Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

75 bliain d'ábhar Staidrimh Oifigiúil á cheiliúradh ag an bPríomh-Oifig Staidrimh

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

An Phríomh-Oifig Staidrimh: Áireamh na hÉireann ón mbliain 1949 i leith

  • An Daonra: Rinne an Phríomh-Oifig Staidrimh, a cuireadh ar bun sa bhliain 1949, an chéad Daonáireamh dá cuid a eagrú sa bhliain 1951 tráth arbh ionann an daonra agus 2.96m. Bhí an daonra cothrom le 5.15m i nDaonáireamh 2022.

  • Carranna Príobháideacha: Sa bhliain 1949, 15,118 carr príobháideach a bhí ann ar eisíodh ceadúnas ina leith den chéad uair. Faoin mbliain 2023, bhí ardú ar an líon sin go dtí 117,424.

  • Pá: B'ionann an meánphá seachtainiúil d'fhir maidir le gach cineál tionscail agus seirbhíse sa bhliain 1948 agus £5.02 (€6.37) in aghaidh na seachtaine, agus bhí meánphá £2.80 (€3.56) in aghaidh na seachtaine á íoc le mná. I Ráithe 2 2023, b'ionann an meánráta pá in aghaidh na seachtaine agus €911.01.

  • Pósadh: Sa bhliain 1949, tharla 16,009 pósadh idir lánúineacha nach den ghnéas amháin iad agus 0 pósadh idir lánúineacha den ghnéas amháin. Sa bhliain 2023, tharla 20,513 pósadh idir lánúineacha nach den ghnéas amháin iad agus 646 pósadh idir lánúineacha den ghnéas amháin, 324 fireann agus 322 baineann.

  • Príosúnaigh: Ag deireadh na bliana 1949, bhí 437 príosúnach á gcoinneáil i bpríosúin na hÉireann, i gcomparáid le 4,677 príosúnach sa bhliain 2023.

  • Aighneas Tionsclaíochta: Sa bhliain 1949, tharla 153 aighneas tionsclaíochta i ndáil le beagnach 10,000 oibrí agus cailleadh níos mó ná 273,000 lá oibre, an chuid is mó acu i dtionscal na mianadóireachta agus na cairéalachta. Sa bhliain 2023, tharla seacht gcinn d'aighnis tionsclaíochta i ndáil le beagnach 2,000 oibrí, agus cailleadh beagnach 4,200 lá oibre dá mbarr.

  • Ar fhoireann na Príomh-Oifige Staidrimh tráth a bunaithe sa bhliain 1949, bhí ceathrar staitisteoirí agus cuireadh beirt acu go dtí na Stáit Aontaithe i mbun oiliúna ar feadh ocht mí. I mí Eanáir 2024, bhí níos mó ná 1,000 ball foirne ag an oifig i dtrí ionad i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath, chomh maith le meithle agallóirí ar fud na tíre.

Ceiliúradh ag an bPríomh-Oifig Staidrimh ar 75 bliain d'Ábhar Iontaofa Staidrimh a chur ar fáil don uile dhuine

Tá ceiliúradh á dhéanamh ag an bPríomh-Oifig Staidrimh inniu (an 4 Meitheamh 2024) ar 75 bliain ó cuireadh ar bun den chéad uair í sa bhliain 1949.

Tuigeadh ó bhunú an Stáit go raibh fiúntas le hábhar staitistice a bhailiú agus cuireadh brainse staidrimh ar bun sa Roinn Tionscail agus Tráchtála sa bhliain 1922 faoi stiúir John Hooper. Ar an 1 Meitheamh 1949 a cuireadh an Phríomh-Oifig Staidrimh ar bun go foirmeálta i gCaisleán Bhaile Átha Cliath go ndéanfaí ábhar staidrimh agus léargais faoi shaol na hÉireann, eacnamaíocht na tíre agus an timpeallacht a bhailiú, a iniúchadh agus a fhoilsiú go neamhspleách. Tá athrú tagtha ar mhodhanna oibre agus ar ról na hoifige le himeacht na mblianta ach níor tháinig aon athrú ar an dúthracht maidir le rúndacht, cruinneas, ardchaighdeán, trédhearcacht agus neamhspleáchas.

