Cé go raibh Rían ar an ainm Gaelach ba choitianta á thabhairt ar bhuachaillí sa bhliain 2023, níl sé ach cúig bhliana ó cláraíodh den chéad uair é sa bhliain 2018. Bhí sé ar an 33ú ainm ba choitianta an bhliain sin nuair a tugadh Rían ar 193 buachaill. Cláraíodh Rian, gan síneadh fada, níos luaithe ná sin sa bhliain 1985, ach ní raibh sin níos airde ar an ord minicíochta ná 25 sa bhliain 2017.
Sa bhliain 1970 a cláraíodh Cillian den chéad uair nuair a tugadh an t-ainm ar thriúr. Tá sé ag éirí níos coitianta ó shin agus é ar bhuaicleibhéal an 9ú háit maidir leis na blianta 2021-2023. Nuair a rugadh Cillian Murphy sa bhliain 1976, bhí sé ar dhuine d'aon Chillian déag a rugadh an bhliain sin, an 203ú ainm ba choitianta an bhliain sin.
Ón mbliain 1964 i leith, tá 24 ar an leibhéal is ísle ar an ord minicíochta maidir leis an ainm Patrick. Tá an t-ainm á roghnú go coitianta bliain i ndiaidh bliana. Cé gur sa 16ú háit atá an t-ainm sa bhliain 2023, bhí sé sa dara háit sna blianta 1964, 1965, 1968 agus 1969. Sa 3ú háit a bhí sé sna blianta 1966, 1967 agus gach bliain ó 1970-1974 i ndiaidh a chéile. Ainneoin a choitianta agus a leanúnaí a roghnú, ní raibh an t-ainm seo riamh ar an ainm ba mhinice á roghnú in aon bhliain ar bith. Maidir leis an ainm Padraig, feictear go raibh sé san 88ú háit sa bhliain 1964 agus baineadh amach buaicleibhéal an 50ú háit sa bhliain 1987 agus arís sa bhliain 1992. Sa 436ú háit a bhí Padraig sa bhliain 2023. Sa bhliain 2018 a thosaigh aird ar an síneadh fada ag an bPríomh-Oifig Staidrimh agus bhí Pádraig san 180ú háit an bhliain sin. An 151ú háit an leibhéal is airde agus sa bhliain 2022 a tharla sin. Bhí an t-ainm sa 215ú háit sa bhliain 2023. Is fiú a thabhairt faoi deara go raibh Paddy ar an 100 ainm ba choitianta sa bhliain 2023.
Bhí Tadhg ar an 7ú hainm ba choitianta ar bhuachaillí sa bhliain 2023 agus Tadgh níos ísle ná 100 an bhliain chéanna.
Bhí Oisín le háireamh ar na 5 ainm ba choitianta den chéad uair sa bhliain 2023, ainm a cláraíodh leis an síneadh fada den chéad uair sa bhliain 2018. Tá Oisin, gan síneadh fada, ar liosta ainmneacha na leanaí ón mbliain 1964 i leith agus bhí chomh hard leis an 8ú háit aige sa bhliain 2016.
Sa 6ú háit a bhí Fionn sa bhliain 2023, ainm a cláraíodh den chéad uair sa bhliain 1971. Bhí Fionn ar na 10 n-ainm ba mhinice den chéad uair sa bhliain 2020, san 8ú háit an bhliain sin. Bíonn sé in iomaíocht leis an bhfoirm Finn agus is beag nach raibh sin freisin ar na 10 n-ainm ba mhinice sa bhliain 2023 agus é san 11ú háit. Sa bhliain 1982 a cláraíodh sin den chéad uair agus sa bhliain 2020 ba choitianta é mar ainm nuair a bhí sé sa 6ú háit.
Tá tuairisc ar Cian ón mbliain 1966 i leith agus é ag éirí níos coitianta le himeacht aimsire.
Sna blianta 2000 agus 2001 a baineadh amach buaicleibhéal leis an ainm sa 6ú háit agus bhí sé sa 29ú háit sa bhliain 2023 nuair a tugadh an t-ainm ar 156 leanbh.
