Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Achoimre ar Thorthaí

Titim ar bhaol bochtaineachta in 2023

Foilseachán staitistiúil an CSO, , 11rn

Is í an bhliain féilire 2022 an tréimhse tagartha do tháscairí ioncaim amháin in SILC 2023.

Achoimre ar Thorthaí

  • Ioncam ainmniúil airmheánach diúscartha an líon tí de €55,149 i Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (SILC) 2023, méadú €3,005 (+5.8%) le hais na bliana roimhe.

  • Ag tógáil 2019 mar bhonnbhliain don choigeartú boilscithe, meastar go raibh fíor-ioncam airmheánach diúscartha an líon tí de €50,162 in SILC 2023, sin laghdú €958 (-1.9%) le hais na bliana roimhe. 

  • Luach 3.8 leis an gcóimheas coda cúigile in SILC 2023, le hais 3.9 sa bhliain roimhe. Ciallaíonn sé seo go raibh ioncam an 20% is saibhre den daonra beagnach ceithre huaire chomh mór le hioncam an 20% is boichte in 2023.

  • Ráta i mbaol bochtaineachta de 10.6% in SILC 2023, sin laghdú le hais an ráta 12.5% in 2022.

  • Dá bhfágfaí bearta costais maireachtála ar lár, bheadh ráta i mbaol bochtaineachta de 13.0% in SILC 2023, níos airde ná an ráta de 12.5% in SILC 2022.

  • In SILC 2023, bhí 3.6% den daonra ag maireachtáil i mbochtaineacht chomhsheasmhach, gan na bearta costais maireachtála, bheadh an ráta ag 4.4%, i bhfad níos cóngaraí don ráta de 4.9% in 2022. 

Trácht an Staitisteora

Foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) torthaí inniu (07 Márta 2024) ón Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (SILC) 2023.

Suirbhé a chuirtear ar líonta tí atá sa SILC, ina bpléitear réimse leathan ceisteanna bainteach le hioncam agus dálaí maireachtála. Is é an SILC an fhoinse oifigiúil sonraí maidir le hioncam an líon tí agus le hioncam aonair. Ina theannta sin, is as an SILC a soláthraítear roinnt táscairí lárnacha náisiúnta i leith na bochtaineachta, amhail an ráta i mbaol bochtaineachta, an ráta díothachta forghníomhaí agus an rata bochtaineachta comhsheasmhaí. Is í an bhliain féilire 2022 an tréimhse tagartha do tháscairí ioncaim amháin in SILC 2023.

Déanann Brian Cahill, Staitisteoir sa rannóg Ioncaim, Tomhaltais agus Maoine, trácht ar fhoilseachán an lae inniu:

“Léirítear i dtorthaí an lae inniu go raibh méadú ar ioncam an líon tí in SILC 2023 le hais na bliana roimhe ach gur laghdú praiticiúil a bhí ann, nuair a dhéantar coigeartú don bhoilsciú. Feictear laghdú ar an sciar daoine i mbaol bochtaineachta in 2023 le hais 2022, ach dá bhfágfaí bearta costais maireachtála a íocadh le líonta tí in 2022 ar lár, bheadh ardú ar an ráta i mbaol bochtaineachta. Tugtar aird san fhoilseachán ar rátaí arda ‘i mbaol bochtaineachta’ i measc dreamanna ar leith, sin iad: daoine nach bhfuil in ann oibriú de bharr riocht sláinte fadtéarmach; daoine dífhostaithe; líonta tí aontuismitheora; agus iad siúd i gcóiríocht ar cíos.

Ioncam an líon tí in 2023

Do SILC 2023, (don tréimhse tagartha ioncaim Eanáir go Nollaig 2022) áirítear ioncam ainmniúil airmheánach diúscartha an líon tí ag €55,149, méadú €3,005 (+5.8%) le hais figiúr na bliana roimhe, sin €52,144. Ag coigeartú don bhoilsciú le 2019 mar bhonnbhliain, áfach, meastar go raibh fíor-ioncam airmheánach diúscartha an líon tí de €50,162 in SILC 2023, sin laghdú €958 (-1.9%) le hais na bliana roimhe. Chun teacht ar ghluais téarmaí in úsáid don tsraith seo, féach Survey on Income and Living Conditions Fact Sheet (PDF 497KB) .   

Ar an meán, léiríonn SILC 2023 go bhfuair líonta tí €1,509 (86.9% den ollioncam seachtainiúil) ó fhoinsí ioncaim margaidh, amhail fostaíocht, pinsean ceirde, pinsean príobháideach nó ioncam eile. Ina theannta sin, fuair líonta tí €227 ar an meán (13.1 % den ollioncam seachtainiúil) ó aistrithe shóisialta. Tar éis cánacha, ranníocaíochtaí árachais shóisialaí, ranníocaíochtaí pinsin agus aistrithe íoctha idir líonta tí, sheas meánioncam diúscartha seachtainiúil an líon tí ag €1,205. Ní mór a thabhairt san áireamh, áfach, go raibh mórán difríochta ó dheicíl go deicíl, sé sin ag dáileadh líonta tí i ndeich chuid leis an oiread céanna líon tí, rangaithe ón ioncam diúscartha is lú go dtí an ceann is mó.