Is í Jennifer Banim, a chuaigh i mbun dualgais ina hArd-Stiúrthóir ar an 31 Bealtaine 2024, an chéad bhean a ceapadh i bpost Ard-Stiúrthóir na Príomh-Oifige Staidrimh. Ag tagairt do chomóradh 75 bliain na hoifige, dúirt Jennifer Banim Uasal: “Is ábhar ríméid dom mo chuid smaointe féin faoin bPríomh-Oifig Staidrimh a bheith 75 bliain ar an bhfód a chur in iúl. Is onóir mhór dom a bheith ar an gcéad Ard-Stiúrthóir eile ar eagraíocht chomh hiontach léi seo. Tagann fiúntas go leor i gceist leis an bPríomh-Oifig Staidrimh. Bíonn dea-cháil uirthi ag na comhghleacaithe a mbuailim leo in Éirinn agus san Eoraip agus sin bunaithe ar an neamhspleáchas, ar an iontaofacht, ar an ngairmiúlacht agus ar an oibleagáideacht a cheapann na daoine sin le muintir na hoifige.

Tá ceangal dlúth cothaithe le muintir na hÉireann ag an bPríomh-Oifig Staidrimh, le himeacht na 75 bliain ar an bhfód, agus sin bunaithe ar na prionsabail maidir le rúndacht, sárchaighdeán, cruinneas agus ionracas.

Is ré ríspéisiúil seo ag an oifig agus athrú ar bun d'fhonn bearta cúnta agus seirbhísí de chineálacha nua a chur ar fáil ar fud na státseirbhíse agus na seirbhíse poiblí chomh maith le foinsí nua sonraí a thapú d'fhonn léargas níos leithne agus níos tráthúla a chur ar fáil. Is mar gheall ar an muinín atá ag daoine agus forais sa Phríomh-Oifig Staidrimh le blianta fada a thagann deiseanna den sórt seo chun cinn agus leagtar barrthábhacht ar an muinín sin a choinneáil agus sinn ag tnúth leis an gcéad 75 bliain eile de sheirbhís phoiblí san am atá romhainn.

Dúirt Mariana Kotzeva, Ard-Stiúrthóir Eurostat, ag déanamh gairdis leis an bPríomh-Oifig Staidrimh as an sprioc thábhachtach seo a bhaint amach:

"Ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a dhéanamh libh ar chomóradh 75 bliain den Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO). Sa lá atá inniu ann, tá cáil ar an bPríomh-Oifig Staidrimh mar gheall ar ionracas, gairmiúlacht agus spiorad nuálaíochta. Is ball gníomhach é freisin den Chóras Staidrimh Eorpach a bhfuil ardmheas air.

Le 75 bliain anuas, is go seasta a mbíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh ag seasamh le bunphrionsabail agus luachanna na staitisticí oifigiúla, ag cur sonraí agus léargais ríthábhachtacha ar fáil do mhuintir na hÉireann agus ag cur ar a gcumas an t-eolas a theastaíonn le haghaidh cinnteoireacht bunaithe ar fhianaise.

Táim muiníneach go leanfaidh an Phríomh-Oifig Staidrimh le iontaoibh an phobail a chothabháil agus a áit a choimeád mar phointe tagartha iontaofa le haghaidh staitisticí agus sonraí ar ardchaighdeán faoi Éirinn sa tírdhreach sonraí atá ag forbairt go tapa agus faoi cheannaireacht an Ard-Stiúrthóra nuacheaptha Jennifer Bainim. Guím gach rath ar Jennifer ina ról nua agus táim ag tnúth leis an gcomhoibriú leanúnach idir an Phríomh-Oifig Staidrimh agus Eurostat."