Ar roinnt de na hainmneacha Gaelacha is traidisiúnta a bhí ar na liostaí ó tosaíodh ag coinneáil tuairisc ar ainmneacha leanaí sa bhliain 1964, áirítear Niall, Colm agus Ciaran. Sa bhliain 1964, bhí Niall sa 47ú háit, beagnach cothrom le Colm sa 45ú háit. Sa bhliain 1991 ba mhinice Niall, sa 16ú háit, agus sa bhliain 1970 ba choitianta Colm nuair a bhí sé sa 32ú háit. Ní raibh ceachtar den dá ainm sin riamh ar na 10 n-ainm ba mhinice in aon bhliain faoi leith. Sa bhliain 2023, sa 219ú háit a bhí Niall agus sa 268ú háit a bhí Colm.
Tá Ciaran freisin ar an liosta ón mbliain 1964 i leith agus bhí sé ar na 40 ainm ba choitianta go leanúnach idir na blianta 1980 agus 2006. Is ísle go mór ar an ord minicíochta é ón mbliain 2018 i leith nuair a thosaigh an Phríomh-Oifig Staidrimh ar an síneadh fada a thabhairt san áireamh. Níor rugadh leanbh ar bith ar tugadh Ciaran air sa bhliain 2022 agus cúigear a ainmníodh ar an gcaoi sin sa bhliain 2023. Roghnaigh daoine ina ionad sin an litriú Ciarán a úsáid ón mbliain 2018 i leith agus bhí buaicleibhéal coitiantachta i gceist leis an ainm sin sa bhliain 2019, le 56 leanbh, é sa 118ú háit.
Caelan, Paddy, Éanna, agus Dáithí na ceithre ainm nua ar na 100 ainm buachalla ba choitianta sa bhliain 2023.
Bhí Caelan ar an ainm buachalla is mó a bhfuil borradh faoina úsáid, é 58 áit níos airde san ord minicíochta sa 50ú háit agus é á thabhairt ar 114 buachaill. Is spéisiúil an rud nach raibh tuairisc ar Caelan go dtí an bhliain 2000 nuair a tugadh an t-ainm ar sheachtar buachaillí, rud a d'fhág sa 250ú háit é an bhliain sin.
Uasdátaíodh an tábla 'Na 10 nAinm ba Mhinice a Tugadh ar Chailíní in 2023' ar an 19ú Márta 2024 de bharr leaganacha éagsúla litrithe den ainm 'Roisín'. Bhí Róisín san 36ú áit in 2023 le 127 leanbh. Bhí Roisín sa 364ú áit le 10 leanbh. Bhí Roisin sa 625ú áit le 5 leanbh. Bhí níos lú ná 3 leanbh leis an ainm Róisin, agus mar sin ní raibh an t-ainm sin sa rangú.
Ní raibh Fiadh chomh coitianta mar ainm Gaelach go dtí le gairid, sa bhliain 2002 a fheictear ar dtús é ar chlár na n-ainmneacha. Ón mbliain 2013 i leith, tá sé ag éirí níos coitianta agus bhí sé ar an ainm ba choitianta ar fad sa bhliain 2021 nuair a tugadh sin ar 424 cailín. Sa bhliain 1998 a cláraíodh den chéad uair, Fia, leagan malartach den ainm agus baineadh buaicleibhéal amach ina leith sin sa bhliain 2017 nuair a tugadh an t-ainm ar 42 cailín, rud a d'fhág sa 136ú háit é.
Is spéisiúil gur sa bhliain 2021 agus sa bhliain sin amháin a bhí Éabha le háireamh ar na 5 ainm ba mhinice. Sa bhliain 2018 a cláraíodh den chéad uair é nuair a tugadh an síneadh fada san áireamh sa phróiseas maidir le sonraí a cheapadh. Cláraíodh Eabha den chéad uair sa bhliain 1990 agus bhí sé chomh hard leis an 45ú háit sa bhliain 2016.
Croía an t-ainm is mó a bhfuil borradh faoi le blianta beaga anuas i measc ainmneacha traidisiúnta Gaelacha, arna lua ar an liosta sa bhliain 2018 sa 255ú háit agus é chomh hard leis an 23ú háit sa bhliain 2023.
Sa bhliain 1971 a cláraíodh Saoirse den chéad uair. Tá sé ag éirí níos coitianta ón mbliain 1989 i leith agus tharla buaicleibhéal sa bhliain 2016 nuair a bhí sé sa 12ú háit. Sa bhliain 1994, an bhliain ar rugadh Saoirse Ronan, bhí 70 cailín ar tugadh an t-ainm orthu. An bhliain tar éis di an dara ainmniúchán do ghradam Oscar a fháil mar gheall ar Brooklyn, bhí an t-ainm Saoirse ar an 12ú hainm ba mhinice a bhí á thabhairt ar chailíní in Éirinn.
