Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Trusted for 75 years and counting: CSO 1949-2024

Ceiliúradh ar 75 bliain den Phríomh-Oifig Staidrimh ag cur fíricí iontaofa ar fáil don uile dhuine

Is í seo an 75ú bliain a bhfuil muinín á cur sa Phríomh-Oifig Staidrimh maidir le hábhar staitistice a bhailiú, a anailísiú agus a fhoilsiú óna mbíonn léargas ar shochaí, ar eacnamaíocht agus ar thimpeallacht na hÉireann.

Tá athrú ar na modhanna oibre le himeacht na mblianta ach níl aon athrú ar an dúthracht maidir le rúndacht, cruinneas, ardchaighdeán, trédhearcacht agus neamhspleáchas.

Tráth a bhfuil oiread sonraí ar fáil, is iad na príomhdhifríochtaí idir an Phríomh-Oifig Staidrimh agus soláthraithe eile sonraí go bhfuil seasamh faoin dlí leis an oifig agus ardchaighdeán agus rialáil dhocht i gceist lenár gcuid sonraí.  Déantar freisin an t-ábhar staidrimh a fhoilsíonn an oifig a thiomsú agus a dheimhniú go neamhspleách agus foilsítear an modh oibre agus na foinsí a bhí in úsáid.  Tá an neamhspleáchas maidir le hanailís staidrimh a fhoilsiú cosanta faoi dhlí na hÉireann agus faoi dhlí na hEorpa, mar atá an rúndacht maidir le do chuid sonraí.

Staidreamh oifigiúil a thugtar ar an ábhar staidrimh a chuireann an oifig ar fáil.  Déanann eagrais agus saineolaithe idirnáisiúnta seiceáil agus deimhniú neamhspleách ar an ábhar sin.  Fónann seo do chur in aghaidh na mífhaisnéise agus d'ábhar comparáide iontaofa a bheith ar fáil ag lucht déanta cinntí.  Is bonnchloch faoi mhaireachtáil i sochaí lán eolais fíricí atá cruinn infhíoraithe a chur ar fáil a mbíonn teacht go furasta orthu ag an uile dhuine.  

Tá muinín ag muintir na tíre as an oifig le 75 bliain anuas agus an oifig ag brath ar na daoine.  Is cúis mórtais dúinn a bheith chomh fada seo ar an bhfód inár bhfoinse iontaofa maidir le sonraí eacnamaíochta agus sóisialta faoi shaol na hÉireann.

Leantar den obair chrua maidir leis an muinín a chuirtear san oifig a chaomhnú agus a chothú ionas gur féidir sonraí fiúntacha, arna dtiomsú go neamhspleách, agus léargas tairbheach a chur ar fáil ionas gur féidir cinnteoireacht atá bunaithe ar fhianaise a bhunú orthu ar mhaithe leis an uile dhuine. 

An Phríomh-Oifig Staidrimh: Braithigí Orainne. Táimidne ag brath oraibhse.


