Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Míreanna Fuaime

Míreanna Fuaime

CSO statistical publication, , 11am
Línte Cabhracha

Má chuir aon chuid d'ábhar an tsuirbhé seo isteach ort, is féidir dul i muinín na seirbhísí taca, idir cinn náisiúnta agus áitiúla, luaite sna Nótaí Cúlra [en].

Sna míreanna fuaime a leanas déanann Mary Heanue, Staisteoir leis an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) trácht ar an bhfoilseachán 'Suirbhé ar Foréigean Gnéis 2022 Príomhthorthaí'.

Cuirtear fáilte roimh na meáin leas a bhaint as na míreanna seo chomh fada is a luaitear an Oifig seo leo.

Torthaí Ceannlíne

"Léiríonn an suirbhé gur tharla foréigean gnéis do cheathrar as gach deichniúr duine fásta. Tharla sé do níos mó mná ná fir.

52% de mhná a dúirt go ndearnadh foréigean gnéis orthu am éigin ina saoil, i gcomparáid le 28% d’fhir.

Bhí an líon is mó ban a dúirt go ndearnadh foréigean gnéis orthu san aoisghrúpa 18-24 bliana, b’shin 65%."

Eispéiris na mBan agus na bhFear

"Tharla gnéas gan cead do 18% de mhná, agus do 3% d’fhir.

Is iad na mná 18-24 bliana d’aois is mó a luaigh go raibh foréigean gnéis tarlaithe dóibh agus iad ina bpáistí.

Dúirt 10% do na mná seo go raibh gnéas gan iarraidh tarlaithe dóibh agus iad ina bpáistí."

Aithne ar an té a rinneadh agus labhairt le daoine eile

"I measc daoine a ndearnadh foréigean gnéis orthu bhí aithne ag ochtar as gach deichniúr ar an té a rinne é.

Tá sé suntasach nár luaigh breis is leath acu le héinne é go dtí gur fhreagair siad an suirbhé seo."

Mar a Roghnaíodh Daoine don Suirbhé

"Bhí na daoine go léir a ghlac páirt sa tsuirbhé 18 mbliana d’aois nó níos mó. Roghnaíodh iad go randamach, gan aon eolas ar a gcúlra ná ar a scéalta beatha.

Bhí daoine ann ó gach cuid den tír, idir bhailte agus tuath agus ó gach contae. Meascán de aoiseanna a bhí i gceist, agus daoine de gach inscne.

Táimid fíor-bhuíoch díobh siúd a ghlac páirt, agus a d’inis a scéalta dúinn. Tuigimid gur ábhar goilliúnach é seo agus má tá éinne ag iarraidh cabhrach dá bharr, is féidir eolas a fháil ar shuíomh idirlín an CSO – www.cso.ie"