I gcás an chéad deicíle (.i. an sciar 10% de líonta tí leis an ioncam diúscartha is lú), bhí ollioncam seachtainiúil ainmniúil de €297 ar an meán acu. Áirítear air seo €62 ar an meán (20.7% den ollioncam) ó ioncam margaidh agus €235 ar an meán (an 79.3% eile den ollioncam) ó aistrithe sóisialta. Tar éis asbhaintí, bhí ioncam diúscartha de €281 sa tseachtain, ar an meán, ag na líonta tí seo.

Maidir leis an gcúigiú deicíle (.i. lárphointe an dáileadh ioncaim), bhí ollioncam ainmniúil de €1,223 ar an meán acu. Áirítear air seo €941 ar an meán (sciar 76.9%) ó ioncam margaidh agus €282 ar an meán (sciar 23.1%) ó aistrithe sóisialta. Tar éis asbhaintí, bhí ioncam diúscartha de €972 sa tseachtain, ar an meán, ag na líonta tí seo.

Nuair a thagann sé chuig an deichiú deicíle (.i. an dream is mó ioncaim), bhí ollioncam ainmniúil de €5,205 ar an meán acu. Áirítear air seo €5,048  ar an meán (sciar 97%) ó ioncam margaidh agus €153 ar an meán (sciar 3%) ó aistrithe sóisialta. Tar éis asbhaintí, bhí ioncam diúscartha de €3,053 sa tseachtain, ar an meán, ag líonta tí an deichiú deicíle.

3.8 oiread níos mó ioncam ag an 20% is saibhre le hais an 20% is boichte

Bhí luach 3.8 leis an gcóimheas coda cúigile in SILC 2023, le hais 3.9 sa bhliain roimhe. Ciallaíonn sé seo go raibh ioncam an chúigiú chuid is saibhre den daonra 3.8 huaire chomh mór le hioncam an chúigiú chuid is boichte.

Déantar comhionannas ioncaim thairis an dáileadh ioncaim foriomlán a mheas leis an gcomhéifeacht Gini. De réir an slat tomhais seo, b'ionann 0% agus comhionannas foirfe (.i. go raibh an t-ioncam roinnte go cothrom i measc an iomlán daoine) agus b'ionann 100% agus neamhchomhionannas foirfe (.i. go raibh an t-ioncam ar fad i seilbh duine amháin). In SILC 2023, bhí comhéifeacht Gini de 27.5%, le hais 27.4% an bhliain roimhe.

Titim ar bhaol bochtaineachta in 2023

In 2023 bhí ráta 'i mbaol bochtaineachta' de 10.6% ann, le hais 12.5% in 2022 agus 11.8% in 2021. Ag breathnú ar chúinsí ar nós stádas fostaíochta, comhdhéanamh líon tí agus stádas tionachta, feictear mórán difríochtaí suntasacha.

Stádas fostaíochta féintuairiscithe: Bhí duine as ceathrar dóibh siúd atá dífhostaithe (25.5%) agus daoine nach raibh in ann oibriú de bharr reachta sláinte fhadtéarmaigh (27.3%) i mbaol bochtaineachta de réir torthaí SILC 2023. Lena hais sin, bhí ráta 'i mbaol bochtaineachta' de 5.8% i measc daoine a dúirt go raibh siad fostaithe.

Comhdhéanamh líon tí: Bhí ráta 'i mbaol bochtaineachta' níos airde i measc líonta tí le duine fásta amháin faoi bhun 65 bliana (27.1%), agus i ndiaidh sin, líonta tí le duine fásta amháin le páistí faoi 18 mbliana d’aois (19.2%).Taifeadadh an ráta is lú a bheith ag daoine le cónaí i líon tí ina raibh 3+ duine fásta (3.5%).

Stádas Tionachta: Tá baol bochtaineachta níos mó i measc daoine a mhaireann i gcóiríocht ar cíos/saor ó cíos (19.7%), le hais dóibh siúd atá ina gcónaí i gcóiríocht úinéir-áitithe (6.5%).

