Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Cuireann feidhmiú de réir na gcaighdeán agus na modhanna oibre idirnáisiúnta leis an muinín as ábhar staitistice na Príomh-Oifige Staidrimh

Ag féachaint duit ar fhíricí nó ar fhigiúirí a chuirtear i láthair ar na meáin chumarsáide, an dtarlaíonn duit fiafraí díot féin an féidir iontaoibh a chur san fhaisnéis sin? An léir mar a cuireadh an t-ábhar staitistice sin ar fáil? An eol duit an fhaisnéis a bheith cruinn, nó fíor freisin i leith gach cuid den tír nó gach aoisghrúpa?

Is í an oifig an Institiúid Náisiúnta Staidrimh (INS) i gcás na hÉireann agus leagtar de chúram ar an oifig an t-ábhar oifigiúil staidrimh faoi shochaí, faoi gheilleagar agus faoi thimpeallacht na tíre a chur ar fáil. Is é an t-idirdhealú is géire idir an Phríomh-Oifig Staidrimh agus soláthraithe eile sonraí gur go neamhspleách a dhéantar tiomsú agus dearbhú ar an ábhar staitistice a fhoilsíonn an oifig.

Ní amháin nach mór coinníollacha faoin reachtaíocht a shásamh leis na sonraí, ní mór teacht chomh maith leis na caighdeáin is airde go hidirnáisiúnta. Déanann eagrais idirnáisiúnta, mar shampla Eurostat, an Banc Ceannais Eorpach nó eile, seiceáil dhian agus deimhniú ar na sonraí.

Ciallaíonn sin ar fad gur féidir iontaoibh a chur sna sonraí a fhoilsíonn an oifig.

An t-eolas atá tábhachtach duitse

  • Cothaítear iontaofacht maidir le hábhar staidrimh le caighdeáin agus modhanna oibre aontaithe ar fud na ngníomhaireachtaí staidrimh ar fad san Eoraip. Tá teacht ar fhíricí infhíoraithe ina bhunchloch maidir leis an daonlathas.
  • Déanann saineolaithe idirnáisiúnta, Eurostat agus an Banc Ceannais Eorpach ina measc, próisis staidrimh na Príomh-Oifige Staidrimh a dheimhniú agus a sheiceáil.
  • Cloíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh le prionsabail agus caighdeáin atá comhaontaithe go hidirnáisiúnta lena gcuirtear bonn daingean faoi ábhar oifigiúil staitistice a chruthú agus lena gcinntítear go ndéantar an t-ábhar staidrimh a thiomsú i gcomhréir le caighdeáin agus modhanna oibre dochta gairmiúla.

Cé na bearta rialála maidir le dea-chaighdeáin atá i bhfeidhm ag an bPríomh-Oifig Staidrimh?

Is í an Phríomh-Oifig Staidrimh an Institiúid Náisiúnta Staidrimh (INS) in Éirinn, rud a chiallaíonn go leagtar de chúram ar an oifig faoin dlí ábhar staidrimh oifigiúil a chur ar fáil faoi shochaí, faoi gheilleagar agus faoi thimpeallacht na hÉireann.  Táthar dá réir sin i gcás faoi leith, ó thaobh cúrsaí reachtaíochta de, maidir le sonraí a chnuasach le chéile as foinsí éagsúla agus sonraí a chónascadh nuair is cuí sin chun ábhar léargais a chur ar fáil do cách.

Ar an gcéad dul síos, is den tábhacht a mheabhrú go dtagann obair na hoifige faoi dhlíthe agus faoi rialacháin na hÉireann agus na hEorpa, go háirithe faoin Acht Staidrimh, 1993 agus faoi Rialachán 223/2009 an Aontais Eorpaigh.  Cloíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh freisin le Cód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh (CC SE) agus le Bunphrionsabail an Staidrimh Oifigiúil (BPSO) agus táthar tugtha dá réir sin d'ábhar staidrimh a chur ar fáil i gcomhréir le modhanna, caighdeáin agus eitic atá comhaontaithe go hidirnáisiúnta.  Trí chloí le creata den sórt sin, cuidítear le muinín agus iontaofacht a chothú maidir le hábhar staidrimh oifigiúil a chur ar fáil.  Déanann saineolaithe idirnáisiúnta, mar shampla Eurostat agus an Banc Ceannais Eorpach, próisis staitistice na hoifige a dheimhniú go neamhspleách agus a sheiceáil.

Cód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh (CCSE)

Tagann gach INS san AE faoi rialú ag na prionsabail i gCód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh (CC SE) trína gcinntítear dea-chaighdeán agus iontaofacht na sonraí agus an ábhar staidrimh oifigiúil.

Leagtar síos in CC SE sé cinn déag de bhunphrionsabail maidir le timpeallacht na hinstitiúide, próisis staidrimh agus foilseacháin staidrimh agus is dé réir sin a fheidhmíonn an AE agus na INSanna san AE.  Leagtar amach freisin 84 fotháscaire maidir leis an sárchleachtas agus na caighdeáin is gá chun na bunphrionsabail ar fad a shásamh.

Baineann prionsabail CC SE, i measc rudaí eile, le: 

  • neamhspleáchas gairmiúlachta
  • cosaint na rúndachta  
  • iontaofacht na dtorthaí 
  • mionchruinneas na dtorthaí chomh maith le tráthúlacht, pointeáltacht, áisiúlacht, soiléire, inchomparáideacht agus comhleanúnachas  

Tá cloí le CC SE ina bhonnchloch maidir le sonraí ardchaighdeáin a chur ar fáil agus is dá réir a leagtar síos na caighdeáin maidir le hábhar staidrimh san Eoraip a fhorbairt, a chur ar fáil agus a scaipeadh.

Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh lántugtha do chloí le CC SE.

