Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Tugtar léargas iontaofa ar an modh maireachtála agus oibre in Éirinn leis na sonraí a bhailítear

Is é a leagtar de ról ar an an bPríomh-Oifig Staidrimh faisnéis staidrimh faoi shochaí na tíre a bhailiú, a anailísiú agus a fhoilsiú ionas go mbíonn an fhaisnéis sin ar fáil go háisiúil ag an uile dhuine ar láithreán gréasáin na hoifige. Ní féidir aon duine, líon tí ná gnólacht a aithint ó na sonraí a fhoilsítear mar nach mbaineann siad le haon duine aonair, is léargas iad ar shochaí na tíre.

Is léir ón fhaisnéis staidrimh modh maireachtála agus saol oibre mhuintir na hÉireann ionas gur féidir lón tuisceana, plé éifeachtúil agus cinntí a bhunú air ar fud an rialtais, i measc lucht gnó agus ar fud na sochaí. Is gné thábhachtach den daonlathas agus de mhaireachtáil i sochaí lán eolais teacht a bheith ar fhaisnéis is féidir a dheimhniú agus a chuirtear ar fáil go neamhspleách. Leagtar de chúram ar an bPríomh-Oifig Staidrimh léargas neamhspleách ar shochaí, ar gheilleagar agus ar thimpeallacht na tíre a chur ar fáil. Baintear leas as modhanna éagsúla chun na sonraí sin a bhailiú. Bíonn daoine, líonta tí agus gnólachtaí ina mílte páirteach i suirbhéanna na hoifige gach bliain. Baintear úsáid freisin as sonraí arna mbailiú ag ranna eile Rialtais, ag gníomhaireachtaí agus ag comhlachtaí poiblí ar a dtugtar sonraí riaracháin agus as faisnéis faoi phraghasanna a bhailítear den láithreán gréasáin atá ag soláthraithe seirbhíse áirithe.

Go randamach a roghnaítear líonta tí, agus daoine aonair uaireanta, chun páirt a ghlacadh sna suirbhéanna. Bíonn an oifig ag brath ar dhaoine go mbeidh siad páirteach sna suirbhéanna agus bíonn daoine ag brath ar an oifig go gcosnaítear a gcuid rúndachta agus go gcuirtear ábhar cruinn fianaise ar fáil agus léargas ar an saol mar atá á chaitheamh againn in Éirinn.

An t-eolas atá tábhachtach duitse

  • Baineann an Phríomh-Oifig Staidrimh leas as modhanna éagsúla chun sonraí a bhailiú.
  • Tá tábhacht le do chuid rannpháirtíochta sna suirbhéanna, tá meas ar do chuid rannpháirtíochta agus tá cosaint faoin dlí ag gach faisnéis rúnda de do chuid.
  • Ní bheidh duine aonair, líon tí ná gnólacht ar bith le haithint ó na sonraí a fhoilsíonn an oifig.
  • Déantar leas an phobail leis an ábhar staidrimh a chuireann an oifig ar fáil mar go mbíonn lón eolais á chur ar fáil go neamhspleách a théann i gcion ar mhodhanna maireachtála agus oibre mhuintir na hÉireann.

Suirbhéanna

Déanann an Phríomh-Oifig Staidrimh suirbhéireacht ar dhaoine, ar líonta tí agus ar ghnólachtaí ó cheann ceann na bliana faoi réimsí éagsúla, mar shampla cúrsaí sláinte, fostaíochta, folláine, gnóthaí airgid an lín tí agus eile, ionas gur féidir linn ar fad maireachtáil i bpobal lán eolais.

Suirbhéanna ar Líonta Tí

Is é a leagtar de ról ar an bPríomh-Oifig Staidrimh faisnéis staidrimh faoi shochaí na tíre a bhailiú, a anailísiú agus a fhoilsiú. Anuas ar an Daonáireamh, déanann an Phríomh-Oifig Staidrimh suirbhéanna ar dhaoine aonair ainmnithe agus líonta tí.

Gach bliain, tugann agallóirí de chuid na hOifige faoi shuirbhéanna ar bhreis agus 70,000 líon tí, ó cheann ceann na bliana, ag labhairt le daoine agus ag bailiú eolais ó líonta tí ar fud na tíre. Tugann na suirbhéanna seo léargas cuimsitheach ar chúrsaí sóisialta agus geilleagracha a bhaineann le muintir na hÉireann, i slí agus le leibhéal mionsonraithe nárbh fhéidir le haon soláthraí eile a bhaint amach.

