Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Achoimre ar Thorthaí

Fanann Jack ar bharr liosta na mbuachaillí arís, agus Grace ar an ainm cailín is mó tóir in Éirinn in 2023

Foilseachán staitistiúil an CSO, , 11rn

Achoimre ar Thorthaí

Fanann Jack ar bharr liosta na mbuachaillí arís, agus Grace ar an ainm cailín is mó toir in Éirinn in 2023.

  •  Jack is ea an t-ainm buachalla is coitianta arís, don seachtú bhliain as a chéile.

  • Grace ar an ainm cailín is mó tóir, agus Emily tite siar ón chéad áit a bhí aici anuraidh. Bhí Grace ar bharr an liosta den uair dheireanach in 2020.

  • Ardú tóra is mó sa bhliain ag an ainm cailín Síofra in 2023, ag dul ón 157ú áit in 2022 go huimhir 100 in 2023.

  • Ba í Lucy ar an ainm cailín is mó tóir i Muineachán.

  • Fionn an t-ainm buachalla is coitianta i gContae Phort Láirge.

  • Liam an t-ainm buachalla is mó a roghnaigh tuismitheoirí le náisiúntacht an AE27.

  • Is é Murphy an sloinne is coitianta ag leanaí a rugadh sa stát in 2023.

  • Taifeadadh 9,172 iontráil uathúla ar chlár na n-ainmneacha in 2023.

Trácht an Staitisteora

Foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) staitisticí inniu (23 Feabhra 2024) maidir le hAinmneacha Leanaí na hÉireann 2023.

Déanann Seán O’Connor, Staitisteoir sa rannóg Staitisticí Beatha, trácht ar fhoilseachán an lae inniu:

“Jack i mbarr a réime mar ainm do bhuachaillí go fóill in 2023. Tá sé ar an gcéad áit ó 2007, ach amháin in 2016 nuair a chuaigh James chun cinn air go sealadach. Tá Jack agus James théis a bheith i measc an 5 ainm buachalla go leanúnach ó 1998 i leith. Is iad Noah agus James na cinn eile den 3 ainm buachalla is mó tóir in 2023.                     

In 2023, filleann Grace ar an gcéad áit i measc na gcailíní don chéad uair ó 2020. In éineacht léi ar an 5 ainm cailín is mó tóir in 2023, tá Fiadh, Emily, Sophie agus Lily.

Cé gurb é Jack an t-ainm buachalla is mó tóir in Éirinn don seachtú bhliain as a chéile, tá níos mó éagsúlacht i measc ainmneacha na gcailíní. In 2023, ba í Grace an t-ainm cailín is coitianta, in 2022 bhí Emily ar bharr an liosta agus in 2021 bhí Fiadh sa chéad áit. Tá Grace, Emily agus Sophie théis a bheith i measc an 5 ainm cailín go leanúnach ó 2016, le hÉabha sna 5 ainm cailín is mó tóir don chéad uair in 2021 don uair sin amháin.

Maidir leis na buachaillí, tá cúig iontráil nua tagtha isteach sa 100 barrainm den chéad uair in 2023 – Caelan, Jude, Paddy, Éanna, agus Dáithí. I measc na gcailíní, tá trí iontráil nua sa 100 barrainm. Sin iad Lucia, Cadhla agus Síofra, leis an ardú tóra is mó ag Síofra ag dul ón 157ú áit in 2022 go huimhir 100 in 2023.

Miondealú de réir ceantair

Feictear Jack sa chéad áit nó ag roinnt na céad áite in 2023 i 15 cheantar, lena n-áirítear Cill Dara agus Liatroim. Cé nach bhfuil Tom ach sa 39ú háit sa stát le 135 leanbh den ainm in 2023, tá sé i mbarr réime i Ros Comáin.

Tá Grace ar an ainm cailín is mó tóir in 11 cheantar, i measc siúd Dún na nGall, Tiobraid Árann agus Uíbh Fháilí. Roinn Grace agus Annie an chéad áit i nDún na nGall. Cé go raibh Grace ar an ainm cailín is mó tóir, bhí Annie sa 48ú háit sa stát le 112 leanbh den ainm in 2023.

Súil siar 50 bliain

Cé gurb é John an t-ainm ba choitianta do bhuachaillí in 1973, feictear é sa 31ú háit in 2023. Ba í Mary an t-ainm ba mhó tóir do chailíní 50 bliain ó shin, ach in 2023 feictear í sa 130ú háit. Bhí 36 leanbh leis an ainm Mary in 2023. Is díol suntais é gurb é James an t-aon ainm buachalla i measc an 5 ainm is mó tóir in 1973 agus 2023 araon.

Sloinnte

Le haghaidh Ainmneacha Leanaí na hÉireann 2023, tá leathnú déanta ag an bPríomh-Oifig Staidrimh ar anailís sloinnte chun miondealú níos doimhne a dhéanamh ar na sloinnte is coitianta ar leanaí a rugadh in 2023. Ba iad Murphy, Kelly, O'Brien, Ryan, agus Walsh na sloinnte is coitianta do leanaí a rugadh in 2023.

Tá fáil ar a thuilleadh staitisticí agus anailíse ag an nasc thíos.

Nóta Eolais - Sínte fada agus diacriticí eile

Áiríonn an foilseachán ‘Ainmneacha Leanaí na hÉireann 2023’ ag an bPríomh-Oifig Staidrimh an síneadh fada agus diaicriticí eile ó tháinig an t-athrú sin i bhfeidhm i 2018.  Bhí foilsiú shonraí ar ainmneacha leanaí 2018 ar an gcéad bhliain i sraith sonraí nua, óir go ndéantar idirdhealú ar thúsainmneacha le sínte fada nó diaicriticí eile agus orthu nach bhfuil diaicriticí iontu.

Tá tionchar ar seo ar ord tóra do roinnt céadainmneacha. Mar shampla, bhíodh Sean (gan síneadh fada) i gcónaí sna 100 barrainm buachalla is mó tóir. Áirítear Seán (le síneadh fada) sna sonraí anois, agus láimhseáil an dá litriú mar ainmneacha éagsúla ó 2018. Mar sin, feictear Seán sa 14ú háit in 2023, agus tá Sean tite go dtí an 124ú háit in 2023. 

Tuilleadh eolais le fáil san fhoilseachán iomlán.