Cathain a thug an Phríomh-Oifig Staidrimh faoi deara ar dtús go raibh imní ann faoi cháilíocht sonraí coireachta taifeadta?
Chuir an Phríomh-Oifig Staidrimh foilsiú staitisticí Coireachta Taifeadta ar fionraí ar dtús in 2014 tar éis tuairisc ó Chigireacht an Gharda Síochána a bheith foilsithe ina n-aithnítear saincheisteanna cáilíochta maidir le taifeadadh sonraí ar an gcóras PULSE. Is é an córas PULSE an t-aon fhoinse sonraí coireachta taifeadta atá ar fáil don bPríomh-Oifig Staidrimh chun na staitisticí seo a tháirgeadh.
Sa bhliain 2015 d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh Athbhreithniú ar Cháilíocht na Staitisticí Coireachta. Ansin atosaigh an Phríomh-Oifig Staidrimh ar staitisticí coireachta taifeadta a fhoilsiú ach chuir sí foláirimh san áireamh maidir le cáilíocht na sonraí bunúsacha.
Ó 2015 tá níos mó saincheisteanna cáilíochta tagtha chun solais maidir le sonraí PULSE agus ghlac an Phríomh-Oifig Staidrimh an cinneadh go luath in 2017 tuilleadh foilsithe a chur ar atráth.
Cad iad na saincheisteanna cáilíochta is deireanaí agus cén fáth a chuir an Phríomh-Oifig Staidrimh foilsiú staitisticí coireachta taifeadta ar fionraí in 2017?
I Ráithe 1 de 2017 chuir an Phríomh-Oifig Staidrimh eisiúint na staitisticí Coireachta Taifeadta a bhí le foilsiú i Meitheamh 2017 ar dtús, siar go dtí go raibh athbhreithniú inmheánach ar 41 chás dúnbhásaithe críochnaithe ag an Garda Síochána agus go dtí go raibh an t-iniúchadh déanta ar imní a bhí curtha in iúl ag an bPríomh-Oifig Staidrimh ar leithligh maidir le taifid dúnbhásaithe ar PULSE.
I mí Mheán Fómhair 2017 ghlac an Phríomh-Oifig Staidrimh an cinneadh foilsiú na staitisticí Coireachta Taifeadta a chur ar atráth uair eile. Tharla seo toisc nach raibh obair ar shaincheisteanna áirithe a bhí ardaithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh críochnaithe ina hiomláine i mí Bhealtaine 2017 agus chomh maith leis sin bhí cinneadh déanta ag An Garda Síochána síneadh ama a chur leis an tréimhse don athbhreithniú a bhí á dhéanamh acu ar na cásanna dúnbhásaithe.
Cén fáth atá cinneadh á dhéanamh ag an bPríomh-Oifig Staidrimh faoi láthair foilsiú staitisticí Coireachta Taifeadta a atosú?
Tá roinnt athbhreithnithe cáilíochta ar leith á ndéanamh ar shonraí PULSE faoi láthair agus ní chomhlíonann siad caighdeáin na Príomh-Oifige Staidrimh maidir le iomláine agus cruinneas i láthair na huaire. Cuireadh síneadh ama roinnt uaireanta leis an tréimhse chun na hathbhreithnithe seo a chríochnú ach níl aon dáta críochnaithe socraithe faoi láthair.
Tá de shainchúram ar an bPríomh-Oifig Staidrimh aschuir staidrimh a tháirgeadh maidir le gníomhaíochtaí agus cúinsí, idir gheilleagrach, shóisialta agus ghinearálta, sa Stát. Tá staitisticí coireachta ina bpríomhchuid den bhfaisnéis seo.
Níl staitisticí Coireachta Taifeadta foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh le 12 mhí anuas. Mar thoradh ar gan staitisticí Coireachta Taifeadta tráthúla neamhchlaonta a táirgeadh ar shlí thrédhearcach a bheith ar fáil tá folús ag lucht cinnteoireachta beartais agus ag na saoránaigh ar spéis leo iad. Dá bhrí sin tá an Phríomh-Oifig Staidrimh den tuairim ag an bpointe seo gur fearr a fhóntar do leas sáraitheach an phobail má atosaítear ar na staitisticí coireachta taifeadta a fhoilsiú, rangaithe sa chatagóir Faoi Fhorchoimeádas chun aird a tharraingt ar na saincheisteanna cáilíochta.
Tá a cuid staitisticí á dtáirgeadh ag an bPríomh-Oifig Staidrimh ar bhonn na sonraí is oibiachtúla is trédhearcaí is neamhspleách dá bhfuil ar fáil. Agus ár machnamh á dhéanamh againn ar ár gcuid imní maidir le hiomláine agus cruinneas na sonraí bunúsacha PULSE tá cinneadh déanta ag an bPríomh-Oifig Staidrimh foilsiú staitisticí coireachta a atosú faoi chatagóir nua staitisticí dar teideal Faoi Fhorchoimeádas.
