud naoi réigiún. I nDaonáireamh 2022, b’ionann na 7,238 duine a bhí gan dídean i réigiún Bhaile Átha Cliath agus breis is dhá thrian de na daoine go léir go náisiúnta a bhí gan dídean. 731 duine i réigiún an Iardheiscirt a bhí gan dídean. Sa Lár-Oirthear a bhí an chéad líon eile ab airde ag 631 duine.”
Próifíl 6 Dhaonáireamh 2022 - Daoine gan dídean Príomhthorthaí de réir Téama
Aois agus Inscne
B’fhir breis is 6,000 de na 10,321 duine a bhí gan dídean (60%). Mná a bhí i ndíreach os cionn 4,000 (40%). Ba é an briseadh síos ar dhaonra an Stáit ná fir 49% agus mná 51%.
Díreach os cionn 3,300 duine gan dídean a bhí faoi bhun 20 bliain d’aois. B’ionann sin agus beagnach an tríú cuid den daonra iomlán gan dídean. Bhí an daonra daoine gan dídean níos óige ná daonra an Stáit trí chéile. 29.5 bliain d’aois meánaois na ndaoine gan dídean i gcomparáid le 38.8 bliain d’aois don daonra i gcoitinne.
25.5 bliain d’aois ar an meán a bhí mná a bhí gan dídean, i gcomparáid le 39.4 mbliana d’aois don daonra i gcoitinne. 32.0 bliain d’aois ar an meán a bhí fir a bhí gan dídean i gcomparáid le 38.2 mbliana d’aois ar an meán maidir le daonra iomlán fear an Stáit.
Stádas Pósta
Bhí breis is 5,000 duine a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine agus a bhí gan dídean i nDaonáireamh 2022 singil. B’ionann sin agus breis is 80% de na daoine go léir a bhí 15 bliana déag agus níos sine a d'fhreagair an cheist faoi stádas pósta. I measc an ghnáthdhaonra, bhí 43% de na daoine go léir a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine singil. Ní raibh ach 12% d'fhreagróiri a bhí gan dídean pósta, i gcomparáid le 46% de na daoine go léir a bhí 15 bliana déag agus níos sine.
Teaghlaigh
Bhí beagnach 1,400 teaghlach a bhí gan dídean i nDaonáireamh 2022, arbh ionann sin agus breis is 5,000 duine. San áireamh ansin bhí 711 teaghlach aontuismitheora a bhfuil leanaí acu agus 576 lánúin a bhfuil leanaí acu. Bhí beagnach 1,600 duine i dteaghlach ina raibh ceathrar nó níos mó leanaí. I measc na dteaghlach aontuismitheora, bhí leanbh amháin ag beagnach 300 duine agus beirt leanaí ag 210 duine. Bhí 166 lánúin ann a raibh beirt leanaí acu agus 162 teaghlach a raibh ceathrar nó níos mó leanaí acu.