Muinín a Chothú as Ábhar Staidrimh Oifigiúil

Ní raibh ábhar staidrimh oifigiúil iontaofa chomh tábhachtach riamh is atá anois. Is fiú béim a leagan ar na príomhdhifríochtaí idir an Phríomh-Oifig Staidrimh agus soláthraithe eile sonraí, eadhon, an seasamh faoin dlí, na hardchaighdeáin, rialáil ghéar agus neamhspleáchas na hoifige faoin dlí. Cloíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh leis na caighdeáin is airde go hidirnáisiúnta maidir le sonraí a bhailiú, a chumhdach agus a fhoilsiú agus luaitear go soiléir na modhanna oibre agus na foinsí a úsáidtear. Déanann eagrais idirnáisiúnta deimhniú agus seiceáil neamhspleách ar ábhar staidrimh na hoifige agus tagann obair na hoifige faoi athbhreithniú tráthrialta ag meithle saineolaithe idirnáisiúnta d'fhonn a chinntiú go dtagann na sonraí leis na caighdeáin is airde. Le gach ceann de na bearta sin, cothaítear muinín san ábhar staitistice a chuireann an oifig ar fáil.

Tá cosaint na faisnéise a chuirtear ar fáil dúinn buntábhachtach maidir leis an gcaidreamh a bhíonn againn le muintir na hÉireann agus muinín na ndaoine as an oifig. Is leis an bhfaisnéis sin a chuirtear ábhar staidrimh agus lón léargais ar fáil atá neamhspleách agus ar fáil ag an uile dhuine, ní atá buntábhachtach maidir le córas daonlathach. Bíonn léargas ar an athrú atá faoi shaol agus faoi eacnamaíocht na tíre le sonrú ó thuairiscí agus foilseacháin na hoifige agus iad ina mbonn faoi chinnteoireacht atá bunaithe ar fhianaise.

D'fhonn bonn treise a choinneáil faoin muinín seo as obair na hoifige, tá rannóg nua ar láithreán gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh á sheoladh inniu, faoin teideal Iontaoibh agus Trédhearcacht, ina leagtar amach na modhanna ina mbailítear sonraí, na fáthanna a bhíonn leis sin a dhéanamh, an ráthaíocht faoin dlí maidir le cosaint sonraí, agus na bearta a dhéantar maidir le rúndacht sonraí a chaomhnú. Tá an dúthracht seo maidir le muinín leanúnach a chothú ag teacht le stair na heagraíochta agus is air a bhunaítear an fónamh leanúnach do leas an phobail.

lógó speisialta cruthaithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh freisin, chomh maith le rannóg speisialta ar an láithreán gréasáin mar cheiliúradh ar an dáta mórshuntasach seo agus 75 bliain curtha isteach d'ábhar neamhspleách staidrimh a chur ar fáil don náisiún agus mar léiriú ar an dúthracht maidir le leanúint den obair ar na caighdeáin is airde cibé deacracht nó deis a chuirtear os ár gcomhair maidir le sonraí a bhailiú agus a iniúchadh san am atá romhainn mar bhonn treise faoi chinntí bunaithe ar fhianaise ar mhaithe leis an uile dhuine. Is é atá mar líne lipéid le lógó cheiliúradh chothrom 75 bliain: An Phríomh-Oifig Staidrimh: Muinín inti le 75 bliain agus go ceann blianta le teacht

