Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Is í an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) oifig náisiúnta staidrimh na hÉireann agus is é an cuspóir atá againn ná staitisticí a bhailiú, a anailísiú agus a chur ar fáil go neamhchlaonta faoi mhuintir, sochaí agus geilleagar na hÉireann.

Is é an sainordú ar leith a thugtar dúinn leis an Acht Staidrimh, 1993 ná “Faisnéis a bhaineann le gníomhaíochtaí agus dálaí eacnamaíocha, sóisialta agus ginearálta sa Stát a bhailiú, a thiomsú, a bhaint amach agus a scaipeadh chun críocha staidrimh.”

Cuireann staitisticí oifigiúla na hOifige bonn eolais faoi phróisis déanta cinntí ar an leibhéal náisiúnta i réimsí amhail foirgníocht, sláinte, leas sóisialach, an comhshaol agus an geilleagar. Ar an leibhéal Eorpach, tugann siad léargas cruinn ar fheidhmíocht gheilleagrach agus shóisialta na hÉireann agus cuireann ar ár gcumas Éire a chur i gcomparáid le tíortha eile.

Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh freagrach chomh maith as staitisticí oifigiúla na n-údarás poiblí eile a chomhordú.

Le tuilleadh eolais a fháil faoi na staitisticí a tháirgimid, cliceáil anseo

Le sonraí a fháil faoi struchtúr na heagraíochta, cliceáil anseo [en]

Le heolas a fháil faoi ghairmeacha leis an Oifig, cliceáil anseo