Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Achoimre ar Thorthaí

Emily ar an ainm cailín is mó tóir in 2022, Jack i mbarr réime i gcónaí i measc na buachaillí

Foilseachán staitistiúil an CSO, , 11rn

Achoimre ar Thorthaí

Emily ar an ainm cailín is mó tóir in 2022, agus Fiadh tite siar ón chéad áit a bhí aici in 2021. Bhí Emily ar bharr a liosta den uair dheireanach in 2019

  • Jack is ea an t-ainm buachalla is coitianta arís, don séú bhliain as a chéile

  • Ardú tóra is mó sa bhliain ag an ainm cailín Éala, ag dul ón 177ú áit in 2021 go dtí an 91ú áit in 2022

  • I measc buachaillí, feictear an borradh is mó ar an ainm Tomás, ag dul ón 119ú háit in 2021 go dtí an 77ú háit in 2022

  • Olivia ar an rogha is coitianta do chailíní i ngach ceann de Chabhán, Dún Laoghaire-Ráth an Dúin, Fine Gall

  • Tugadh Muhammad ar níos mó buachaillí ná aon ainm eile anuraidh i gCathair na Gaillimhe

  • Oliver an t-ainm buachalla is mó a roghnaigh tuismitheoirí le náisiúntacht na Ríochta Aontaithe

  • Is é Murphy an sloinne is coitianta ag leanaí a rugadh sa stát in 2022

  • Taifeadadh 8,982 iontráil uathúla ar chlár na n-ainmneacha in 2022

Trácht an Staitisteora

Foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) staitisticí inniu (24 Feabhra 2023) maidir le hAinmneacha Leanaí na hÉireann 2022.

Déanann Seán O’Connor, Staitisteoir sa rannóg Staitisticí Beatha, trácht ar fhoilseachán an lae inniu:

"In 2022, filleann Emily ar an chéad áit i measc na gcailíní don chéad uair ó 2019. In éineacht léi ar an 5 ainm cailín is mó tóir in 2022, tá Grace, Fiadh, Sophie agus Lily.

Aon bhliain roimhe, in 2021, bhí Fiadh ar an ainm is mó tóir don chéad uair riamh agus Grace, Emily, Sophie agus Éabha sna sála uirthi ar bharr an liosta. Tá Grace, Emily agus Sophie théis a bheith i measc an 5 ainm cailín go leanúnach ó 2016.

Jack i mbarr a réime mar ainm do bhuachaillí go fóill in 2022. Tá sé ar an chéad áit ó 2007, ach amháin in 2016 nuair a chuaigh James chun cinn air go sealadach. Is iad Noah, James, Rían agus Charlie na cinn eile den 5 ainm buachalla is mó tóir in 2022. Tá Jack agus James théis a bheith i measc an 5 ainm buachalla go leanúnach ó 1998 i leith.

I measc na gcailíní, tá ceithre iontráil nua sa 100 barrainm. Sin iad Hailey, Phoebe, Ayda agus Éala.

Maidir leis na buachaillí, tá péire iontráil tagtha isteach sa 100 barrainm den chéad uair – Blake agus Cody.

Miondealú de réir ceantair

Tá Emily ar an ainm cailín is mó tóir i 5 cheantar, sin iad Baile Átha Cliath Theas, Cathair Bhaile Átha Cliath, Contae Chorcaí, Dún na nGall agus an Iarmhí. Roinn Mia agus Millie an chéad áit i Sligeach, cé go raibh siad san 8ú háit agus sa 19ú háit faoi seach sa stát.

Feictear Noah sa chéad áit nó ag roinnt na chéad áite in 2022 i 10 gceantar, lena n-áirítear Cathair Chorcaí agus Dún na nGall. Cé nach bhfuil Muhammad ach sa 86ú háit sa stát le 72 leanbh den ainm in 2022, tá sé i mbarr réime i gCathair na Gaillimhe.

Súil siar 50 bliain

In 1972 ba í Mary an t-ainm ba mhó tóir do chailíní, agus cé go bhfuil laghdú mór ar a úsáid ó shin, tugadh Mary ar 64 cailín nuabheirthe in 2022 chun í a fhágáil sa 87ú háit.

John ab ea an t-ainm ba choitianta do bhuachaillí in 1972. Feictear é sa 36ú háit in 2022, an chéad uair go raibh sé chomh híseal ar an liosta ó thús na sraithe. Is díol suntais é gurb é James an t-aon ainm buachalla i measc an 5 ainm is mó tóir in 1972 agus 2022 araon."

Tá fáil ar a thuilleadh staitisticí agus anailíse ag an nasc thíos.

Nóta Eolais - Sínte fada agus diacriticí eile

I ndiaidh don feidhmchlár ‘Baby Names of Ireland’ a bheith seolta ag an CSO sa bhliain 2017, fuarthas aiseolas ó úsáideoirí nach raibh a n-ainmneacha cearta luaite sna sonraí agus gur chóir aitheantas a thabhairt dóibh i gceart.

Bhí foilsiú shonraí ar ainmneacha leanaí 2018 ar an gcéad bhliain i sraith sonraí nua, óir go ndéantar idirdhealú ar thúsainmneacha le sínte fada nó diaicriticí eile agus orthu nach bhfuil diaicriticí iontu. Faraor, ní bheifear in ann leasú ar an gcaoi chéanna a dhéanamh ar shonraí do bhlianta eile roimhe seo.

Tá nuashonrú déanta ar fheidhmchlár na hainmneacha leanaí chun aird mar is ceart a thabhairt d’ainmneacha arna clárú ó 2018 i leith le sínte fada nó diaicriticí eile.

Ciallaíonn sé seo ar fad go n-áirítear leanaí leis an túsainm Seán astu féin le cúig bliana anuas, sa 19ú háit in 2022, agus leanaí leis an túsainm Sean (gan síneadh fada) faoi iontráil eile, sa 127 háit in 2022. Áirítear leanaí leis an dá litriú le chéile faoin iontráil 'Sean' do na blianta 1964-2017.

Sliocht atá sa leagan Gaeilge seo, tógtha ó fhoilseachán níos mó