Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

An Suirbhé Fás Aníos in Éirinn 2024

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

 

An chéad suirbhé nua ar naíonáin atá ag Fás Aníos in Éirinn le 16 bliana seolta ag an bPríomh-Oifig Staidrimh

FAÉ: Bíodh tionchar agatsa ar a dtodhchaí

  • Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh ag iarraidh ar theaghlaigh cuidiú an todhchaí a mhúnlú do leanaí in Éirinn.

  • Is é seo an chéad uair le 16 bliana a bhfuiltear ag iarraidh ar theaghlaigh a bhfuil páistí óga acu a bheith páirteach sa suirbhé náisiúnta suntasach seo, an Suirbhé Fás Aníos in Éirinn (FAÉ). Is é an chéad suirbhé nua FAÉ a bheidh an Phríomh-Oifig Staidrimh ina bhun chomh maith. 

  • Is é seo an tríú suirbhé dá leithéid i ndiaidh an dá shuirbhé eile a thosaigh in 1998 agus in 2008.

  • Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh ag iarraidh ar 15,000-16,000 teaghlach a ndearnadh sampláil randamach orthu ó gach cearn den tír a bhfuil páiste naoi mí d'aois acu páirt a ghlacadh sa mhórshuirbhé náisiúnta seo.

  • Is suirbhé fadaimseartha é seo a chiallaíonn go leanfaimid dul chun cinn an linbh agus iad ag fás aníos, rud a fhágann gur staidéar é ar leanaí, i gcomhar le leanaí, do leanaí.

  • Cuirtear sonraí riachtanacha ar fáil leis an suirbhé FAÉ maidir le forbairt leanaí agus cuireann sé bonn eolais faoi bheartais fhreagrúla a chruthú atá dírithe ar leanaí.  

  • Is féidir na sonraí a úsáid chun feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí do leanaí agus dá dteaghlaigh in Éirinn. 

Tapaigh do dheis cuidiú le todhchaí leanaí in Éirinn a mhúnlú.

Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) ag seoladh cohórt nua inniu (20 Meán Fómhair 2024) laistigh den suirbhé Fás Aníos in Éirinn (FAÉ), atá ar cheann de na tionscnaimh taighde is tábhachtaí agus is substaintiúla faoi leanaí in Éirinn. 

Is staidéar fadaimseartha náisiúnta ríthábhachtach é FAÉ ar leanaí ina leantar iad agus iad ag fás aníos in Éirinn agus mar aon le cuntas a choinneáil ar na dúshláin agus na deiseanna a bhíonn rompu. Ó 2008 i leith, lean an staidéar, a rinne an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) roimhe seo, saol níos mó ná 19,000 leanbh agus duine óg trí dhá chohórt éagsúla: iad siúd a bhí naoi mbliana d’aois in 2007/2008 (Cohórt ’98) agus iad siúd a bhí naoi mí d’aois in 2008/2009 (Cohórt ’08). 

Cohórt ‘24 an t-ainm a bheidh ar an gcohórt nua páistí. Sna 16 bliana ó rinne FAÉ sampláil randamach ar theaghlaigh le páistí óga chun páirt a ghlacadh sa staidéar, tá athruithe suntasacha sóisialta, eacnamaíocha agus beartais tarlaithe in Éirinn. Cuirfidh cohórt FAÉ 2024 sonraí riachtanacha ar fáil maidir le chomh mór agus a théann na hathruithe seo i bhfeidhm ar fhorbairt leanaí, cuirfidh siad bonn eolais faoi bheartais fhreagrúla a chruthú atá dírithe ar leanaí, agus cuirfidh siad feabhas ar na seirbhísí a d’fhéadfaí a sholáthar do leanaí agus dá dteaghlaigh in Éirinn. 

