(lonnaithe i gCorcaigh)
Feidhmíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh i ndomhan oscailte hipear-nasctha i lár tírdhreach sonraí éagsúla atá á fhorbairt go dinimiciúil. Tá an teicneolaíocht fós i gcroílár gach a dhéanann an Phríomh-Oifig Staidrimh agus an t-éileamh atá ar na seirbhísí reatha a chuirtear ar fáil ag dul i méid agus gá ann a bheith ag lorg agus ag glacadh gan stad le teicneolaíochtaí nua, agus a bheith ag léiriú an chaoi ar féidir iad a chur i bhfeidhm laistigh den Phríomh-Oifig Staidrimh ar bhealach sábháilte agus slán.
Is post sinsearach ceannaireachta é ról an Chinn Bonneagair TFC (leibhéal an Phríomhoifigigh) agus ní mór d’iarrthóirí a n-éireoidh leo an-chuid scileanna, eolais agus saineolais a bheith acu ar chúrsaí TFC agus ar chlaochlú digiteach a threorú.
Gairmí tiomanta a bheidh san iarratasóir inmhianaithe a mbeidh a leanas aige/aici:
DÁTA DEIRIDH AR A NGLACFAR LE hIARRATAIS: 3i.n. an 4 Feabhra 2025.
Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh tiomanta do pholasaí comhdheiseanna agus cuirtear fáilte roimh iarratais faoi na naoi bhforas ar fad a bhaineann leis an Acht um Chomhionannas Fostaíochta.