Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Bítear macánta faoi na modhanna oibre, faoi fhoinsí agus faoi chaighdeáin ionas gur féidir iontaoibh a chur in ábhar staitistice na Príomh-Oifige Staidrimh

Cuirtear leis an iontaoibh san ábhar staitistice trína bheith macánta oscailte, trína insint go soiléir an ní a dhéantar agus modh a dhéanta. Sin ceann de na tréithe éagsúlachta idir ábhar oifigiúil staitistice arna thiomsú ag an an bPríomh-Oifig Staidrimh agus lón ábhair ó sholáthraithe eile sonraí.

Is iomaí bealach ina léiríonn an Phríomh-Oifig Staidrimh an dúthracht maidir le trédhearcacht. Mar shampla, is gné bhuntábhachtach maidir le cothú na trédhearcachta faisnéis a chur ar fáil gan bhac gan chonstaic. Tugann an oifig an deis chéanna ar fhoilseacháin don lucht úsáide ar fad ag an aon am amháin. Nuair a fhoilsítear ábhar nua staitistice, bíonn teacht ag an uile dhuine ar an ábhar ar láithreán gréasáin na hoifige ón 11 r.n. ar lá a fhoilsithe. Déantar aon deis ar an ábhar sula bhfoilsítear é a shrianadh, a smachtú agus a fhoilsiú.

Bítear trédhearcach macánta freisin faoin modh ina n-oibrítear. Cuirtear ábhar staitistice ar fáil i gcomhréir le modhanna oibre, caighdeáin agus eitic ghairmiúlachta atá aontaithe go hidirnáisiúnta. Tagann an oifig faoi athbhreithniú go tráthrialta ag meitheal saineolaithe idirnáisiúnta ionas go gcinntítear cloí leis na caighdeáin is airde. Foilsíonn an oifig an toradh a bhíonn ar na bearta athbhreithnithe sin ionas gur féidir leis an lucht úsáide muinín a bheith acu as próisis agus gnáis oibre na hoifige. Foilsítear freisin i ngach foilseachán maidir le hábhar staitistice na foinsí agus na modhanna oibre a bhí in úsáid. Fágann na bearta sin go léir gur féidir leis an lucht úsáide misneach a bheith acu as iontaofacht agus as ardchaighdeán an ábhair staitistice oifigiúil.

An t-eolas atá tábhachtach duitse

  • Cloíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh le caighdeáin na hEorpa agus le prionsabail idirnáisiúnta agus táthar dúthrachtach maidir lena bheith macánta trédhearcach faoin modh ina gcuirtear an t-ábhar staidrimh ar fáil
  • Socraítear an teacht céanna, an tráth céanna agus saor in aisce ag gach duine den lucht úsáide ar fhoilseacháin staidrimh na hoifige
  • Déantar na modhanna oibre ar fad agus na foinsí ar fad a lua go soiléir i ngach foilseachán
  • Cothaíonn an trédhearcacht iontaoibh agus muinín as an ábhar staitistice a chuirtear ar fáil

Cén difríocht atá idir an Phríomh-Oifig Staidrimh agus soláthraithe eile sonraí?

Léargas neamhspleách a chur ar fáil do cách.

Tá sonraí na Príomh-Oifige Staidrimh éagsúil ó tharla go bhfuiltear i riocht, mar gheall ar chúrsaí reachtaíochta, sonraí a bhailiú le chéile ó fhoinsí éagsúla agus sonraí a nascadh nuair is iomchuí sin a dhéanamh chun lón léargais a chur ar fáil don uile dhuine.  Níl an seasamh céanna faoin dlí ag tiomsaitheoirí eile sonraí chun ábhar staidrimh a chnuasach ar an gcaoi seo.  Foilsítear táirgí staidrimh uile na hoifige agus cinntítear teacht cothrom comhuaineach ag gach grúpa den lucht úsáide orthu.  Bítear lánthrédhearcach faoi na modhanna bailiúcháin maidir le sonraí, faoi na ceistiúcháin, faoi na modhanna próiseála, faoi na foinsí a úsáidtear agus faoin uair a bheidh sonraí á bhfoilsiú.