Is éard a dúirt Jennifer Banim, Ard-Stiúrthóir na Príomh-Oifige Staidrimh: “Beidh Fás Aníos in Éirinn ar cheann de na suirbhéanna is luachmhaire a dhéanfaidh an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) mar go dtugann sé léargas ar thaithí tuismitheoirí agus leanaí atá ag fás aníos in Éirinn agus ar an tionchar a bhíonn ag athruithe sochaíocha. Cuidíonn an suirbhé le béim a leagan ar athruithe amhail an méid ama a chaitheann leanaí ag spraoi amuigh faoin aer nó an chaoi a ndeachaigh teaghlaigh agus leanaí i ngleic le dúshláin na bhfón póca agus na meán sóisialta, nó athruithe ar mheabhairshláinte. Bhí tionchar suntasach cheana féin ag na sonraí a cuireadh ar fáil leis an suirbhé Fás Aníos in Éirinn ar staidéir agus ar bheartais óige, amhail luathchúram agus oideachas réamhscoile saor in aisce do leanaí in Éirinn. Mholfainn d’aon teaghlach a roghnaítear go randamach le bheith páirteach ann an cuireadh seo a úsáid mar dheis chun saol na hóige in Éirinn amach anseo a mhúnlú.”  

Is éard a dúirt Katie O’Farrell, Staitisteoir Sinsearach le foireann FAÉ na Príomh-Oifige Staidrimh: “Is suirbhé ar leith é an suirbhé Fás Aníos in Éirinn mar ní hamháin gur staidéar ar leanaí é, ach bíonn na leanaí féin rannpháirteach go gníomhach sa suirbhé i gcaitheamh na mblianta, agus cuideoidh na torthaí le todhchaí na chéad ghlúine eile de leanaí a mhúnlú. Is staidéar é go bunúsach ar leanaí, i gcomhar le leanaí, ar mhaithe le leanaí. 

Inniu táimid ag seoladh suirbhé fadaimseartha nua ar cohórt páistí atá an aois chéanna, rud a chiallaíonn go leanfaimid an grúpa céanna leanaí seo le himeacht ama. Táimid ag iarraidh ar theaghlaigh páirt a ghlacadh ann nuair a bheidh a bpáiste 9 mí d’aois.  Tá taithí na naíonán chomh tábhachtach sin chun todhchaí linbh a mhúnlú.  Tá suim againn sonraí a fháil faoi na tionchair is tábhachtaí a bhíonn i gceist sa chéad bhliain de shaol do pháiste.  Beimid in ann cuntas a choinneáil ar a rannpháirtíocht ag tús a saoil amach sa luath-óige agus ina dhiaidh sin.   

Maidir leis na 15,000-16,000 teaghlach a bhfuil páistí óga acu a roghnaíodh go randamach chun páirt a ghlacadh, tá do chuid ama agus do rannpháirtíocht sa suirbhé seo thar a bheith luachmhar.  Mholfainn go láidir d'aon teaghlach a fuair cuireadh a bheith páirteach ann an deis ar leith seo a thapú agus a bheidh ina nguth d’eispéireas leanaí agus iad ag fás aníos in Éirinn. Trí pháirt a ghlacadh, tá tú ag cuidiú chun todhchaí ár leanaí a mhúnlú.” 

Torthaí na Suirbhéanna Fás Aníos in Éirinn i gCaitheamh na mBlianta

Cohórt ‘98 ag Naoi mBliana d’Aois (tugadh faoin suirbhé in 2007/’08) 

  1. Bhí fón póca ag díreach faoi bhun 45% de leanaí naoi mbliana d’aois in 2007/’08. Faoin am a raibh siad 13 bliana d’aois, bhí fáil ag 59% de na leanaí sin ar an idirlíon ar fhón póca nó ar ghaireas soghluaiste eile, agus bhí fáil ag 40% díobh ar an idirlíon ar ríomhaire baile nó ríomhaire glúine ina seomra leapa. 
  2. Iarradh ar leanaí an abairt seo a leanas a chríochnú: ‘Is é an rud is mó a chuireann áthas orm ná. . .’ Ba é ‘mo mhuintir’ (24%) an freagra foriomlán ba mhó a tugadh, agus ‘mo chairde’ (22%) ina dhiaidh sin agus ansin ‘spórt’ (20%). 
  3. Ba é húvaráil / glanadh an obair is mó a bhí le déanamh ag leanaí naoi mbliana d'aois sa mbaile. 