Roinnt Fíricí faoin bPríomh-Oifig Staidrimh

  1. Ba é John Hooper an chéad Stiúrthóir Staidrimh a ceapadh ar bhunú an Stáit sa bhliain 1922.
  2. Cuireadh an Phríomh-Oifig Staidrimh ar bun ar an 1 Meitheamh 1949 mar chuid de Roinn an Taoisigh.
  3. I mí Meitheamh 1949, ceapadh Roy Geary ina Stiúrthóir ar an bPríomh-Oifig Staidrimh agus earcaíodh Donal McCarthy i bpost an Leas-Stiúrthóra. I measc na mball foirne eile a earcaíodh, bhí Tom Linehan a raibh i ndán go mbeadh sé ina Stiúrthóir in am tráth.
  4. Ceapadh ceathrar staitisteoirí sa bhliain 1949 agus ba ghairid gur earcaíodh an cúigiú duine.
  5. Nuair a bunaíodh an Phríomh-Oifig Staidrimh, cuireadh beirt de na staitisteoirí nua go dtí na Stáit Aontaithe ar feadh ocht mí i mbun oiliúna maidir le hobair phraiticiúil staidrimh.
  6. Rinne an bheirt staitisteoirí a cuireadh chuig na Stáit Aontaithe sa bhliain 1949 staidéar ar staidreamh rialtais le béim faoi leith ar Staidreamh Náisiúnta Ioncaim, Fiosrú Buiséad Lín Tí, Suirbhéireacht Ioncam Feirmeoirí, Meastachán maidir le Barra Feirme agus Suirbhéanna Samplacha a Leagan Amach.
  7. In 1949, ceadúnaíodh 15,118 gluaisteán nua príobháideacha don chéad uair. In 2023, bhí líon na ngluaisteáin nua príobháideacha tar éis ardú go 117,424.
  8. Is é Tom Linehan, a chaith 24 bliana ó 1967 go 1991 sa phost, an té is faide a rinne fónamh i bpost Ard-Stiúrthóir na Príomh-Oifige Staidrimh.
  9. Tá ardú tagtha ar líon fostaithe na Príomh-Oifige Staidrimh thart ar deichniúr sa bhliain 1949, go dtí 500 sa bhliain 1982, go dtí breis agus 1,000 sa lá atá inniu ann, scaipthe ar fud trí ionad i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath.
  10. Ar an 23 Feabhra 1973, goideadh £5,802 (suim ionann le €86,000 nó mar sin sa lá atá inniu ann) faoi dhíriú gunna ó fhoireann pá na Príomh-Oifige Staidrimh (Tuarascáil Choimisinéir an Gharda faoi Choiriúlacht 1973).
  11. Eagraíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh daonáireamh uair amháin i ngach cúig bliana i mí Aibreán, seachas ar 12 Bealtaine 1946.
  12. Tharla trí huaire an Daonáireamh a chur ar atráth nó ar ceal:
    • Sa bhliain 1976, cuireadh an Daonáireamh ar ceal mar bheart eacnamaíochta. Eagraíodh daonáireamh speisialta, le líon laghdaithe ceisteanna, sa bhliain 1979 agus daonáireamh iomlán arís sa bhliain 1981.
    • Cuireadh Daonáireamh 2001 siar go ceann bliana mar gheall ar an ngalar Crúb agus Béil.
    • Cuireadh Daonáireamh 2021 siar go ceann bliana mar gheall ar phaindéim COVID-19.
  13. I mí Feabhra 1994, rinneadh dílárú agus d'athraigh an Phríomh-Oifig Staidrimh go Corcaigh.  Aistríodh tuairim is 400 post buan go dtí an oifig nua i gCorcaigh agus coinníodh 130 post i mBaile Átha Cliath a bhain le staidreamh déimeagrafaíochta agus réimsí eacnamaíochta, mar shampla na Cuntais Náisiúnta, Comhardú na nÍocaíochta (Cuntais Idirnáisiúnta ó shin) agus Trádáil.
  14. Tháinig an tAcht Staidrimh, 1993 i bhfeidhm ar an 1 Samhain 1994. Is leis sin a cuireadh an Phríomh-Oifig Staidrimh ar bun ina hOifig neamhspleách ar bhonn reachtaíochta faoi choimirce an Taoisigh.
  15. D'eisigh an Phríomh-Oifig Staidrimh 350 tuairisc agus foilseachán sa bhliain 2009. Eisíodh 447 tuairisc agus foilseachán sa bhliain 2023 chomh maith le níos mó ná 200 preasráiteas i nGaeilge agus i mBéarla agus níos mó ná 100 grafaic eolais.

Cuntas Achoimre ar Stair na Príomh-Oifige Staidrimh

1949-1972

01 Meitheamh 1949: Cuireadh an Phríomh-Oifig Staidrimh ar bun i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ar bhonn neamhreachtúil.

1951: Foilsíodh “The Official Cost of Living Index Number and its Critics” le Roy Geary, Stiúrthóir na hoifige. Cáipéis 30 leathanach a bhí san fhoilseachán seo a scríobhadh mar fhreagra ar thuairimíocht a bhí á cur chun cinn go tréan i measc an phobail gur bréagearra a bhí san innéacs.  Léiríodh sa pháipéar an leagan amach a bhí ar an innéacs, an chiall a bhí le baint as agus an fáth gurbh fhéidir iontaoibh a bheith as.  Ba é dearcadh an údair go raibh neamhspleáchas na hOifige agus saorfhoilsiú na sonraí le háireamh ar “one of the greatest privileges and safeguards of a free democracy”.

1951: Le Daonáireamh 1951 a tosaíodh ar an Daonáireamh a dhéanamh gach tréimhse cúig bhliana in Éirinn.  Socraíodh ar an daonáireamh a dhéanamh in Éirinn níos minice ná i dtíortha eile mar gheall ar an méid imirce agus athrú sóisialta a bhí ag tarlú.

1951-1952: Rinneadh an chéad Fhiosrú Buiséad Teaghlaigh.  Bhí bunábhar ar fáil ó na torthaí don ríomh ar an treoiruimhir Costais Maireachtála.

1955: Rinneadh an chéad Suirbhéireacht Náisiúnta ar Fheirmeacha.

Eanáir 1961: Bunaíodh an Innéacs Míosúil Miondíolacháin.

1964: An chéad suirbhé samplach maidir le hIompar Fartha Bóthair.

1973, Ballraíocht i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, agus ó shin i leith

1973: Cheangail Éire leis an gComhphobal óna n-eascraíonn Aontas Eorpach na linne seo.  Is gnéithe éigeantacha faoi rialacha an AE maidir le cúrsaí staidrimh beagnach an uile chuid d'obair staidrimh na hoifige sa lá atá inniu ann.  

1982: Bhí isteach is amach le 500 duine ar fhoireann na Príomh-Oifige Staidrimh.