Tá Aoife ar liosta na n-ainmneacha atá á dtabhairt ar chailíní ó thosaigh an Oifig ar thuairisc a choinneáil sa bhliain 1964. Is fada an tréimhse á roghnú é agus cé gur sa bhliain 1983 a bhí sé ar na 10 n-ainm ba choitianta den chéad uair, bhí sé ar na 10 n-ainm ba choitianta bliain i ndiaidh bliana ó 1987 go 2010 agus ar na 20 ainm ba choitianta ó 1981 go dtí 2019. Bhí sé ar an gcéad rogha i measc na n-ainmneacha ar fad sa bhliain 2001 nuair a tugadh sin ar 633 cailín agus sa 31ú háit sa bhliain 2023 nuair a tugadh an t-ainm ar 148 leanbh.
Tá ainmneacha Gaelacha traidisiúnta eile de leithéid Niamh atá ar an liosta ón mbliain 1964 anall; bhí sin chomh hard le hUimhir 2 gach bliain idir 1993 – 1995 agus sa 73ú háit sa bhliain 2023. Ar an gcuma chéanna, bhí Deirdre chomh hard le hUimhir 7 sna blianta 1966, 1968, 1973 agus 1977 ach níl ar chlár na n-ainmneacha maidir leis an mbliain 2023 ó tharla nach dtugtar tuairisc ar ainm nach dtugtar ar thriúr nó ar líon is mó ná sin.
Bhí Ciara, atá ar na liostaí ón mbliain 1964, ar na 10 n-ainm ba choitianta bliain i ndiaidh bliana ar feadh bliain is fiche ó 1985 go dtí 2006 agus chomh híseal leis an 95ú háit sa bhliain 2023. I gcomparáid leis sin, dhá bhliain a bhí Aisling, atá ar na taifid freisin ón mbliain 1964, ar an 10 n-ainm ba choitianta, sin idir 1990 agus 1992, sular thit sé chomh híseal leis an 159ú háit sa bhliain 2023.
Cadhla agus Síofra na hainmneacha nua i measc na 100 ainm cailín ba choitianta sa bhliain 2023. Síofra an t-ainm is tréine a bhfuil borradh faoi i measc ainmneacha cailíní, 57 áit níos airde in imeacht bliana go raibh sa 100ú háit.
Is féidir eolas a fháil faoina mhinice a bhí ainm á roghnú in Éirinn i rith tréimhse ama a aimsiú leis ár n-uirlis léirshamhlaithe. Faigh amach cé chomh coitianta agus a roghnaíodh d'ainm féin nó ainm duine de do chuid gaolta nó de do chuid cairde. Féach áit an ainm san ord minicíochta bliain ar bith ó 1964 i leith. Is féidir teastas a íoslódáil chomh maith maidir le d'ainm féin an bhliain inar tháinig tú ar an saol.
R-phost | vitalstats@cso.ie |
---|---|
R-phost | pressoffice@cso.ie |
-- CRÍOCH --
Ainmneacha Éireannacha is Coitianta ar Leanaí in Éirinn 2023
Tá Rían, an ‘rí beag’, Fiadh, 'fia' nó 'fiáin', Fionn, ‘le gruaig fhionn' agus Cara le háireamh i measc na n-ainmneacha Gaelacha atá coitianta a thabhairt ar leanaí faoi láthair.
Mar chomóradh ar Lá Fhéile Pádraig, seo sracfhéachaint ar na hainmneacha Gaelacha is minice á thabhairt ar bhuachaillí agus ar chailíní i rith na bliana 2023. Luaitear an t-ord ó thaobh 1-100 sa bhliain 2023 agus feictear an t-athrú a tháinig le deich mbliana anuas.
Dírítear freisin ar roinnt de na hainmneacha Gaelacha is minice á roghnú 1-10, ar roinnt de na hainmneacha a rangaítear 1-100 den chéad uair sa bhliain 2023 agus ar ainmneacha áirithe ar na liostaí seo ó tosaíodh ar thuairisc a choinneáil sa bhliain 1964 agus nach roghnaítear chomh coitianta céanna anois.
Tugtar chun aire go bhfuil liosta iomlán na nAinmneacha Gaelacha ba mhinice a roghnaíodh do leanaí sa bhliain 2023 le fáil ar an láithreán gréasáin.