Daonáireamh 2022 Próifíl 4 - Daoine le Míchumas, Sláinte agus Cúramóirí
Daonáireamh 2022 Próifíl 4 - Daoine le Míchumas, Sláinte agus Cúramóirí
Tras-scríbhinn
Daonáireamh 2022 Próifíl 4 - Daoine le Míchumas, Sláinte agus Cúramóirí
In 2022, luaigh 1,109,557 duine go raibh riocht nó deacracht fhadtéarmach d’aon leibhéal ag gabháil dóibh, sin 22% den daonra iomlán.
Astu sin, bhí 407,342 duine (8% den daonra) a raibh riocht nó deacracht fhadtéarmach ag gabháil go mór dóibh.
Thug an 702,215 duine eile (14% den daonra) le fios go raibh riocht nó deacracht fhadtéarmach ag gabháil dóibh go pointe áirithe.
In 2022, luaigh 83% den daonra go raibh sláinte an-mhaith nó go maith acu, sin laghdú 4 pointe céatadáin le hais 2016.
I gCathair Bhaile Átha Cliath, bhí sláinte an-mhaith nó go maith ag 449,248 duine, sin 76% de dhaonra an cheantair agus an sciar is lú in aon údarás áitiúil.
I nDún Laoghaire-Ráth an Dúin, bhí sláinte an-mhaith nó go maith ag 206,240 duine, sin 88% de dhaonra an cheantair agus an sciar is mó in aon údarás áitiúil.
In 2022, bhí 86,972 cúramóir gan phá ag tabhairt cúraim ar feadh 43 uair nó níos mó in aghaidh na seachtaine, sin 29% den iomlán cúramóirí gan phá.
Lena hais sin, in 2016 bhí 41,185 cúramóir gan phá ag tabhairt cúraim ar feadh 43 uair nó níos mó in aghaidh na seachtaine, sin 21% den iomlán cúramóirí gan phá ag an am.