1980idí: Bhíodh leabhráin agus foilseacháin na Príomh-Oifige Staidrimh le ceannach ó Oifig Díolacháin na bhFoilseachán Rialtais agus bhíodh an Achoimreacht ar Staidreamh na hÉireann, Bliainiris Staidrimh na hÉireann ina dhiaidh sin, le ceannach i siopaí leabhair de leithéid Eason.

1984: Chuir an Rialtas Comhairle Staidrimh ar bun leis an Ollamh Denis Conniffe ina chathaoirleach chun athbhreithniú a dhéanamh maidir le staidreamh oifigiúil na hÉireann agus tuairisc a thabhairt ina leith.  Leag an tOllamh Conniffe amach a raibh de dhíth maidir leis an bPríomh-Oifig Staidrimh chun feabhas a chur ar staidreamh oifigiúil na hÉireann.  D'áitigh seisean: 

  • go raibh níos mó solúbthachta agus neamhspleáchais de dhíth ar an bPríomh-Oifig Staidrimh ionas go bhféadfaí tabhairt faoi phleanáil ilbhliantúil a mbeadh breis éifeachta agus críochnúlachta de thoradh air maidir le hábhar staitistice a chur ar fáil.
  • gur cheart aird a bheith ag an oifig ar réimse níos leithne d'úsáideoirí maidir leis na sonraí agus nár cheart go bhfeicfí don oifig nach raibh ag baint leis an ról ach freastal ar a mbeadh á éileamh ag Eurostat.
  • gur theastaigh a thabhairt de chumhacht don oifig faoin dlí comhordú a dhéanamh ar chúrsaí staidrimh in Éirinn.
  • gur ghá nuachóiriú a thabhairt ar phróisis na Príomh-Oifige Staidrimh agus go bhféadfaí sin a thabhairt i gcrích trí leathnú ar na réimsí scile, baill foirne a bheith ar iasacht ar fud ranna na státseirbhíse, modhanna nua staidrimh a úsáid, agus leas níos mó a bhaint as ríomhairí chun sonraí a phróiseáil.

Foilsíodh tuarascáil na Comhairle Staidrimh sa bhliain 1985 agus tháinig an Páipéar Bán (A New Institutional Structure for the CSO) a foilsíodh i mí Deireadh Fómhair 1985 faoina anáil.

1986: Cuireadh an Bord Náisiúnta Staidrimh ar bun.

1993: Tháinig an tAcht Staidrimh, 1993 in ionad na nAchtanna eile ar fad a chuaigh roimhe.  Tugadh i gceist leis an Acht seo an sainordú maidir le sonraí a bhailiú agus an teacht ar shonraí riaracháin, sainmhíniú maidir le hOifigeach Staidrimh agus sainmhíniú ar rúndacht i gcúrsaí staidrimh.

11 Feabhra 1994: Rinneadh dílárú le haistriú na Príomh-Oifige Staidrimh go Corcaigh agus dúnadh an oifig in Áras Fhaiche Stiabhna, Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2.

Meán Fómhair 1997: Cruthaíodh an chéad lógó don Phríomh-Oifig Staidrimh.

2000: Osclaíodh oifig na Príomh-Oifige Staidrimh i Sord.

2018: Seoladh lógó nua na Príomh-Oifige Staidrimh.

2018: Le Ráiteas Straitéise nua, éilíodh úsáid níos fairsinge as táblaí inlíne, tráchtaireacht, deiseanna léiriúcháin agus deaiseanna d'fhonn lón eolais agus faisnéise don uile dhuine a chruthú as sonraí agus ábhar staitistice.

2018: Leagadh amach faoin Acht um Chosaint Sonraí a raibh dlite maidir le rialtóirí sonraí agus próiseálaithe sonraí agus a raibh de dhualgas orthu, faoin rialachán RGCS agus faoin reachtaíocht náisiúnta.

Márta 2020: D'athraigh an chuid is mó d'fhoireann na Príomh-Oifige Staidrimh den chéad uair riamh ó oibriú in oifig go dtí oibriú ón mbaile mar gheall ar na srianta a bhí i bhfeidhm mar gheall ar COVID-19.

2020-2022: Ba léir ó ghéarchéim COVID-19 an gá a bhí le faisnéis níos tráthúla faoin tionchar a bhí ag an bpaindéim ar chúrsaí eacnamaíochta, ar shaol na hÉireann agus ar dhea-bhail an duine. Rinne an Phríomh-Oifig Staidrimh beart ina leith sin le sraith nua foilseachán, roinnt acu faoi chló na Sraithe Ceannródaíochta.  Cuireadh freisin Moil le chéile a bhí ina aon ionad eolais amháin maidir le faisnéis faoi na príomhréimsí ábhair.

Bealtaine 2022: Tugadh formáid nua i bhfeidhm maidir le foilseacháin le Príomhthorthaí agus Tráchtaireacht an Staitisteora ina gcuid feasta de gach foilseachán.

Meitheamh 2024: Seoladh an rannóg nua Iontaoibh agus Trédhearcacht ar láithreán gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh.

Íomhánna


Buaicphointí Gaolmhara