Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

An Costas atá ar Bhricfeasta Éireannach sa bhliain 2024

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

An Costas a bhaineann le Bricfeasta Éireannach Nochta ag an bPríomh-Oifig Staidrimh

Cibé más faoin ngríoscán nó san fhriochtán a ullmhaíonn tú é, más breá leat é nó má tá an ghráin agat air, is príomhbhia é an bricfeasta Éireannach ag go leor daoine agus tá ceangal go háirithe aige leis an earnáil fáilteachais.

Is gearr uainn anois Lá Fhéile Pádraig agus tá an costas a bhaineann le bricfeasta friochta a ullmhú don teaghlach go léir ríofa ag an bPríomh-Oifig Staidrimh trí úsáid a bhaint as praghsanna roinnt de na hearraí a bhailímid mar chuid de chiseán an Phraghasinnéacs Tomhaltóirí. Tá na praghsanna sin ina gcuid den Phraghasinnéacs Tomhaltóirí (CPI) a dhéanann tomhas ar bhoilsciú in Éirinn.

Dúirt Anthony Dawson, Staitisteoir i Rannóg na bPraghsanna: “Cé go bhfuil an chuid is mó de na nithe a bhíonn i mbricfeasta traidisiúnta Éireannach bailithe ag an bhfoireann bailitheoirí praghsanna atá againn, ní dhéantar roinnt nithe amhail putóg dhubh agus bhán a fhoilsiú mar Meánphraghas Náisiúnta. Níl nithe eile amhail slamair dhonna san áireamh i gciseán earraí CPI ná i mbailiú praghsanna CPI. Ní raibh aon ghá dúinn an cinneadh conspóideach a dhéanamh an nglacfaí nó nach nglacfaí pónairí san áireamh ar an bpláta mar gheall nach dtáirgimid Meánphraghsanna Náisiúnta dóibh.

Áirítear ar ár bpláta samplach, bunaithe ar na nithe a mbailímid praghsanna ina leith, slisíní bagúin, ispíní, leathdhosaen uibheacha, muisiriúin agus trátaí. Tá sé faighte amach againn lenár gcuid anailíse go bhfuil ardú 3.1% tagtha ar chostas bricfeasta thraidisiúnta Éireannaigh do theaghlach sna 12 mhí go dtí Eanáir 2024, an tréimhse 12 mhí is déanaí a bhfuil figiúirí ar fáil ina leith.

Is fiú a thabhairt ar aird go mbailímid an praghas de réir an chileagraim atá ar shlisíní droma, ispíní muiceola, muisiriúin agus trátaí. Lena chur ar bhealach eile, bheadh idir 16-20 ispín, nó tuairim is 12-16 slisín i gceist le 1kg.

Ag breathnú ar chostas an bhricfeasta fhriochta seo a bhfuil díol teaghlaigh ann agus air sin amháin, tá praghas na gcomhábhar seo ardaithe ó €27.20 in Eanáir 2023 go dtí €28.03 in 2024, sin ardú 3.1%.

Mar sin féin, ní bheadh sé ina bhricfeasta friochta traidisiúnta teaghlaigh ceart mura mbeadh arán agus im leis, mar aon le muigín tae nó gloine bhainne.

Tá an costas atá ar bhuilín mór bán agus punt ime íslithe ó €5.50 in Eanáir 2023 go dtí €5.40 in Eanáir 2024, sin laghdú -1.8%.

Go deimhin, níor thit na praghsanna ar ní ar bith ach ar arán, im agus bainne sna 12 mhí go dtí Eanáir 2024.

Tá an costas a bhaineann le 80 mála tae agus dhá lítear bainne lánmhéathrais ardaithe ó €5.17 go dtí €5.30 sna 12 mhí go dtí Eanáir 2024, sin ardú 2.4%.

Fágann sin gur ionann costas iomlán an bhricfeasta thraidisiúnta Éireannaigh, le harán, im, tae agus bainne san áireamh, agus €38.79 in Eanáir 2024, ar ardú 2.3% é ar na 12 mhí go dtí Eanáir 2024.

Tabhair ar aird nach bhfuil bainne agus feoil ionaid ach curtha leis an gciseán earraí arna fhógairt ar an 15 Feabhra 2024 agus beidh sé 12 mhí eile mar sin sula mbeidh sonraí comparáideacha ar fáil againn do nithe veigeánacha seachas muisiriúin agus trátaí.

Nótaí d'Eagarthóirí

Foilsíodh an ciseán uasdátaithe earraí agus seirbhísí a úsáidtear do na Meánphraghsanna Náisiúnta ar an 15 Feabhra 2024 chomh maith le heisiúint Praghasinnéacs Tomhaltóirí, Eanáir 2024.

Grafaic Faisnéise ar fáil bunaithe ar an bPreasráisteas seo.

Teagmhálaithe

R-phost cpi@cso.ie
R-phostpressoffice@cso.ie

-- CRÍOCH --