Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

An dóigh ina sásaíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh an RGCS agus coinníollacha eile faoin dlí ar mhaithe le sonraí a chosaint

Tá an iontaofacht de bhonn faoi mhodh oibre na Príomh-Oifige Staidrimh ó thús anall. Mura mbíonn iontaoibh as an oifig, ní féidir an cúram a chur i gcrích. Is bunghné den iontaoibh sin an chosaint faoin dlí a chuirtear ar fáil. Tá d'údarás ag an bPríomh-Oifig Staidrimh ábhar staitistice a bhailiú, a anailísiú agus a fhoilsiú. Cuirtear tuairiscí ar fáil faoi mhuintir na hÉireann, faoi shochaí na tíre agus faoin ngeilleagar. Faoin dlí, ní mór don Phríomh-Oifig Staidrimh rúndacht na faisnéise a chuirtear ar fáil a chosaint agus ní dhéanfar in aon chás sonraí ina leith sin a ligean leis an tríú páirtí ná le haon chomhlacht eile Rialtais. Tá an dlí maidir le cosaint sonraí i bhfeidhm ar an bPríomh-Oifig Staidrimh. Cloítear leis an dlí agus déanann meitheal saineolaithe idirnáisiúnta athbhreithniú go rialta d'fhonn a chinntiú go mbíonn na modhanna oibre maidir le bailiú sonraí ar an gcaighdeán is airde.

An t-eolas atá tábhachtach duitse

  • Tá de dhualgas ar an oifig faoi dhlí na hÉireann agus faoi dhlí na hEorpa na sonraí ar fad a chuirtear ar fáil a chosaint
  • Tá cosaint na rúndachta agus na príobháideachta ar na buntréithe maidir le gach gné d'obair na hoifige
  • Ní dhéantar in aon chás sonraí de do chuid a chur ar fáil ná a dhíol le haon ghníomhaireacht de chuid an Rialtais, comhlacht Rialtais ná tríú páirtí
  • Ní bheidh duine, líon tí ná gnólacht le haithint ó na sonraí a fhoilsíonn an oifig
  • Tá muinín as an oifig le 75 bliain anuas maidir le faisnéis íogair a bhailiú ón bpobal agus ó ghnólachtaí a thugann léargas ar shaol agus ar shochaí na hÉireann

Cur Chuige maidir le Chosaint Sonraí

Tugaimid freagraí ar roinnt ceisteanna faoi chur chuige na hOifige maidir le sonraí a chosaint.

An bhfuil mo chuid sonraí faoi chosaint?

Tá.  Caitear leis na sonraí ar fad a fhaigheann an Phríomh-Oifig Staidrimh mar ábhar atá rúnda agus cosanta faoin dlí.  Faoi Alt 21 den Acht Staidrimh, 1993, ainmnítear ina Oifigeach Staidrimh gach ball foirne de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh agus tá ceangal faoin dlí dá réir sin ar gach ball den fhoireann rúndacht na sonraí a mbíonn teacht acu orthu a chaomhnú.

 Bíonn ar gach Oifigeach Staidrimh dearbhú rúndachta a shíniú, rud a fhágann nach ceadmhach sonraí rúnda a chur ar fáil ná a phlé agus go dtagann siad faoi fhorálacha an Achta um Rúin Oifigiúla, 1963. Ní féidir le haon duine nach Oifigeach Staidrimh é teacht ar na sonraí agus is chun úsáide maidir le cúrsaí staidrimh amháin is féidir leas a bhaint as na sonraí. Níl cead sonraí a fhoilsiú le haon ábhar staidrimh óna mbeadh duine, líon tí nó gnólacht le haithint.  

Conas is féidir leis an bPríomh-Oifig Staidrimh sonraí a bhailiú agus tuairiscí a fhoilsiú?

Foráiltear faoin Acht Staidrimh, 1993 don bhonn reachtaíochta faoi ábhar oifigiúil staidrimh a bhailiú, a thiomsú, a roghnú agus a chraobhscaoileadh.  Tá cosaint faoin Acht do phríobháideacht na faisnéise a chuirtear ar fáil don Phríomh-Oifig Staidrimh agus is maidir le cúrsaí staidrimh amháin is féidir úsáid a bhaint astu; ní féidir an fhaisnéis a roinnt le haon tríú páirtí, Roinn ná comhlacht eile Rialtais san áireamh.  Tagann ábhar staidrimh a chur le chéile agus a chur ar fáil faoi reachtaíocht na hEorpa chomh maith.

Cén ceart atá ag an bPríomh-Oifig Staidrimh faoin dlí sonraí a bhailiú?

Bíonn cuid mhór den ábhar staidrimh a fhoilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh bunaithe ar shuirbhéanna agus ar dhaonáirimh – i.e. ar fhaisnéis arna bailiú go díreach ag an oifig faoi Alt 24 agus Alt 26 an Achta Staidrimh, 1993. Is féidir leis an oifig freisin, úsáid a bhaint go dleathach as foinsí eile sonraí, ina measc sonraí riaracháin, mar shampla sonraí a bhailigh Ranna Rialtais nó gníomhaireachtaí eile.  Déantar sin chun costas a ísliú, chun an t-ualach a chuireann suirbhéanna ar sholáthraithe sonraí a mhaolú agus d'fhonn anailís staidrimh agus saothar de chineálacha nua a chur ar fáil go tráthúil.  
 
Tá an úsáid níos minice seo as sonraí riaracháin, mar shampla taifid oifigiúla, maidir le cúrsaí staidrimh bunaithe ar an gcumhacht teacht a bheith ar na sonraí sin faoin Acht Staidrimh, 1993 agus ar na forálacha maidir le comhordú faoi Alt 11 agus Alt 31.