Cabhraíonn an t-eolas a thugann muintir na hÉireann le fostaíocht agus dífhostaíocht a thomhas go cruinn, chun meastacháin a dhéanamh ar an lucht saothair go ráithiúil; chun chur ar chumas na hOifige eochartháscairí náisiúnta a chur ar fáil, mar shampla ‘ráta i mbaol bochtainteachta’ agus ‘ráta de Dhíothacht Fhorghníomhach’; chun ioncam agus caiteachas a thomhas agus chun sonraí a fhoilsiú ar ábhair shóisialta.

Roghnaítear líonta tí, agus daoine aonair ainmnithe ó am go chéile, chun páirt a ghlacadh sna suirbhéanna. Tugtar breis eolais faoin modh ina roghnaítear daoine do na suirbhéanna sna freagraí ar na Ceisteanna Coitianta.

Níl sé éigeantach páirt a ghlacadh i suirbhé ar líonta tí ach impítear ar aon duine a n-iarrann an Phríomh-Oifig Staidrimh air/uirthi suirbhé a líonadh isteach sin a dhéanamh ós ar an gcaoi sin a chinntítear ionadaíocht ar fud na tíre ar fad agus léargas níos cruinne dá réir ar an saol mar atá á chaitheamh ag muintir na hÉireann.  Ní aithneofar aon duine aonair ná líon tí ó na sonraí a fhoilsítear riamh, caitear leis an bhfaisnéis ar fad a chuirtear ar fáil don oifig ar na caighdeáin rúndachta is airde agus tá cosaint don fhaisnéis faoin dlí.

Suirbhéanna Gnó

Tá sé éigeantach do ghnólacht ar bith ar a n-iarrann an Phríomh-Oifig Staidrimh suirbhé a líonadh isteach an beart sin a dhéanamh.  Tiomsaíonn an oifig réimse fairsing ábhar staitistice d'fhonn freastal do riachtanais náisiúnta na tíre, do riachtanais an Aontais Eorpaigh agus do riachtanais idirnáisiúnta eile.  Baintear tairbhe as an bhfaisnéis a bhailíonn an oifig chun cuidiú le gnólachtaí agus leis an bpobal i gcoitinne cinntí a dhéanamh bunaithe ar shonraí atá cruinn, mar shampla treochtaí maidir le hiomportáil/easportáil, meánrátaí pá, nó pátrúin fostaíochta.  Tá cion tairbhe as na sonraí a fhoilsítear ag gach gnólacht óir cuirtear eolas ar fáil faoi threochtaí a bhaineann le hearnálacha faoi leith agus ag lucht ceaptha beartais óir cuirtear lón eolais ar fáil maidir le cinntí rialtais a thiocfadh i bhfeidhm ar earnálacha faoi leith.


Foinsí Eile Sonraí

Úsáideann an Phríomh-Oifig Staidrimh sonraí a bhailíonn ranna agus údaráis Rialtais eile, agus comhlachtaí poiblí, ar a dtugtar sonraí riaracháin, chomh maith le heolas maidir le praghasanna as láithreáin ghréasáin ó roinnt soláthraí seirbhíse.

Sonraí Riaracháin

D'fhonn a chinntiú go gcuirtear an léargas is tráthúla agus is cruinne ar fáil, baintear úsáid freisin as sonraí a bhailítear ó eagrais Státseirbhíse agus Seirbhíse Poiblí ar mhaithe le hábhar staidrimh oifigiúil a chur i dtoll a chéile.  Sonraí riaracháin a thugtar ar shonraí den chineál sin.  Áirítear ar na foinsí maidir le sonraí riaracháin taifid maidir le praghasanna díolacháin tithe a chuirtear chuig na Coimisinéirí Ioncaim nó taifid beireatais, báis agus pósta mar a chláraítear leis an bPríomh-Oifig Clárúcháin.  Sampla eile den chineál seo an obair a dhéanann an Phríomh-Oifig Staidrimh leis an Údarás um Ard-Oideachas maidir le sonraí a chur ar fáil faoi aiseolas faoi chéimithe agus luach saothair.