Tionchar fadhbanna sláinte fadtéarmacha ar bhochtaineacht chomhsheasmhach

Sainítear daoine a bheith i mbochtaineacht chomhsheasmhach má tá siad i mbaol bochtaineachta agus i ndíothacht fhorghníomhach. In SILC 2023, bhí ráta bochtaineachta comhsheasmhaí de 3.6% ann, le hais 4.9% an bhliain roimhe. Ag déanamh cíoradh de réir stádas fostaíochta féintuairiscithe, feictear gur ag gan a bheith in ann oibriú de bharr reachta sláinte fhadtéarmaigh (16.5%) agus daoine a bhí dífhostaithe (9.4%) a bhí na rátaí bochtaineachta comhsheasmhaí is mó. Taifeadadh an ráta bochtaineachta comhsheasmhaí ba lú a bheith ag daoine i bhfostaíocht (1.5%). Ag breathnú ar stádas tionachta, feictear ráta bochtaineachta comhsheasmhaí de 8.5% ag daoine i gcóiríocht ar cíos, le hais 1.4% de dhaoine i gcóiríocht úinéir-áitithe.

Tionchar na mBeart Ioncaim Costas Maireachtála

Gan na bearta costas maireachtála, bheadh ráta 'i mbaol bochtaineachta' de 13.0% in 2023 (ag úsáid an gnáth-shlat tomhais do 'i mbaol bochtaineachta' de €16,558) le hais ráta de 10.6% nuair atá na bearta seo san áireamh. Bhí an ráta i mbochtaineacht chomhsheasmhach in 2023 ag 3.6%, gan na bearta costas maireachtála, bheadh an ráta seo ag 4.4%, i bhfad níos cóngaraí don ráta de 4.9% in 2022.

Léiríonn anailís ar thionchar na mbeart costais mhaireachtála ar rátaí i mbaol bochtaineachta a laghdú de réir aoisghrúpa gur ar dhaoine 65 bliana d’aois agus níos sine a bhí an tionchar is mó. Laghdaigh na bearta costas maireachtála an ráta i mbaol bochtaineachta do dhaoine san aoisghrúpa seo ó 16.9% go 8.3%. Bhí an tionchar is lú ag na beart costais mhaireachtála ar rátaí i mbaol bochtaineachta a laghdú ag dóibh siúd 18-34 bliana d’aois. Gan na bearta costais mhaireachtála, bheadh an ráta i mbaol bochtaineachta do dhaoine 18-34 bliana d’aois ag 9.2%, na bearta costais mhaireachtála san áireamh, bhí a ráta bochtaineachta ag 8.6%.

Ualaítear torthaí an tSuirbhé bhliantúil ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (SILC) trí úsáid a bhaint as meastacháin daonra a ghintear ar bhonn leanúnach. Úsáideadh torthaí Dhaonáireamh 2022 chun meastacháin daonra do 2020 go 2022 a leasú agus mar gheall air sin leasaíodh torthaí an tSuirbhé SILC do na blianta 2020, 2021 agus 2022. Féach ar an Nóta Eolais ina ndéantar comparáid idir na torthaí foilsithe agus na torthaí leasaithe.

Nótaí d'Eagarthóirí

Is é an suirbhé SILC a chuirtear ar líonta tí an fhoinse oifigiúil sonraí ar ioncam an líon tí agus ioncam aonair. Ina theannta sin, is as SILC a soláthraítear roinnt táscairí lárnacha náisiúnta i leith na bochtaineachta, amhail an ráta i mbaol bochtaineachta, an ráta díothachta forghníomhaí agus an ráta bochtaineachta comhsheasmhaí. Dírítear san fhoilseachán seo ar tháscairí bainteach le hioncam. Tá fáil ar thorthaí faoin díothacht fhorghníomhach i bhfoilseachán eile an lae inniu (07 Márta 2024), SILC 2023– Díothacht Fhorghníomhach.

Bailíodh sonraí do SILC idir Eanáir agus Iúil 2023. Is í an bhliain féilire 2022 an tréimhse tagartha do tháscairí ioncaim amháin in SILC 2023. Maidir leis na bearta ioncaim costais maireachtála a thug an rialtas isteach chun an tionchar diúltach atá ag an ngéarchéim costais maireachtála ar ioncam líonta tí a laghdú, chuaigh na bearta sin i bhfeidhm ar líonta tí ar fud an dáilte ioncaim iomláin agus go háirithe ar líonta tí a bhfuil daoine atá 65 bliain d’aois agus níos sine iontu. Féach Caibidil 6 chun anailís a fháil ar thionchair na mbeart ioncaim costais maireachtála.

Mar chuid den phróiseas chun athbhreithniú a dhéanamh ar mheastacháin daonra do SILC 2020 go 2022, trí úsáid a bhaint as sonraí Dhaonáireamh 2022, cuireadh athrú ar shainmhíniú an tagarmhairc daonra i bhfeidhm freisin. Faoi chreat-rialachán an AE maidir le Staidreamh Sóisialta Eorpach a Chomhtháthú, úsáidtear an líon iomlán den daonra a chónaíonn de ghnáth i líonta tí príobháideacha mar thagarmharcanna daonra SILC. Ní áirítear sna tagarmharcanna sin daoine atá ina gcónaí in eagrais chomhroinnte. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar Nótaí Cúlra [i mBéarla].

Sliocht atá sa leagan Gaeilge seo, tógtha ó fhoilseachán níos mó