Is í an oifig Institiúid Staidrimh Náisiúnta (ISN) na hÉireann agus tá d'údarás againn faoin dlí agus de dhualgas orainn sonraí faoi shochaí na hÉireann a bhailiú, a anailísiú agus a fhoilsiú.  Tugtar ábhar staitistice oifigiúil ar ábhar staitistice a fhoilsíonn an ISN, rud a chiallaíonn go gcaitheann na sonraí teacht leis na caighdeáin is airde go hidirnáisiúnta agus gur fíricí iad is féidir a dheimhniú agus atá iontaofa.  Déanann meithle saineolaithe idirnáisiúnta athbhreithniú go tráth rialta ar ghnáis oibre na hoifige.  Tagann obair na Príomh-Oifige Staidrimh faoi anáil thuairimí an lucht úsáide chomh maith.  Oibríonn an oifig le grúpaí idirghabhála, leis an mBord Náisiúnta Staidrimh, le grúpaí fócais agus bíonn tuairimí ó réimsí den lucht úsáide seachtrach i gceist leis an bpróiseas maidir le Piarmheasúnú chomh maith.

Nuair a eisítear suirbhé, roghnaítear go randamach líonta tí, agus daoine aonair ainmnithe ó am go chéile, chun léiriú ar shaol na hÉireann, lena mbaineann ionadaíocht náisiúnta, a chruthú.  Chomh fada agus a bhaineann leis na foilseacháin staidrimh, ina bhfoilsítear torthaí na suirbhéanna, luaitear mioneolas tábhachtach go soiléir, mar shampla líon na ndaoine a líon isteach an suirbhé, modhanna oibre na hoifige agus na foinsí sonraí.

Faoin Acht Staidrimh, is féidir leis an bPríomh-Oifig Staidrimh leas a bhaint freisin as foinsí sonraí atá ar bun cheana féin, mar shampla as taifid riaracháin arna dtiomsú ag comhlachtaí agus gníomhaíochta Rialtais, chun ábhar léargais a chur ar fáil faoi shochaí, faoi gheilleagar agus faoi thimpeallacht na tíre.

Anuas ar an méid sin ar fad, tá cosaint do rúndacht shonraí an duine aonair cumhdaithe sa dlí agus socraítear teacht cothrom ag an uile dhuine ar na sonraí a fhoilsítear trína gcur ar fáil saor in aisce ar láithreán gréasáin na hoifige.

Cé na bealaí ina mbíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh macánta trédhearcach?

Bíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh trédhearcach macánta faoi ról na hoifige, an obair a dhéantar, modh a dhéanta agus fáth a dhéanta.  Leagtar amach go soiléir a bhfuil de fhreagracht ar an oifig faoin Acht Staidrimh agus na bearta a dhéantar chun rúndacht na sonraí a bhailíonn an oifig a chosaint.

Glactar leis gur gné bhuntábhachtach de chothú na trédhearcachta teacht a bheith ar fhaisnéis neamhspleách saor in aisce.  Mar shampla, tá an Phríomh-Oifig Staidrimh dúthrachtach maidir le Cód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh (CC SE) faoina n-éilítear go mbeadh teacht cothrom an tráth céanna ag gach duine den lucht úsáide ar fhoilseacháin staidrimh.

Cloítear, i gcáil Institiúid Staidrimh Náisiúnta (ISN) na hÉireann, le 10 Bhunphrionsabail an Staidrimh Oifigiúil. Ciallaíonn sin nach mór don oifig, ar aon dul le ballstáit eile, ábhar staidrimh a chur ar fáil i gcomhréir le modhanna, caighdeáin agus eitic atá comhaontaithe go hidirnáisiúnta.  Déantar an toradh a bhíonn ar Athbhreithniú Comhchéime a fhoilsiú ionas gur mó cinnteachta a bhíonn ag an lucht úsáide maidir le próisis agus gnáis oibre na hoifige.  Cuidíonn sin le muinín agus iontaofacht a chothú i ndáil le hábhar staidrimh oifigiúil a chur ar fáil.

Conas is féidir a dhéanamh amach cén fhaisnéis ar baineadh úsáid aisti chun foilseachán a chur le chéile?

Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh tugtha don mhacántacht agus don trédhearcacht.  Foilsítear mioneolas faoi na sonraí a chuirtear ar fáil agus faoi na foinsí agus na modhanna oibre a bhí in úsáid ag an oifig.  Foilsítear freisin meiteashonraí mionsonraithe agus eolas faoi aon úsáid a baineadh as foinsí eile sonraí, mar shampla taifid arna gcnuasach ag comhlachtaí Státseirbhíse nó Seirbhíse Poiblí, cineál ar a dtugtar sonraí riaracháin.

