Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Míreanna Fuaime

Míreanna Fuaime

Foilseachán staitistiúil an CSO, , 11rn
Census Results 2022 Branding
Torthaí Dhaonáireamh 2022

Is cuid de shraith torthaí ó Dhaonáireamh 2022 an foilseachán seo. Foilseofar tuilleadh foilseacháin théamacha le linn 2023 mar atá leagtha amach sa Sceideal Foilsithe maidir le Daonáireamh 2022.

Sna míreanna fuaime a leanas déanann Eoin Flaherty, Staisteoir leis an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) trácht ar an bhfoilseachán 'Daonáireamh 2022 Próifíl 2 - Tithíocht in Éirinn' agus ar shonraí gaolmhara.

Cuirtear fáilte roimh na meáin leas a bhaint as na míreanna seo chomh fada is a luaitear an Oifig seo leo.

Soláthar tithíochta agus rátaí folmhaíochta

"Tháinig méadú 5% ar líon na dtithe agus na n-árasán in Éirinn idir 2016 agus 2022, de réir an Daonáirimh. Díreach os cionn 2.1 milliún tithe agus árasáin a bhí sa tír anuraidh, agus ar oíche an Daonáirimh bhí daoine sa bhaile in 1.9 milliún díobh.

Tháinig laghdú ar an líon áitribh a bhí folamh ar an oíche sin i gcomparáid leis an bhfigiúr do Dhaonáireamh 2016. 163,000 áitribh a bhí folamh anuraidh, sin ráta folmhaíochta 8%.

Tógadh tithe saoire san áireamh freisin agus 67,000 acu sin a bhí folamh. Suimiúil go maith, 48,000 tithe agus árasáin a bhí folamh don dá Dhaonáireamh deireanach. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh an ráta folmhaíochta fadtéarmach a bheith timpeall 2%."

Tionacht

"Léirigh an Daonáireamh go raibh 1.2 milliún áiteacha cónaithe in Éirinn i seilbh na n-áitritheoirí féin anuraidh, le morgáiste nó gan é. B’shin timpeall dhá thrian de líonta tí uile na tíre. Bhí na rátaí úinéireachta tí ab airde i gcontae na Gaillimhe agus i gcontae na Mí, áit ina raibh 75% de na h-áitribh i seilbh na n-áitritheoirí.

I gcodarsnacht leis sin, níor bhain ach níos lú ná leath des na háitribh i gCathair Bhaile Átha Cliath agus i gCathair na Gaillimhe leis na daoine a bhí ina gcónaí iontu.

Bhí 330,000 áit cónaithe in Éirinn tógtha ar cíos ó thiarnaí talún anuraidh – figiúr a bhí imithe in airde 7% ó 2016."

Cíos

"Tháinig méadú níos mó ná aon trian ar an meán-chíos seachtainiúil a bhí á íoc le tiarnaí talún príobháideacha idir 2016 agus 2022.

€200 sa tseachtain ab ea an meán-chíos in 2016, ach anuraidh ba é €273 an meán-chíos seachtainiúil.

Bhí na háiteacha leis an gcíos ab airde ar fad i mBaile Átha Cliath le meán-chíosanna €440 sa tseachtain i nDún Laoghaire-Rath an Dúin.  

Ach bhí cíos i bhfad níos ísle in áiteacha eile sa tír. Mar shampla, bhí meán-chíos €140 sa tseachtain á íoc i nDún na nGall agus i gContae Liatroma.

Léiríonn an anailís atá déanta againn go raibh cíos níos airde ná €400 sa tseachtain á íoc ag beagnach 52,000 líon tí in Éirinn anuraidh. Bhí beagnach leath acu sin i gCathair Bhaile Átha Cliath."