Dátaí agus Bearta Suntasacha

  • 01 Meitheamh 1949: Cuireadh an Phríomh-Oifig Staidrimh ar bun i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ar bhonn neamhreachtúil.
  • 1951: Ba é Daonáireamh 1951 an chéad cheann a d'eagraigh an Phríomh-Oifig Staidrimh agus ba le Daonáireamh na bliana sin a tosaíodh ar an Daonáireamh a dhéanamh gach tréimhse cúig bliana in Éirinn. Socraíodh ar an daonáireamh a dhéanamh in Éirinn níos minice ná i dtíortha eile mar gheall ar an méid imirce agus athrú sóisialta a bhí ag tarlú.
  • 1955: Rinneadh an chéad Suirbhé Náisiúnta ar Fheirmeacha.
  • 1961: Cuireadh an tInnéacs Míosúil Díolachán Miondíola ar bun.
  • 1964: An chéad suirbhé samplach maidir le hIompar Fartha Bóthair.
  • 1973: Cheangail Éire leis an gComhphobal óna n-eascraíonn Aontas Eorpach na linne seo agus roinnt gnéithe éigeantacha maidir le cúrsaí staidrimh dá réir sin faoi rialacha an AE.
  • 1986: Cuireadh an Bord Náisiúnta Staidrimh ar bun.
  • 1992: Ghlac Coimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip le Bunphrionsabail an Staidrimh Oifigiúil agus tá aitheantas ar fud an domhain acu ó shin mar chaighdeán domhanda lena gcloíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh.
  • 1993: Tháinig an tAcht Staidrimh 1993 in ionad na nAchtanna eile ar fad a chuaigh roimhe. Tugadh i gceist leis an Acht seo an sainordú maidir le sonraí a bhailiú agus an teacht ar shonraí riaracháin, sainmhíniú maidir le hOifigeach Staidrimh agus sainmhíniú ar rúndacht i gcúrsaí staidrimh.
  • 1994: Cuireadh an Phríomh-Oifig Staidrimh, an Bord Náisiúnta Staidrimh agus Ard-Stiúrthóir na Príomh-Oifige Staidrimh ar bhonn reachtúil.
  • Feabhra 1994: Rinneadh dílárú le haistriú na Príomh-Oifige Staidrimh go Corcaigh agus dúnadh an oifig in Áras Fhaiche Stiabhna, Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2.
  • 1997: Tugadh i gcrích an chéad Dlí Staidrimh de chuid na hEorpa faoinar leagadh amach caighdeáin nua maidir le staidreamh oifigiúil de chuid na hEorpa a chur ar fáil, prionsabail i gcoitinne ina leith sin, gnóthaí rialachais, cúrsaí rúndachta agus an ceart teacht ar shonraí riaracháin chun críche staidrimh.
  • 2000: Osclaíodh oifig na Príomh-Oifige Staidrimh i Sord.
  • 2005: Tugadh isteach Cód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh ag dul leis an Dlí Staidrimh d'fhonn comhchreat cáilíochta a chur ar fáil maidir le Staidreamh Eorpach a chur ar fáil ar fud an AE.
  • 2011: D'eagraigh an Phríomh-Oifig Staidrimh an Comhar Domhanda Staidrimh sa Lárionad Náisiúnta Comhdhála i mBaile Átha Cliath le líon níos mó ná 2,000 toscaire i láthair as áiteanna ar fud an domhain.
  • 2018: Seoladh lógó nua na Príomh-Oifige Staidrimh.
  • Márta 2020: D'athraigh an chuid is mó d'fhoireann na Príomh-Oifige Staidrimh den chéad uair riamh ó oibriú in oifig go dtí oibriú ón mbaile mar gheall ar na srianta a bhí i bhfeidhm mar gheall ar COVID-19.
  • 2023: D'eisigh an Phríomhoifig Staidrimh níos mó ná 350 tuairisc agus foilseachán sa bhliain 2009, 60 bliain tar éis a bunaithe. Eisíodh 447 tuairisc agus foilseachán sa bhliain 2023 chomh maith le níos mó ná 200 preasráiteas i nGaeilge agus i mBéarla agus níos mó ná 100 grafaic eolais.
  • Bealtaine 2024: Ceaptar Ard-Stiúrthóir nua, Jennifer Banim, ar an bPríomh-Oifig Staidrimh.
  • Meitheamh 2024: Seoladh an rannóg nua Iontaoibh agus Trédhearcacht ar láithreán gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh agus an marc maidir le hábhar staidrimh iontaofa a bheith á chur ar fáil ag an oifig don uile dhuine in Éirinn.

Deacrachtaí agus Buaicphointí: Cuimhní Cinn roinnt Ard-Stiúrthóirí roimhe seo

D'iarramar ar roinnt díobh siúd a rinne fónamh tráth ina nArd-Stiúrthóirí ar an bPríomh-Oifig Staidrimh na buaicphointí a bhain lena dtéarma agus na deacrachtaí ba mhó a cuireadh rompu a lua. Cé go bhfuil ré níos mó ná 30 bliain i gceist lena dtéarmaí oifige, luann siad ar fad deacrachtaí de na cineálacha céanna,  eadhon, a chinntiú go ndéantar ábhar staidrimh na hoifige a thiomsú ar bhealach éifeachtúil tráthúil atá ag teacht leis na caighdeáin is airde go hidirnáisiúnta; rúndacht a chumhdach; neamhspleáchas na hoifige a chosaint; agus muinín as an ábhar staidrimh oifigiúil a chaomhnú.

