Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Míreanna Fuaime

Míreanna Fuaime

Foilseachán staitistiúil an CSO, , 11rn
Census Results 2022 Branding
Torthaí Dhaonáireamh 2022

Is cuid de shraith torthaí ó Dhaonáireamh 2022 an foilseachán seo. Foilseofar tuilleadh foilseacháin théamacha le linn 2023 mar atá leagtha amach sa Sceideal Foilsithe maidir le Daonáireamh 2022.

Sna míreanna fuaime a leanas déanann Eoin Flaherty, Staisteoir leis an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) trácht ar an bhfoilseachán 'Daonáireamh 2022 - Torthaí Achoimre' agus ar shonraí gaolmhara.

Cuirtear fáilte roimh na meáin leas a bhaint as na míreanna seo chomh fada is a luaitear an Oifig seo leo.

Cainteoirí Gaeilge

"De réir Daonáirimh fiche fiche dó, bhí Gaeilge ag beagnach aon ponc a naoi milliún duine, ós cionn aois a trí. Ardú sé faoin gcéad ab’ea é seo ar Dhaonáireamh dhá mhíle is a sé déag sé sin, beagnach céad míle duine sa bhreis a raibh Gaeilge acu. Bhí Gaeilge an-mhaith ag duine as gach deichniúr acu agus Gaeilge mhaith ag aon trian dóibh. Bhí ós cionn sé céad fiche míle duine a labhair an Ghaeilge go laethúil sa gcóras oideachais nó lasmuigh de. Bhí breis’s seachtó míle acu siúd a dúirt gur labhair siad í go laethúil lasmuigh den gcóras oideachais. Ba laghdú dó faoin gcéad é sin i gcomparáid le Daonáireamh dhá mhíle is a sé déag."

Daonra na Gaeltachta

"Ar an iomlán bhí ós cionn céad’s a sé míle duine ina gcónaí sa nGaeltacht anuraidh. Tháinig méadú seacht faoin gcéad ar dhaonra na Gaeltachta ar fad idir dhá mhíle is a sé déag agus fiche fiche dó ach bhí méadú níos mó ná sin i gceantair áirid. Ardú níos mó ná deich faoin gcéad a bhí i gceist i nGaeltacht na Rinne, i nGaeltacht Chontae na Mí, agus i gceantar Gaeltachta Chathair na Gaillimhe."

Cainteoirí Gaeltachta

"Bhí níos mó ná fiche míle cainteoirí laethúla Gaeilge sa nGaeltacht anuraidh idir na ceantair ar fad. Bhí titim dó faoin gcéad ar an bhfigiúr iomlán sin ó dhá mhíle is a sé déag. Ach ní mar a chéile a bhí an scéal i ngach ceantar Gaeltachta. Bhí líon na gcainteoirí laethúla ardaithe naoi faoin gcéad i nGaeltacht na Rinne agus bhí ardú ceithre faoin gcéad sna ceantair Ghaeltachta i gContae Chiarraí."