Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Míreanna Fuaime

Míreanna Fuaime

Foilseachán staitistiúil an CSO, , 11rn
Census Results 2022 Branding
Torthaí Dhaonáireamh 2022

Is cuid de shraith torthaí ó Dhaonáireamh 2022 an foilseachán seo.

Sna míreanna fuaime a leanas déanann Eoin Flaherty, Staisteoir leis an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) trácht ar an bhfoilseachán 'Daonáireamh 2022 Próifíl 6 - Daoine gan dídean' agus ar shonraí gaolmhara.

Cuirtear fáilte roimh na meáin leas a bhaint as na míreanna seo chomh fada is a luaitear an Oifig seo leo.

Daoine gan dídean in Éirinn

"De réir Daonáireamh 2022, bhí ós cionn deich mhíle trí céad duine gan dídean in Éirinn ar oíche an chomhairimh. Bhí 60% acu fireannach agus 40% baineannach.

Is i mBaile Átha Cliath a bhí ós cionn dhá thrian den iomlán lonnaithe. Bhí an céatadán ab’ísle de dhaoine gan dídean i réigiún an iarthuaiscirt – Contae Shligigh, Contae Thír Chonaill agus Contae Liatroma. Ní raibh ach 1% de dhaoine gan dídean na tíre ar fad lonnaithe sa réigiún sin."

Próifíl Aoise

"B’é meán aois na ndaoine a bhí gan dídean ar oíche an Daonáirimh i 2022 ná fiche naoi bliana go leith (29.5). Bhí sé sin i bhfad níos óige ná meán aois an daonra iomláin. Triocha h-ocht ponc a h-ocht mbliana (38.8) ab’ea meán aois dhaonra na hÉireann ag an am.

I measc na ndaoine gan dídean, bhí timpeall aon trian díobh faoi bhun aois a fiche. Ní raibh ach ceithre faoin gcéad acu seasca bliain d’aois nó níos mó."

Teaghlaigh agus Structúir Teaghlaigh

"Bhí beagnach leath de na daoine gan dídean i mí Aibreáin 2022 in aonaid teaghlaigh – b’shin díreach ós cionn cúig mhíle duine. Bhí leanaí sa chuid is mó de na teaghlaigh sin – nócha ceathar faoin gcéad acu.

Leanbh amháin a bhí i mbeagnach aon trian de na teaghlaigh. Beirt leanbh a bhí i fiche h-ocht faoin gcéad acu. I gcás ocht deag faoin gcéad de na teaghlaigh, bhí ceathrar leanaí nó níos mó iontu."