Donal Murphy (Ard-Stiúrthóir 1991-2000)

“Ba é an rud ba shuntasaí a thit amach i rith mo théarma féin i gceannas ar an bPríomh-Oifig Staidrimh an Cinneadh Rialtais i mí Meitheamh 1991 dílárú a thabhairt i bhfeidhm agus mórchuid obair na hoifige a athrú go Corcaigh.   Ba é an t-ábhar buartha ba mhó agam féin an dóigh ina gcuirfeadh an t-athrú ionaid agus cailliúint ball foirne mórthaithí mar a bheadh i ndán dá bharr sin isteach ar an obair staidrimh agus an dóigh ina bhféadfaí cur isteach ar chaighdeán an staidrimh oifigiúil.

Bhí á fheiceáil don Rialtas go n-aistreofaí isteach is amach le 400 den phríomhfhoireann go Corcaigh. Bhí feidhmeanna áirithe, lenar bhain tuairim is 120 den phríomhfhoireann, le coinneáil i mBaile Átha Cliath, maidir leis na Cuntais Náisiúnta agus Comhardú na nÍocaíochtaí mar shampla, rud ar bhain baill foirne mhórthaithí a choimeád leis mar gheall ar chastacht na hoibre sin. Bhí baill foirne seirbhíse ginearálta na Príomh-Oifige Staidrimh a roghnaigh gan aistriú go Corcaigh le haistriú freisin go dtí Ranna eile. De réir mar is cuimhin liom, ní raibh ach 65 duine, baill foirne shóisearacha den chuid is mó, a roghnaigh aistriú.  D'fhág sin, mar shampla, gur tharla beagnach an fhoireann TF ar fad a chailliúint agus gur earcaíodh foireann nua staitisteoirí don oifig i gCorcaigh. Ainneoin athrú chomh suntasach leis sin, ba ghá ábhar staitistice a bhailiú, a phróiseáil agus a fhoilsiú de réir an dea-chaighdeáin ba ghnáth agus go tráthúil. Is breá liom a rá gur sháraigh an Phríomh-Oifig Staidrimh na deacrachtaí sin.

Rinneadh an oifig nua i gCorcaigh a thógáil agus a fheistiú agus bhí gach rud ullamh le dul i mbun oibre ann i dtús mhí Eanáir 1994.  Aistríodh comhaid, cáipéisí agus ábhar eile as Baile Átha Cliath in imeacht ceithre lá agus chuaigh an fhoireann i mbun dualgais i gCorcaigh Dé Luain an 17 Eanáir.  Rinne Taoiseach na linne, Albert Reynolds Uasal, oifig Chorcaí a oscailt go hoifigiúil Dé hAoine, an 11 Feabhra 1994.” 

Is fiú a lua gurbh é an tUasal Murphy ba mhó ba chúis leis an Acht Staidrimh 1993 ina leagtar síos neamhspleáchas na Príomh-Oifige Staidrimh agus neamhspleáchas an Ard-Stiúrthóra faoin dlí. Is é an tAcht sin an bonn reachtaíochta atá faoi obair na hoifige anall go dtí an lá inniu.

 

Donal Garvey (Ard-Stiúrthóir 2000-2007)

“Ba chor tábhachtach ó thaobh straitéise ar an leibhéal náisiúnta an leathnú suntasach a tháinig ar lucht úsáide an ábhar staidrimh, cor ónar eascair tacair sonraí a mheaitseáil agus an beart oibre maidir le Fiúntas Sonraí Riaracháin maidir le cúrsaí Staidrimh (SPAR).                           

