Daonáireamh 2022 Próifíl 1 - Dáileadh agus Gluaiseachtaí Daonra
Daonáireamh 2022 Próifíl 1 - Dáileadh agus Gluaiseachtaí Daonra
Tras-scríbhinn
Daonáireamh 2022 Próifíl 1 - Dáileadh agus Gluaiseachtaí Daonra
I gCorcaigh a taifeadtar an sciar is airde de chónaitheoirí a rugadh sa chontae céanna. Bhí 418,259 duine le gnáthchónaí orthu i gCorcaigh in Aibreán 2022 a rugadh sa chontae sin. Is ionann seo agus 72% de dhaonra gnáthchónaithe Chorcaí.
Is sa Mhí a taifeadtar an sciar is ísle de chónaitheoirí a rugadh sa chontae céanna. Bhí 71,356 duine le gnáthchónaí orthu i gContae na Mí in Aibreán 2022 a rugadh sa chontae sin. Is ionann seo agus 32% de dhaonra gnáthchónaithe na Mí.
112,548 líon tí a bhog áit chónaithe sa 12 mhí roimh Dhaonáireamh 2022. As na líonta tí sin, bhog 61% go teach nó árasán mar cíosaithe, bhog 23% eile go teach nó árasán mar úinéirí le morgáiste nó iasacht agus bhog 11% go teach nó árasán mar úinéirí glan amach.
I measc na mbailte a taifeadtar le breis is 10,000 duine i láthair ar oíche an daonáirimh, an 03 Aibreán 2022, tá an mheánaois is ísle le fáil i mBaile Brigín ag 33.6 bliain. Tá an mheánaois is airde le fáil i gCluain Meala ag 40.8 bliain.