Déantar foráil faoin Acht Staidrimh 1993 do chinntí, lena ngabhann trédhearcacht agus freagracht, a dhéanamh faoi chúrsaí staidrimh (Alt 13). Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh tugtha go lándúthrachtach don trédhearcacht, don ionracas agus don neamhspleáchas i ndáil le hábhar staidrimh oifigiúil.  Gné amháin de sin ceisteanna maidir le riachtanas agus comhréireacht a mheas i ndáil le gach suirbhé a bheadh á bheartú agus le gach foinse a thapófaí, fógraí trédhearcachta a fhoilsiú, agus a chinntiú nach mbeadh aon duine aonair, líon tí ná gnólacht le haithint ó na sonraí a fhoilsíonn an oifig.

Bhí mé páirteach i suirbhé, conas a fhéadaim na torthaí a bhreathnú?

Táthar buíoch díot as páirt a ghlacadh sa chúram.  Tá teacht ar sceideal beartaithe na bhfoilseachán sa réimse den láithreán gréasáin maidir le dátaí beartaithe foilsiúcháin.

Déantar gach foilseachán staidrimh de chuid na hoifige a fhoilsiú ar an láithreán gréasáin ag a 11 r.n. ar lá a fhoilsithe.  D'fhéadfadh tréimhse ama dul thart ón tráth a líonann duine isteach suirbhé agus an tráth a mbíonn toradh an tsaothair le feiceáil mar gheall ar an dua agus ar an gcúram a bhíonn le caitheamh le foilseachán staidrimh ar dhea-chaighdeán na hoifige a chur ar fáil.  Tá ar cheann de na bunphrionsabail ar dá réir a fheidhmíonn an oifig go mbíonn saortheacht cothrom ag an uile dhuine den lucht úsáide ar fhoilseacháin staidrimh ón aon tráth céanna amháin. 

An bhfuil polasaí maidir le Leasúchán ag an bPríomh-Oifig Staidrimh?

Féachann an Phríomh-Oifig Staidrimh i gcónaí leis an bhfaisnéis is cothroime le dáta a chur ar fáil don lucht úsáide.  Tarlaíonn leasú go rialta de réir mar a bhíonn sonraí tagarmharcála níos nuaí le fáil nó mar gheall ar earráid a cheartú.  Nuair a tharlaíonn athrú den sórt sin nó nuair a tharlaíonn earráid in ábhar a foilsíodh, téitear i ngleic leis an gcás go pras agus cuirtear Fógra Leasúcháin leis an bhfoilseachán atá i gceist.  Cuirtear an lucht úsáide ar an eolas faoi aon leasú maidir le sonraí staidrimh i ngach áit a ndéantar athrú agus cuirtear liosta iomlán de na hathruithe ar fad ar fáil freisin.  Tá tuilleadh eolais faoin ábhar ar fáil sa Pholasaí Leasúcháin.

Cad a tharlaíonn má tá botún sna sonraí pearsanta de mo chuid in úsáid ag an bPríomh-Oifig Staidrimh?

Má tharlaíonn an earráid i sonraí a bhailíodh ag an bPríomh-Oifig Staidrimh, ceartaítear an earráid nuair is féidir.

Faraor, má tá an earráid, mar shampla ag baint le litriúchán ainm nó seoladh, ó foinse lasmuigh den Phríomh-Oifig Staidrimh, ní féidir an earráid a cheartú. Faoin Acht Staidrimh, tá sé de cheart ag an bPríomh-Oifig Staidrimh rochtain a fháil ar an eolas seo chun sonraí suirbhé a chomhlánú nó a athsholáthar chun léargais uathúla a sholáthar ar shochaí na hÉireann.  Leagann an tAcht Staidrimh amach freisin rialuithe dochta maidir leis an bPríomh-Oifig Staidrimh agus rúndacht. De réir an dlí ní féidir linn sonraí a roinnt nó a sheoladh chuig aon roinn Rialtais, gníomhaireacht nó tríú páirtí. Déantar é seo lena chinntiú go gcoimeádtar rúndacht dhian na sonraí go léir a bhailíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh i gcónaí. Ní thagann sonraí ach amhaín isteach sa Phríomh-Oifig Staidrimh, ach ní roinntear iad ar ais le haon roinn nó gníomhaireacht Rialtais – fiú má chiallaíonn sé sin earráid a chur in iúl. Ní féidir an earráid a cheartú ach ag foinse na sonraí sin.