Bunphrionsabail an Staidrimh Oifigiúil (BPSO)

Tríocha bliain ó shin, leag an dream ba shinsearaí i measc lucht staidrimh i dtíortha ar fud na hEorpa, na hÁise Láir agus Mheiriceá Thuaidh deich gcinn de phrionsabail amach maidir le hábhar staitistice oifigiúil a chur ar fáil.  Tuigeadh dóibh an gá le creatchóras ionas go gcinnteofaí go mbeadh an t-ábhar staidrimh a d'fhoilseodh na ballstáit iontaofa.

Ghlac Coimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) le BPSO sa bhliain 1992 agus tá aitheantas ar fud an domhain acu ó shin mar chaighdeán domhanda.

Bíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh dúthrachtach i mbun cloí le Bunphrionsabail an Staidrimh Oifigiúil (BPSO). Ciallaíonn sin go ndéanann an oifig, mar a dhéantar sna ballstáit eile, ábhar staidrimh a chur ar fáil i gcomhréir le modhanna oibre, caighdeáin agus eitic atá comhaontaithe go hidirnáisiúnta.

Cuidíonn an creatchóras seo le muinín agus iontaoibh a chothú maidir leis an ábhar staidrimh a chuirtear ar fáil.  Cloíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh leis na prionsabail seo agus leis na gnáis a ghabhann leo agus táthar den tuairim go bhfuil buntábhacht i bpobal daonlathach le hábhar staidrimh a chur ar fáil de réir na gcaighdeán seo.

 


Bearta Eile Seiceála

Ní mór ábhar staidrimh oifigiúil arna chur le chéile ag an bPríomh-Oifig Staidrimh a bheith ag teacht le caighdeáin feabhais agus tráthúlachta a leagtar síos faoi dhlí na hÉireann agus faoi dhlí na hEorpa.  Déantar rialáil agus deimhniú neamhspleách ar ábhar staitistice na hoifige chomh maith.

Ní amháin go mbíonn BPSO agus CC SE mar cheatchóras ag an oifig agus ábhar staidrimh á chur ar fáil, déantar an obair freisin i gcomhréir le caighdeáin arna leagan síos i reachtaíocht an AE ag an gCoimisiún Eorpach (Eurostat) agus ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE). Fágann sin go bhfuil de cheangal faoin dlí ar an bPríomh-Oifig Staidrimh an t-ábhar staitistice a thiomsú de réir na gcaighdeán atá leagtha síos agus de réir na gcritéar maidir le feabhas agus le tráthúlacht.  Déanann Eurostat nó an Banc Ceannais Eorpach, ag brath ar an réimse ábhair atá i gceist, deimhniú agus seiceáil neamhspleách ar an ábhar staidrimh a chuireann an oifig ar fáil.             

Mar shampla, tagann an t-ábhar staidrimh a chuirtear ar fáil maidir leis na Cuntais Náisiúnta agus Staidreamh Airgeadais an Rialtais faoi réir ag maoirseacht dhian ghéar faoin reachtaíocht ó tharla go mbítear ag brath ar an ábhar sin maidir le ranníocaíochtaí na hÉireann i ndáil le buiséad an AE agus comhlíonadh rialacháin airgeadais an AE in Éirinn a dheimhniú.

Piarmheasúnaithe

Téann an Phriomhoifig Staidrimh go tráthrialta faoi Phiarmheasúnú nuair a dhéanann meitheal saineolaithe idirnáisiúnta meastóireacht i ndáil le comhlíonadh 16 phrionrabal (maille le 84 fhotháscaire) an CC SE d'fhonn a dheimhniú go sásaíonn an oifig na caighdeáin chomhaontaithe sin.  Foilsítear an toradh a bhíonn ar gach Piarmheasúnú ar an láithreán gréasáin i gcomhréir le dúthracht na hoifige maidir le cúrsaí trédhearcachta.  I mí Feabhra 2022 a rinneadh an Piarmheasúnú is deireanaí ar an bPríomh-Oifig Staidrimh.

Is é an sárchaighdeán an teist atá ar ábhar staidrimh na hEorpa agus trína chinntiú go sásaítear na caighdeáin chomhaontaithe le gach foilseachán de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh, cinntítear freisin gur féidir leis an bpobal agus le lucht cinnteoireachta iontaoibh a chur i neamhspleáchas agus in ardchaighdeán na sonraí.


Tuige ar tábhachtach fios a bheith ag duine go gcloíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh leis na prionsabail agus leis na cóid chleachtais seo?

Is é atá de bhunchuspóir le cóid chleachtais den sórt sin creatchóras a chur ar bun trína gcinntítear go mbíonn an t-ábhar staitistice a fhoilsíonn ballstáit iontaofa mar gheall ar a chur le chéile i gcomhréir le modhanna, caighdeáin agus eitic atá comhaontaithe go hidirnáisiúnta..

Cuidíonn fios go gcloíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh leis na creatchórais agus leis na prionsabail le hiontaofacht agus inchreidteacht ábhar staidrimh na hoifige, agus an ábhair staidrimh oifigiúil i gcoitinne, a chothú.  Cuirtear bonn treise faoi ghníomhaireachtaí staidrimh i mbun ábhar staitistice oifigiúil a thiomsú i gcomhréir le cúinsí dochta gairmiúlachta, prionsabail eolaíochta agus eitice ghairmiúlachta san áireamh. Cuirtear bonn treise faoin lucht ceaptha beartais ós gné bhunriachtanach den chóras faisnéise i bpobal daonlathach an lón staidrimh oifigiúil agus ó chuirtear ar fáil sonraí agus ábhar fiúntach léargais arna gcur ar fáil go neamhspleách, rud a chuireann bonn treise faoi chinnteoireacht atá bunaithe ar fhianaise.