Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Míreanna Fuaime

Míreanna Fuaime

Foilseachán staitistiúil an CSO, , 11rn
Census Results 2022 Branding
Torthaí Dhaonáireamh 2022

Is cuid de shraith torthaí ó Dhaonáireamh 2022 an foilseachán seo. Foilseofar tuilleadh foilseacháin théamacha le linn 2023 mar atá leagtha amach sa Sceideal Foilsithe maidir le Daonáireamh 2022.

Sna míreanna fuaime a leanas déanann Eoin Flaherty, Staisteoir leis an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) trácht ar an bhfoilseachán 'Daonáireamh 2022 Próifíl 4 - Daoine le Míchumas, Sláinte agus Cúramóirí' agus ar shonraí gaolmhara.

Cuirtear fáilte roimh na meáin leas a bhaint as na míreanna seo chomh fada is a luaitear an Oifig seo leo.

Cúramóirí Gan Phá

"Bhí nach mór 7,500 cúramóirí gan phá sna Limistéir Pleanála Teanga ar fad, de réir Dhaonáireamh 2022.

Ag féachaint ar na huaireanta a chloig a bhí á gcaitheamh ag daoine i mbun cúraim, bhí níos mó ama á chaitheamh i mBearna agus Cnoc na Cathrach i gContae na Gaillimhe ná mar a bhí in aon Limistéar Pleanála Teanga eile.

Bhí os cionn 200 duine ag cur cúram ar fáil gan phá ar feadh níos mó ná 43 uair a chloig sa tseachtain sa cheantar sin."

Sláinte agus Caitheamh Tobac

"De réir Dhaonáireamh 2022 bhí an sciar ba mhó de dhaoine nár chaith tobac, nó a bhí éirithe as tobac a chaitheamh, i Limistéar Pleanála Teanga Ráth Chairn agus Baile Ghib i gContae na Mí.

86% de dhaonra an cheantair sin a dúirt nár chaitheadar tobac, nó go raibh siad tar éis éirí as tobac a chaitheamh.

Maidir leis na daoine sna Limistéir Pleanála Teanga a chaith tobac go laethúil, bhí níos mó fir ná mná i gceist sa chuid is mó de na limistéir. Ach bhí níos mó mná ná fir ag caitheamh tobac go laethúil  ar Chléire i gContae Chorcaí agus ar Árainn Mhór i gContae Dhún na nGall."

Míchumas

"De réir Dhaonáireamh 2022, bhí míchumas de shaghas éigin ar 21% de dhaonra uile na Limistéar Pleanála Teanga. B’shin díreach os cionn 23,000 duine a dúirt go raibh riocht fadtéarmach orthu nó deacracht de shaghas éigin acu.

I measc na Limistéar Pleanála Teanga, bhí an sciar ba mhó de dhaoine le míchumas i Maigh Eo Thiar i gContae Mhaigh Eo. 30% de dhaonra an cheantair sin a dúirt go raibh riocht fadtéarmach orthu nó deacracht de shaghas éigin acu. Bhí scéal eile i gceantar Mhúscraí i gContae Chorcaí. Ní dúirt ach 17% den daonra ansiúd go raibh míchumas de shaghas éigin orthu."