Cad is brí le Faoi Fhorchoimeádas?
Cuireadh an aicmiú nua staitisticí Faoi Fhorchoimeádas i bhfeidhm chun a léiriú go mbaineann saincheisteanna cáilíochta sonraí leis na bhfoinsí bunúsacha a úsáideadh chun na staitisticí seo a thiomsú. Tá an cur chuige seo ina ndéantar difreáil ar staitisticí de réir imní i dtaobh cáilíochta a bhaineann leis na sonraí bunúsacha ag teacht le dlínsí eile cosúil le Sasana agus an Bhreatain Bheag.
I gcás staitisticí Coireachta Taifeadta cuirfidh an aicmiú nua go díreach ar a súile do na húsáideoirí go bhfuil easnaimh cháilíochta bhunúsacha i gceist agus cuirtear ar an eolas iad gur féidir a bheith ag súil le tuilleadh athbhreithnithe de réir mar a réitítear na heasnaimh seo.
An dócha go ndéanfar athbhreithniú ar na staitisticí seo?
Is dócha. Tá athbhreithniú leanúnach á dhéanamh ag an Garda Síochána ar thaifeadadh cásanna dúnbhásaithe. Clúdaítear an tréimhse 2003 - 2017 san athbhreithniú seo. Is dócha go ndéanfar athruithe ar aicmiú cásanna áirithe mar thoradh air seo.
Mar thoradh ar shaincheisteanna cáilíochta sonraí atá ardaithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh i dtaobh cásanna dúnbhásaithe a thaifeadadh d’fhéadfaí tuilleadh athbhreithnithe a dhéanamh ar shonraí dúnbhásaithe freisin. D’fhéadfadh go mbaineann cuid de na saincheisteanna cáilíochta sonraí a ardaíodh le grúpaí coireachta eile.
Cé chomh fada a bheidh feidhm ag an gcatagóir Faoi Fhorchoimeádas i dtaobh le staitisticí Coireachta Taifeadta?
Fanfaidh an catagóiriú staitisticí Faoi Fhorchoimeádas i bhfeidhm go dtí gur deimhin leis an bPríomh-Oifig Staidrimh gur de cháilíocht leordhóthanach é leibhéal cruinnis agus iomláine na sonraí bunúsacha.
Cé a dhéanann cinneadh críochnaitheach faoin am a gcuirfear deireadh leis an gcatagóir faoi fhorchoimeádas?
Glacfaidh Ard-Stiúrthóir na Príomh-Oifige Staidrimh an cinneadh faoin am ar féidir deireadh a chur leis an bhForchoimeádas de réir Ailt 13 den Acht Staidrimh 1993. Is ar an Ard-Stiúrthóir amháin atá an fhreagracht agus neamhspleáchas iomlán maidir le gach cinneadh faoi chúrsaí staidrimh faoin Acht.
Cad iad na critéir chun deireadh a chur leis an gcatagóiriú seo?
Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh i dteagmháil leis an Garda Síochána d’fhonn na critéir a leagan amach nach mór a chomhlíonadh chun deireadh a chur leis an bhforchoimeádas. Ní bhaineann na critéir le sonraí dúnbhásaithe amháin ach tabharfar faoi imní cáilíochta thar réimse saincheisteanna níos fairsinge leo. Tabharfar faoi shaincheisteanna ar nós rialachas sonraí, oiliúint, nósanna imeachta um sonraí coireachta a thaifeadadh agus iniúchóireacht agus monatóireacht ar cháilíocht sonraí.
An ionann an cinneadh leanúint ar aghaidh le coireacht Faoi Fhorchoimeádas agus go bhfuil an caidreamh idir an Garda Síochána agus an Phríomh-Oifig Staidrimh ag dul in olcas?
Ní hionann. Tugann an cinneadh staitisticí coireachta taifeadta a fhoilsiú Faoi Fhorchoimeádas le tuiscint go mbaineann saincheisteanna go leanúnach le cáilíocht sonraí bunúsacha PULSE.
Is uirlis fhíor-riachtanach iad staitisticí coireachta láidre iontaofa don lucht déanta beartais. Lena chois sin cuireann an pobal i gcoitinne spéis iontu. Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh tiomanta i gcónaí do chomhairle agus cabhair a thabhairt don Garda Síochána i dtaobh feabhas a chur ar cháilíocht a chuid sonraí.
Cé chomh muiníneach ar féidir leis an bpobal a bheith as staitisticí coireachta?
Leis an gcinneadh staitisticí a fhoilsiú sa chatagóir Faoi Fhorchoimeádas léirítear imní atá ar an bPríomh-Oifig Staidrimh i dtaobh iomláine agus cruinneas sonraí PULSE. Cuirfidh sonraí a fhoilsítear faoin gcatagóir seo an fhaisnéis is fearr dá bhfuil ann ar fáil d’úsáideoirí. Ag an am céanna sainaithnítear na saincheisteanna cáilíochta agus marcáiltear áiteanna inar féidir a bheith ag súil le hathbhreithniú.