Giorraítear an t-am a bheadh de dhíth maidir le sonraí beachta a chruinniú leis an úsáid seo as sonraí riaracháin agus cuidítear freisin d'fheabhas ó thaobh caighdeáin, cruinnis, tábhachta agus tráthúlachta ó thaobh torthaí a chur ar fáil, go háirithe maidir le cásanna a bheadh ag teacht chun cinn.  Is féidir sonraí a chnuasach le chéile nó a cheangal ar bhealach sárstuama sábháilte ionas gur féidir ina dhiaidh sin ceisteanna a chur faoi anailís.  Cuidíonn sin leis an bPríomh-Oifig Staidrimh freastal don éileamh, is minice anois ná cheana, sonraí fíor-ama a chur ar fáil nuair a bheadh sé anróiteach nó costasach faisnéis chuige sin a fháil le suirbhéireacht.

Ó am go chéile agus i gcúinsí áirithe, d'fhéadfadh go mbainfí leas as foinsí eile sonraí, mar shampla sonraí arna mbailiú ag eagrais san earnáil phríobháideach, chun ábhar staidrimh oifigiúil a chur ar fáil. 

Cnuaschóipeáil ón nGréasán

Cnuaschóipeáil ón ngréasán a thugtar ar an bpróiseas trína gcnuaschóipeáiltear ar mhaithe le sonraí na praghasanna ar earraí agus ar sheirbhísí faoi mar atá fógraithe ag soláthraithe seirbhíse.  Mar shampla, ó thaobh costas árachais, déanann an Phríomh-Oifig Staidrimh sonraí a bhailiú de láithreáin gréasáin na gcomhlachtaí árachais ar mhaithe le Praghasinnéacs Tomhaltóirí (CPI) na hÉireann agus Innéacs Comhchuibhithe ar Phraghsanna do Thomhaltóirí (ICPT) a ríomh, dhá innéacs a mbíonn an-léiriú uathu ar an gcostas maireachtála.  Fágann na sonraí a chnuasaítear ó na comhlachtaí árachais le cnuaschóipeáil ón ngréasán gur féidir faisnéis ar chaighdeán níos airde a chur ar fáil nuair a bhíonn gné an árachais den IPT á ríomh.  Bhí tairbhe as cnuaschóipeáil ón ngréasán freisin ag an oifig i ndáil leis an tSraith Cheannródaíoch maidir le Rátaí Mortlaíochta a Thomhas ó Fhoinsí Sonraí Poiblí.

Nascáil Sonraí

Tarlaíonn nascáil sonraí nó meaitseáil sonraí nuair a chuirtear mír nó míreanna sonraí le chéile ar mhaithe le léargas breise a fháil. Tugtar meastachán maidir le daonra na hÉireann idir blianta Daonáirimh le Meastacháin Dhaonra na hÉireann ó Fhoinsí Sonraí Riaracháin (MDÉFSR), foilseachán de chuid na hoifige.  Déantar sin trí mhodh oibre, arna thabhairt chun cinn ag an bPríomh-Oifig Staidrimh, a oibriú d'fhonn leibhéil gníomhaíochta a thomhas bunaithe ar thacair sonraí riaracháin.  Tagann de thoradh ar an saothar sraith d'ábhar staidrimh daonra atá bunaithe go hiomlán ar thaifid riaracháin.  Bítear dian maidir le príobháideacht phearsanta a chaomhnú go docht ó thús go deireadh na hoibre maidir leis an ábhar staidrimh sin a chur ar fáil.

Tagann gach tionscnamh staidrimh lena mbaineann nascáil idir foinse amháin sonraí a eascraíonn taobh amuigh den Phríomh-Oifig Staidrimh faoi réir ag Prótacal na Príomh-Oifige Staidrimh maidir le Sonraí agus bíonn Measúntacht Tionchair maidir le Príobháideacht de dhíth ina leith.  Cinntítear ar an gcaoi sin go mbíonn bearta sábháilteachta leordhóthanacha ar bun ionas go bhfuil dóthain cosanta ag faisnéis aon duine faoi leith óna nochtadh i rith gach céim den phróiseas meaitseála.  Is ar mhaithe le cúrsaí staidrimh amháin a bhaintear úsáid as meaitseáil sonraí.  Foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh, ag teacht leis an bpolasaí seo, clár de na bearta oibre go léir lena mbaineann meaitseáil sonraí.