Ní in Éirinn amháin an t-athrú seo ó bhailiú sonraí le suirbhéireacht go dtí úsáid níos mó as foinsí riaracháin sonraí agus is gnás é atá i bhfeidhm cheana féin i dtíortha éagsúla de chuid an AE maidir le hábhar oifigiúil staidrimh a fhoilsiú.

An gcomhlíonann an Phríomh-Oifig Staidrimh coinníollacha an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS)?

Comhlíonann. Tagann an Phríomh-Oifig Staidrimh faoi réir an RGCS agus cloítear le coinníollacha an rialacháin. Leagtar síos faoin RGCS na prionsabail a bhaineann le próiseáil ar shonraí pearsanta, na cásanna sin san áireamh ina mbíonn sonraí in úsáid ar mhaithe le cúrsaí staidrimh.  Leagtar béim, faoin dlí maidir le cosaint sonraí, ar phróiseáil go dleathach agus ar leibhéil oiriúnacha slándála agus is bonnchlocha sin faoi obair na Príomh-Oifige Staidrimh.

Faoin RGCS (Airteagal 5), ní mór don Phríomh-Oifig Staidrimh:

  • Sonraí a phróiseáil go dleathach, go cothrom agus go follasach
  • Sonraí a bhailiú ar mhaithe le cuspóirí sonracha, soiléire, dlisteanacha
  • Sonraí a choinneáil dóthanach ábhartha agus gan a úsáid ach an méid atá riachtanach maidir leis an gcuspóir sonrach
  • Sonraí a choinneáil cruinn agus, sa chás gur gá, cothrom le dáta
  • Gan sonraí a choinneáil san fhoirm inar féidir a n-aithint le duine/gnólacht ach amháin chomh fada agus a bhíonn gá leis sin
  • Gnéithe cuí slándála a chinntiú maidir leis na sonraí
  • A bheith ábalta a léiriú go bhfuiltear ag cloí leis na prionsabail seo

Cloíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh go hiomlán le prionsabail an RGCS agus leis na hairteagail faoinar féidir sonraí a bhailítear maidir le cuspóir amháin a úsáid ina dhiaidh sin ar mhaithe le cuspóirí staidrimh.  Éilítear faoin RGCS, sa chás go ndéantar sonraí a bhailiú agus a phróiseáil ar mhaithe le cuspóirí staidrimh, gur gá na bearta sábháilteachta cuí a bheith ar bun chun an duine príobháideach a chosaint.  Comhlíonann an Phríomh-Oifig Staidrimh an dualgas sin.

Eolas eile maidir leis an bPríomh-Oifig Staidrimh agus an RGCS

Nuair a bhaineann an Phríomh-Oifig Staidrimh úsáid as sonraí, ní mór don oifig faisnéis áirithe a chur ar fáil.  Leagtar an fhaisnéis sin amach sa RGCS. Ní mór, go sonrach, mioneolas a thabhairt faoi na nithe seo a leanas:

  • Sonraí aitheantais agus comhfhreagrais an oifigigh
  • Sonraí comhfhreagrais maidir leis an Oifigeach um Chosaint Sonraí
  • Na cuspóirí agus an bonn dleathach atá leis an bpróiseáil
  • Na daoine/comhlachtaí a fhaigheann na sonraí, más ann dóibh
  • An dtarlaíonn sonraí a aistriú amach as an Aontas Eorpach
  • Tréimhse taisce na sonraí
  • A bhfuil de cheart agat maidir le cúrsaí rochtana, ceartúcháin, léirscriosta, srianta, agartha agus iniomparthachta
  • A bhfuil de cheart agat maidir le gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí
  • An bhfuil dlite ort na sonraí a chur ar fáil
  • Catagóirí na sonraí atá i gceist
  • Foinsí na sonraí murar ó dhuine aonair a bailíodh iad
  • An dtagann cinnteoireacht uathoibríoch faoi anáil na sonraí nó nach dtagann?

Cuireann an Phríomh-Oifig Staidrimh an fhaisnéis thuasluaite ar fáil i bhfoirm Nóta Trédhearcachta, agus foilsítear an nóta i ndáil le gach ceann de tháirgí staitistice na hoifige ar an láithreán gréasáin. 

An mbíonn gá le measúnú riosca de chineál ar bith eile faoin RGCS?

Leagtar amach le Measúnacht Tionchair maidir le Cosaint Sonraí (MTCS) próiseas d'fhonn réimsí riosca a thabhairt chun suntais a d'eascródh ó phróiseáil ar shonraí pearsanta ionas go maolaítear an riosca a oiread is féidir agus a luaithe is féidir i ndáil le tionscadal nua.  

Éilítear faoin RGCS go ndéantar Measúnacht Tionchair maidir le Cosaint Sonraí maidir le haon úsáid nua as sonraí lena mbainfeadh riosca mór – go háirithe má tá aon ní acu seo a leanas ag baint lena bhfuil beartaithe:

  • Measúnacht córasach nó uathoibríoch ar leibhéal an duine aonair a bhféadfadh toradh dlí nó toradh ar aon dul leis sin a bheith ag gabháil leis
  • Próiseáil ar mhórscála a dhéanamh ar shonraí atá íogair
  • Monatóireacht ar mhórscála a dhéanamh ar réimse a bhfuil saortheacht go poiblí air

Ní féidir i gcónaí ábhar baoil a chur ar neamhní ar fad, ach bíonn lón eolais ar fáil ón MTCS do chinntí faoin bplé leis an ábhar baoil, faoina mhaolú agus faoina inghlactha nó do-ghlactha atá sé. Más é comhairle ar a dtagtar mar gheall ar MTCS nach féidir riosca mór a mhaolú, ní mór don Phríomh-Oifig Staidrimh dul i gcomhairle leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí.