Céard iad OTI agus OTN?
Tomhasanna a bhfuil baint mhór acu lena chéile iad Olltáirgeacht Intíre (OTI) agus Olltáirgeacht Náisiúnta (OTN). Tomhasann OTI aschur iomlán an gheilleagair i dtréimhse, mar shampla luach na hoibre a dhéanann fostaithe, comhlachtaí agus daoine féinfhostaithe. Bíonn ioncam ar fáil ón obair seo ach ní fhanann gach ioncam a shaoraítear sa gheilleagar i seilbh cónaitheoirí (agus is féidir le cónaitheoirí ioncam a shaothrú thar lear). An t-ioncam iomlán a fhanann le cónaitheoirí Éireannacha é an tOTN agus tá méid glan an ioncaim a sheoltar chuig nó a fhaightear ó thar lear de dhifear idir é agus an tOTI.
I gcás na hÉireann, le blianta atá imithe, bhí an méid a bhí i seilbh daoine thar lear níos mó ná an méid a tháinig isteach as thar lear, bhí sé seo amhlaidh don chuid is mó de bharr an bhrabúis a rinne comhlachtaí in úinéireacht eachtrach, agus mar sin, tá ár nOTN níos lú ná ár nOTI.