Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Míreanna Fuaime

Míreanna Fuaime

Foilseachán staitistiúil an CSO, , 11rn
Census Results 2022 Branding
Torthaí Dhaonáireamh 2022

Is cuid de shraith torthaí ó Dhaonáireamh 2022 an foilseachán seo. Foilseofar tuilleadh foilseacháin théamacha mar atá leagtha amach sa Sceideal Foilsithe maidir le Daonáireamh 2022.

Sna míreanna fuaime a leanas déanann Eoin Flaherty, Staisteoir leis an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) trácht ar an bhfoilseachán Daonáireamh 2022 Próifíl 8 - An Ghaeilge agus Oideachas.

Cuirtear fáilte roimh na meáin leas a bhaint as na míreanna seo chomh fada is a luaitear an Oifig seo leo.

Athrú Daonra na Gaeltachta

"Tháinig méadú 7% ar dhaonra iomlán na Gaeltachta idir 2016 agus 2022, de réir an Daonáirimh. Bhí méadú éicínt sa daonra le feiceáil i ngach ceantar sa tréimhse sin, ach bhí an céatadán d’ardú ab airde i nGaeltacht na nDéise, áit inar tháinig ardú 14% ar an daonra idir dhá 2016 agus 2022.

Ba é an Ceantar Gaeltachta leis an daonra ba mhó anuraidh ná Gaeltacht Chontae na Gaillimhe, áit ina raibh beagnach 37,000 duine ar oíche an Daonáirimh. B’shin méadú beagnach 3,000 ar an daonra i 2016."

Caighdeán na Gaeilge sna Ceantair Ghaeltachta

"I measc na ndaoine os cionn aois a trí a dúirt go raibh Gaeilge acu, thug 10% acu le fios go raibh sí go han-mhaith acu. 32% a dúirt go raibh Gaeilge mhaith acu.

Thug níos mó ná leath de chainteoirí Gaeilge na tíre le fios ar a gcuid foirmeacha Daonáirimh go raibh Gaeilge dhona acu.

Ba i gCeantar na nOileán i gConamara a bhí an céatadán ab airde de chainteoirí Gaeilge os cionn aois a trí a dúirt go raibh Gaeilge an-mhaith acu. B’shin 88%. Bhí an Cheathrú Rua sa dara háit, le 85% de chainteoirí Gaeilge ag tabhairt le fios go raibh an teanga go han-mhaith acu."

Minicíocht Labhartha na Gaeilge sna Ceantair Ghaeltachta

"I measc na 26 Limistéar Pleanála Teanga, ba ar Thóraigh a bhí an sciar ba mhó de chainteoirí laethúla Gaeilge de réir Dhaonáireamh 2022, le 83% de dhaoine os cionn aois a trí á labhairt go laethúil.

Bhí Oileáin Árainn sa dara háit le 74% den daonra ag labhairt Gaeilge go laethúil.

Ba é An tEachréidh i gContae na Gaillimhe an Limistéar Pleanála Teanga leis an sciar ba mhó de chainteoirí Gaeilge os cionn aois a trí a bhí á labhairt laistigh den chóras oideachais amháin."