Léargas ar 2024 á insint trí Shonraí na Príomh-Oifige Staidrimh
Sracfhéachaint ar mhór-théamaí na bliana 2024 ag úsáid sonraí na Príomh-Oifige Staidrimh
Foilseachán staitistiúil an CSO, , 11rn
Buaicphointí 2024
Thit an ráta boilscithe, de réir an Praghasinnéacs Tomhaltóirí, go dtí an leibhéal is ísle le 3 bliana anuas i Lúnasa 2024, go 1.7%.
Shroich an ráta fostaíochta do dhaoine idir 15-64 bliana d’aois 75.3% i R3 2024, an ráta is airde ó thús na sraithe reatha 26 bliana ó shin.
Tháinig méadú 3.1% ar an Éileamh Intíre Modhnaithe, slat tomhais leathan ar ghníomhaíocht geilleagrach intíre, sa chéad 9 mí de 2024 le hais na tréimhse céanna in 2023.
Tháinig méadú ar an meántuilleamh seachtainiúil i ngach earnáil den gheilleagar le 10 mbliana anuas, le ardú de bheagnach €279 (+41%) ar an meántuilleamh seachtainiúil ó thart ar €676 i R3 2014 go díreach os cionn €955 i R3 2024.
Bhain thart ar 85% d’úsáideoirí idirlín aipeanna saor in aisce sa chéad 6 mhí in 2024 – astu sin, tháinig fadhbanna chun cinn do 41% acu agus iad ag déanamh iarracht an aip a dhúnadh/a scrios.
Tháinig ardú 9.7% ar phraghsanna réadmhaoine cónaithe sa 12 mhí go Deireadh Fómhair 2024, le praghas airmheánach d’áit chónaithe de €350,000 thar an tréimhse sin.
Sa bhliain go Aibreán 2024, d’fhill 30,000 saoránach Éireannach ar Éirinn agus chuaigh 34,700 ar imirce, sin eis-sreabhadh de 4,700 Saoránach Éireannach ón Stáit.
In 2023, ba é Jack an t-ainm buachalla ba mhó tóir don seachtú bliain as a chéile, le 561 buachaill, agus ba í Grace an t-ainm cailíní ba mhó tóir, le 339 cailín.
I Ráithe 3 2024, ba é an ioncam chomhchoiteann ná €44bn, as sin, chaitheamar €38bn agus shábhálamar €6bn.
Bhí beagnach leath (46%) de na gluaisteáin nua príobháideacha a ceadúnaíodh go Samhain 2024 leictreach, hibrideach nó hibrid inluchtaithe.
Buaicphointí 2024