Cohórt ‘98 ag 17/18 mBliana d’Aois (suirbhé a rinneadh in 2015/’16) 

  1. Thuairiscigh duine as gach deichniúr daoine óga in 2015/’16 gur diagnóisíodh go raibh dúlagar, imní, nó an péire orthu. 
  2. Bhí poist pháirtaimseartha ag aon trian de na daoine óga 17/18 mbliana d'aois a bhí fós ar scoil. 
  3. Bhí a gcéad deoch meisciúil ag formhór na ndaoine óga 17/18 mbliana d'aois (80%) nuair a bhí siad idir 15 agus 17 mbliana d'aois. 

Cohórt ’08 ag Naoi Mí d’Aois (suirbhé a rinneadh in 2008/’09) 

  1. Bhí formhór na máithreacha (59%) ag iarraidh go mbeidís ag iompar clainne tráth ar gineadh an páiste agus ní raibh sé beartaithe ag 10% díobh go n-iompraídís clann riamh. 
  2. Bhí thart ar 40% de pháistí 9 mí d’aois i gcineál éigin cúraim leanaí taobh amuigh de chúram tuismitheora tráth an agallaimh (a shainítear mar 8 n-uair an chloig ar a laghad in aghaidh na seachtaine ar bhonn rialta) 
  3. Dúirt beagnach 90% de mháithreacha go raibh teagmháil rialta acu le seantuismitheoirí an naíonáin. Ba mhó seans go gceannódh seantuismitheoirí bréagáin nó éadaí don naíonán (96%), go dtabharfaidís aire don naíonán (81%), agus go dtabharfaidís an naíonán amach (54%). 

Cohórt ’08 ag Naoi mBliana d’Aois (suirbhé a rinneadh in 2017/’18) 

  1. Chonaic beagnach trí cheathrú (70%) de leanaí naoi mbliana d'aois a seantuismitheoirí ar a laghad uair sa tseachtain agus dúirt 88% go raibh dlúthchaidreamh acu le ar a laghad seantuismitheoir amháin. 
  2. Bhí próifíl ar líne ag 23% de leanaí naoi mbliana d'aois sa bhliain 2017. Bhain próifílí buachaillí den chuid is mó le ríomhchluichíocht agus ba mhinic a bhain próifílí cailíní leis na meáin shóisialta.  
  3. Dúirt formhór na leanaí naoi mbliana d’aois gur thaitin an scoil agus ábhair scoile leo ‘i gcónaí’ nó ‘uaireanta’. Bhí dearcadh dearfach, a bheag nó a mhór, i leith na léitheoireachta (62%) agus na matamaitice (48%), ach ní raibh sé chomh dearfach céanna i leith na Gaeilge (22%). 

Cohórt ’08 13 bliana d’aois (suirbhé a rinneadh in 2021/’22) 

  1. Bhí a bhfón cliste féin ag beagnach gach déagóir 13 bliana d'aois (98%). 
  2. Thaitin scoil ‘an-mhór’ nó ‘go mór’ le níos mó ná leath de na déagóirí 13 bliana d’aois agus thaitin scoil ‘beagáinín’ le formhór na ndéagóirí eile. 
  3. Ar an ngné ba mhó a raibh déagóirí 13 bliana d’aois ag súil leis nuair a bheidís ina ndaoine fásta bhí taisteal chuig tíortha éagsúla, 32%, agus ina dhiaidh sin bhí a bheith ag cónaí ina n-áit féin (18%). 

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar thorthaí shuirbhé FAÉ a fháil ar growingup.gov.ie

 

Nótaí d'Eagarthóirí

Teagmhálaithe

Katie O'Farrell (+353) 1 498 4147
R-phost GUI@cso.ie
R-phostpressoffice@cso.ie

-- CRÍOCH --