Is cuid de shraith torthaí ó Dhaonáireamh 2022 an foilseachán seo. Foilseofar tuilleadh foilseacháin théamacha le linn 2023 mar atá leagtha amach sa Sceideal Foilsithe maidir le Daonáireamh 2022.
San fhoilseachán seo, sa chás go bhfuil an téarma daoine faoi mhíchumas in úsáid, tagraíonn sé do dheacracht nó riocht fadtéarmach amháin ar a laghad atá ag gabháil do dhuine mar a tuairiscíodh i nDaonáireamh 2022. Tháinig na sonraí maidir le deacrachtaí nó riochtaí fadtéarmacha atá ag gabháil do dhuine ó na freagraí ar Cheisteanna 15 agus 16 i gceistneoir an daonáirimh.
Ceist le seacht gcuid a bhí i gCeist 15 inár fiafraíodh de dhaoine an bhfuil na riochtaí fadtéarmacha seo a leanas ag gabháil dóibh: (a) daille nó lagú amhairc, (b) bodhaire nó lagú éisteachta, (c) deacracht le bunghníomhaíochtaí fisiceacha mar siúl, dul suas staighre, síneadh, ardú nó iompar, (d) míchumas intleachta, (e) deacracht le foghlaim, cuimhneamh nó comhdhíriú, (f) riocht síceolaíoch nó mothúchánach nó deacracht meabhairshláinte agus (g) deacracht le pian, análú nó aon tinneas nó riocht ainsealach eile.
Éilíodh ar fhreagróirí a chur in iúl an bhfuil na riochtaí sin in C15 ag gabháil dóibh go pointe áirithe, go han-mhór nó an bhfuil sé ag gabháil dóibh ar chor ar bith.
Ceist le ceithre chuid a bhí i gCeist 16 inár fiafraíodh de fhreagróirí an raibh deacracht acu aon cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh mar thoradh ar riocht fadtéarmach: (a) tú féin a ghléasadh, a níochán nó bogadh thart sa bhaile (míchumas féinchúraim), (b) dul amach as an teach i d’aonar chun an siopadóireacht a dhéanamh nó dul chuig an dochtúir (míchumas maidir le dul amach as an teach), (c) post nó gnó a bheith agat nó freastal ar scoil nó ar choláiste (míchumas fostaíochta) agus (d) páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí eile amhail caitheamh aimsire nó córas iompair a úsáid.
Cosúil le Ceist 15, bhí rogha ag freagróirí a chur in iúl an bhfuil na deacrachtaí sin in C16 ag gabháil dóibh de bheagán, go mór nó an bhfuil siad ag gabháil dóibh ar chor ar bith.
Rud a bhí éagsúil le Daonáireamh 2016 ná nach raibh aon scagaire idir C15 agus C16 agus mar gheall air sin, bhí ar fhreagróirí an dá cheist a fhreagairt. Iarradh ar fhreagróirí ‘Tá’ a fhreagairt freisin ar aon cheann de na deacrachtaí atá liostaithe in C15 má bhí siad ag gabháil dóibh de bharr seanaoise.
Chun na torthaí a fhoilsiú, cruthaíodh trí chatagóir bunaithe ar na roghanna freagraí in C15 agus C16. Seo a leanas na catagóirí:
Bhí na freagróirí a chuir tic le haon cheann de na boscaí ‘Tá/Bíonn’ in C15 agus C16 curtha san áireamh freisin sa ráta ‘faoi mhíchumas ar leibhéal ar bith’.
Maidir leis na freagróirí a chuir tic le ceann amháin de na boscaí ar a laghad ‘Tá, roinnt’ in C15 nó ‘Bíonn de bheagán’ in C16 ach nár chuir tic le haon cheann de na boscaí ‘Tá, go mór’ in C15 nó ‘Bíonn, go mór’ in C16, baineadh úsáid astu chun an chatagóir ‘Deacracht nó riocht fadtéarmach ag gabháil do dhuine go pointe áirithe’ a ríomh.
Maidir leis na freagróirí a chuir tic le ceann amháin de na boscaí ar a laghad ‘Tá, go mór’ in C15 nó ‘Bíonn go mór’ in C16, baineadh úsáid astu chun an chatagóir ‘Deacracht nó riocht fadtéarmach ag gabháil do dhuine go han-mhór’ a ríomh.
Aontaíodh gach athrú a tugadh isteach in C15 agus C16 i nDaonáireamh 2022 leis na príomhpháirtithe leasmhara le linn an chomhairliúcháin ar ábhar an Daonáirimh a bhí ar siúl idir 2017 agus 2019.
Is féidir tuilleadh sonraí a fháil ar Chomhairliúchán Dhaonáireamh 2022 ar Ábhar na Foirme – DÚNTA [EN].
Mar thoradh ar na hathruithe suntasacha a rinneadh ar na ceisteanna faoi dheacrachtaí agus riochtaí fadtéarmacha, shocraigh an Phríomh-Oifig Staidrimh gan comparáid dhíreach a dhéanamh ar na torthaí ón dá daonáireamh.
Mar sin féin tá torthaí iomlána ó Dhaonáireamh 2016 fós ar fáil ag Daonáireamh 2016 Próifíl 9 - Daoine le Míchumas, Sláinte agus Cúramóirí [EN]