Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Is féidir iontaoibh a chur sa Phríomh-Oifig Staidrimh

Tá muinín ag daoine as an bPríomh-Oifig Staidrimh le breis agus 75 bliain maidir le hábhar staitistice a bhailiú, a iniúchadh agus a fhoilsiú agus léargas a thabhairt ar shochaí, ar gheilleagar agus ar thimpeallacht na hÉireann.

Tarlaíonn athrú ar mhodhanna oibre le himeacht aimsire ach ní thagann aon athrú ar dhúthracht na hoifige maidir le rúndacht, cruinneas, ardchaighdeán, trédhearcacht ná neamhspleáchas.

Tá cosaint do chuid rúndachta ag croílár gach a dhéanaimid. Is féidir a bheith cinnte nách roinnfimid riamh do chuid sonraí le aon duine eile, ranna agus údaráis rialtais san áireamh.

Cén fáth mar sin a bhfuil an Phríomh-Oifig Staidrimh iontaofa?

Cuireadh an Phríomh-Oifig Staidrimh ar bun chun fíricí faoi shochaí agus geilleagar na hÉireann a chur ar fáil atá neamhspleách, cruinn agus infhíoraithe. Tá sé de neamhspleáchas ag an oifig ábhar anailíse staidrimh a fhoilsiú gan bheann ar a gcuirtear in iúl leis na sonraí sin agus tá an neamhspleáchas sin cosanta faoin dlí.

Tá ár ngealltanas chun rúndacht sonraí a chosaint ar cheann de na bunphrionsabail lárnacha maidir le hobair na hoifige agus tá sé mar bhonn faoi na cosaintí cumhdaithe i ndlí na hÉireann agus i ndlí an Aontais Eorpaigh.

Is iad na príomhdhifríochtaí idir an Phríomh-Oifig Staidrimh agus soláthraithe sonraí eile ná ár seasamh dlíthiúil, ár rialúcháin cháilíochta déine, agus an rialáil dhocht orainn. Ní mór don oifig na caighdeáin idirnáisiúnta is airde a shásamh agus luaitear go soiléir na modhanna oibre agus na foinsí ar fad a úsáidtear. Is tábhachtach freisin a thuiscint go ndéantar an t-ábhar staitistice ar fad a thiomsaíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh a dheimhniú go neamhspleách agus a sheiceáil ag comhlachtaí idirnáisiúnta, agus déanann meithle saineolaithe idirnáisiúnta athbhreithniú go tráthrialta freisin ar fheidhmiú na hoifige ionas go gcinntítear go dtagann na sonraí leis na caighdeáin is airde. Cothaíonn na céimeanna seo go léir iontaoibh sna staitisticí a chuirimid ar fáil.


Bítear ag brath ar an bPríomh-Oifig Staidrimh fíricí tábhachtacha a chur ar fáil

Tá fíricí cruinne is féidir a dheimhniú agus atá ar fáil go héasca áisiúil ag an uile dhuine ina bhonnchloch faoi mhaireachtáil i sochaí lán eolais.

I rith ré lena mbaineann an t-iliomad sonraí a bheith ar fáil, aithnítear gur gá a chur in iúl do dhaoine an dóigh agus an fáth ar féidir iontaoibh chur i sonraí na hoifige agus an difríocht atá idir ábhar na hoifige agus ábhar ó fhoinsí sonraí nach ndéantar rialáil ná deimhniú orthu.  Tugtar ábhar staidrimh oifigiúil ar an ábhar staitistice a chuireann an oifig ar fáil agus sin mar gheall ar sheasamh na hoifige faoin dlí, ar ardchaighdeáin na hoifige agus ar bhearta diana dochta rialúcháin.  Is ar an gcuma seo a chuirtear in aghaidh fhoinsí mífhaisnéise agus bréagfhaisnéise.

Ní mór don oifig, ina soláthraí staidrimh oifigiúil di, na caighdeáin idirnáisiúnta is airde a shásamh agus luaitear go soiléir na modhanna oibre agus na foinsí ar fad a úsáidtear chun fíricí iontaofa is féidir a dheimhniú a chur ar fáil.  Leanfar den mhuinín a chuirtear ionainn a chothú.  

Ní le haon duine amháin faoi leith a bhaineann na sonraí a bhailítear ach linn ar fad i bpobal na hÉireann.  Baintear leas as faisnéis chomhthiomsaithe chun léargas a thabhairt ar chúrsaí maireachtála agus oibre in Éirinn. Léirítear sna léargais a fhoilsímid an saol in Éirinn agus tacaíonn siad le cinnteoireacht atá bunaithe ar fhianaise. 

Ag Cothú Iontaoibhe

Is é atá d'aidhm leis an gcuid seo den láithreán gréasáin maidir le hIontaoibh agus Trédhearcacht míniú a thabhairt ar an gcúis go mbailíonn an oifig sonraí, ar an modh ina ndéantar sin, ar a leagtar de chúram ar an oifig faoin dlí agus ar an ráthaíocht faoin dlí maidir le cosaint sonraí agus le rúndacht.  Mínítear freisin faoi na gnáis ghéara seiceála atá i bhfeidhm agus faoi na caighdeáin idirnáisiúnta a gcloítear leo ionas go gcruthaítear ábhar staitistice ar an gcaighdeán is airde.

Glactar leis go gcaithfidh an oifig a thaispeáint go soiléir na bearta atá i bhfeidhm ionas go gcosnaítear rúndacht na sonraí a chuirtear ar fáil don Phríomh-Oifig Staidrimh chomh maith leis na gnéithe eitice ó thaobh cúrsaí riachtanais agus comhréireachta a bhaineann le suirbhéireacht a dhéanamh ar bhonn gairmiúlachta.

Tá muinín á chur le 75 bliain agus an oifig ag brath ar an bpobal.  Leanaimis orainn ag brath ar a chéile chun léargais neamhspleácha a chur ar fáil do chách.

An Phríomh-Oifig Staidrimh: Braithigí orainne. Táimidne ag brath oraibhse.


Faigh amach níos mó faoi Iontaoibh & Trédhearcacht ag an CSO

Breathnaigh thart ar ár rannán Iontaoibhe agus Trédhearcachta chun níos mó a fhoghlaim faoin gcúis go mbailíonn an oifig sonraí, ar an modh ina ndéantar sin, ar a leagtar de chúram ar an oifig faoin dlí agus ar an ráthaíocht faoin dlí maidir le cosaint sonraí agus le rúndacht.  Mínítear freisin faoi na gnáis ghéara seiceála atá i bhfeidhm agus faoi na caighdeáin idirnáisiúnta a gcloítear leo ionas go gcruthaítear ábhar staitistice ar an gcaighdeán is airde.