Bhí na Páirtnéirí Sóisialta ag déanamh iontais an bhféadfaidís a mheas dáiríre an raibh an Rialtas ag déanamh beart de réir an bhriathair maidir le gealltanais éagsúla a tugadh. Rinne an oifig fónamh ina leith sin trí bhéim níos tréine a leagan ar Staidreamh Sóisialta de chineálacha éagsúla. Tosaíodh ar fhoilseacháin nua faoi théamaí éagsúla a chur ar fáil, Dul chun Cinn na hÉireann a Thomhas agus Mná agus Fir in Éirinn ina measc, agus bhí glacadh go fonnmhar leo sin. Ba réimse nua beartaíochta meaitseáil a dhéanamh ar thacair ollsonraí agus foilsíodh dá réir sin Prótacail maidir le haon bhearta a dhéanfadh an oifig maidir le meaitseáil sonraí. Chuaigh meithle de chuid na hoifige isteach sna Ranna Rialtais d'fhonn meastóireacht a dhéanamh ar na modhanna ina raibh sonraí á mbailiú, na cúiseanna a bhí lena mbailiú agus fiosrú an raibh sonraí á stóráil ar bhealach a bheadh oiriúnach maidir lena gcóiriú le hábhar eile staidrimh. Is mór an sásamh an fhorbairt a fheiceáil atá tugtha ar an réimse sin le blianta beaga anuas.

Bhí an neamhspleáchas a dearbhaíodh don Phríomh-Oifig Staidrimh faoin Acht Staidrimh 1993 ina ábhar éada ag oifigí eile san Eoraip. Chuir an Phríomh-Oifig Staidrimh grúpa oibre le chéile i lár na 1990idí d'fhonn Cód Cleachtais agus Dlí Staidrimh a thabhairt chun cinn maidir le Staidreamh Eorpach. Is air sin a bunaíodh an chéad Dlí Staidrimh de chuid na hEorpa, arna thabhairt i gcrích sa bhliain 1997, ina leagtar amach caighdeáin nua maidir le staidreamh oifigiúil de chuid na hEorpa a chur ar fáil, prionsabail i gcoitinne ina leith sin, gnóthaí rialachais, cúrsaí rúndachta agus an ceart teacht ar shonraí riaracháin chun críche staidrimh. Is leis a cuireadh ar fáil freisin an creatchóras maidir le Cód Cleachtais na gCóras Staidrimh Eorpach atá ina chaighdeán anois ag forais náisiúnta staidrimh. Is iad seo na bonnchlocha anois ar a mbunaítear na córais rialála maidir le sárchaighdeán agus le luachanna.”

 

Gerry O’Hanlon (Ard-Stiúrthóir 2007-2012)

“Bhí mo théarmasa i m’Ard-Stiúrthóir dom dírithe go mór ar thairbhe bhreise a thabhairt chun cinn as an gcur chuige “ar fud an chórais uile” maidir le hábhar staidrimh a chur ar fáil, cur chuige ar chuir Donal Garvey sa siúl, le cúnamh taca ón BNS, nuair a bhí sé féin sa phost romhamsa; tugadh an Plean Forfheidhmiúcháin Straitéiseach maidir le Teicneolaíocht an Eolais chun críche; rinneadh forbairt bhreise maidir le Cód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh ionas gur dlúthchuid é den obair sa Phríomh-Oifig Staidrimh, agus níos fairsinge ná sin ar fud an chórais, prótacail agus próisis staidrimh den sárchaighdeán.

Ba ghearr gur thit amach tionchar ar chúrsaí eacnamaíochta agus seirbhíse poiblí go ginearálta ag cúlú earnáil na tógála agus ag an ngéarchéim airgeadais a tháinig chun cinn dá bharr sin sa bhliain 2008. I gcodarsnacht leis an tréimhse 15 bhliana anuas go dtí sin, tráth ar tháinig fairsingiú seasta rialta ar acmhainní na Príomh-Oifige Staidrimh (e.g. tháinig méadú faoi cheathair ar líon na bhfostaithe gairme agus na mbainisteoirí sinsearacha idir na blianta 1990 agus 2005), bhí tréimhse dul ar gcúl i ndán don oifig, mar a bhí do na heagraíochtaí ar fad san earnáil phoiblí, le ciorruithe ar fud na bhfud. Dá ainneoin sin, bhí teacht aniar agus seasamh an fhóid sa Phríomh-Oifig Staidrimh agus leanadh den obair a chur i gcrích agus a thabhairt chun cinn.

Ar cheann amháin de na buaicphointí a mhaireann sa chuimhne, tá an Chomhdháil Dhomhanda Staidrimh a eagrú san Ionad Náisiúnta Comhdhála nua i mí Lúnasa 2011 le líon ba mhó ná 2,000 toscaire páirteach ann as áiteanna ar fud an domhain ar fad. Bhí d'onóir agamsa, i m'Ard-Stiúrthóir dom, cathaoirleacht a dhéanamh ar an gCoiste Eagrúcháin Náisiúnta ar a raibh staitisteoirí iomráiteacha ón dá thaobh den teorainn. Maireann de cháil ar Chomhdháil na bliana 2011 go raibh sí ar cheann de na comhdhálacha ab fhearr riamh.”

Pádraig Dalton (Ard-Stiúrthóir 2012-2024)

“An bhuaicphointe ba mhó i mo chás féin an dóigh ina ndeachaigh foireann na Príomh-Oifige Staidrimh in oiriúint d'athrú ar shaol na ndaoine, ar eacnamaíocht na tíre agus ar an timpeallacht arb é a chuirtear romhainn iad a thomhas agus a mheas. Is díol suntais an leibhéal nuálaíochta, sochóiritheachta agus gairmiúlachta a léirítear, chomh maith le meon na seirbhíse poiblí, agus ní ceart beag is fiú a dhéanamh ar bhealach ar bith ar a bhfuil bainte amach ag foireann na hoifige agus ar a gcuireann siad i gcrích bliain i ndiaidh bliana. 

Ós iomaí athrú atá tarlaithe, is deacair díriú ar aon cheann amháin faoi leith. B'fhéidir gurb é an t-athrú ba mhó ina dhiaidh sin féin, tuiscint na heagraíochta go foirmeálta gur ghá ceannródaíocht a dhéanamh ag oibriú in aghaidh ghluaiseachtaí bréagnuachta agus gófhaisnéise. Ba é a d'eascair ón tuiscint sin, an tráth céanna a raibh talamh slán á dhéanamh de gur ghá leanúint ag freastal ar an lucht úsáide saineolais, go dteastódh leathnú ó thaobh dearcadh agus réimse agus na modhanna ina gcuirtear ábhar fianaise agus lón léargais i láthair a chóiriú ionas go bhféadfadh an uile dhuine an fhaisnéis a chuireann an oifig ar fáil a thapú. Glacann an oifig leis anois gur gá faisnéis a chur ar fáil ar bhealach is féidir le daoine a úsáid i mbun an ghnáthshaoil dóibh féin, más le fonn iad féin a choinneáil ar an eolas le faisnéis neamhspleách dheimhnithe a chuirtear ar fáil faoi mhodhanna oibre rialáilte, nó mar lón comparáide le lucht cinnteoireachta a choinneáil leis an bhfírinne, nó eile.

Bhí aird agus tuiscint ar ghnéithe straitéiseacha den chumarsáid ríthábhachtach ina leith sin, mar a bhí an Phríomh-Oifig Staidrimh a chur i lár an mhórchórais náisiúnta sonraí, mar a gcuirtear, ní hamháin ábhar fianaise agus léargais ar fáil, ach réimse leathan seirbhísí sonraí freisin. Is dóigh liom go bhfuil tuiscint níos fearr anois againn ar an ní atá tábhachtach, tráthúil agus tairbheach.” 

Nótaí d'Eagarthóirí

  • Tá leagan níos faide den Chuntas Achoimre ar Stair na Príomh-Oifige, 15 Fíric eile faoin bPríomh-Oifig Staidrimh agus gailearaí íomhánna ar fáil anseo.
  • Is féidir breis eolais a fháil faoin rannóg Iontaoibh agus Trédhearcacht.

Teagmhálaithe

R-phost eolas@cso.ie

-- CRÍOCH --