Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Achoimre ar Thorthaí

Mothaíonn formhór tuismitheoirí go raibh tionchar diúltach ag dúnadh scoileanna ar fhorbairt shóisialta agus oideachais a bpáiste mar gheall ar COVID-19

Foilseachán staitistiúil an CSO, , 11rn
Aschur Ceannródaíoch CSO

Tá an eisiúint seo faoin bhrat Aschur Ceannródaíoch CSO [en] rud a chiallaíonn go bhfuil ceisteanna fós le réiteach faoi mhodhanna nó anailísiú i gcineál taighde nua. Ní mór a bheith cúramach agus staitisticí san anailís thurgnamhach seo á léamh. Ach staitisticí a fhoilsiú faoin teideal Aschur Ceannródaíoch, bíonn deis ag an Oifig eolas nua fónta a chur ar fáil d’úsáideoirí agus aiseolas saineolach a fháil uathu ar na modhanna agus táirgí aschuir nua sin. Ag an am céanna, mínítear go soiléir aon teorainn a bhaineann leis an taighde.

Achoimre ar Thorthaí

  • Creideann 71% de thuismitheoirí go raibh tionchar diúltach ag dúnadh tréimhsiúil saoráidí luathchúraim leanaí agus oideachais nuair a bhí srianta a bhaineann le COVID-19 i bhfeidhm ar fhorbairt shóisialta duine amháin ar a laghad dá gcuid leanaí.

  • Is mó seans go dtuairisceodh tuismitheoirí (82%) a raibh leanbh leo ag freastal ar scoil speisialta i mí an Mhárta 2020, go raibh tionchar diúltach ag dúnadh scoileanna ar fhorbairt shóisialta a linbh.

  • 69% de thuismitheoirí a chreideann go raibh tionchar diúltach ag dúnadh scoileanna ar oideachas agus ar fhoghlaim linbh amháin ar laghad sa teach.

  • Creideann 74% de thuismitheoirí a mheas go raibh staid airgeadais a lín tí go dona i mí an Mhárta 2020 go raibh tionchar diúltach ag dúnadh bunscoileanna ar oideachas agus ar fhoghlaim a linbh. Sin i gcomparáid le 61% de thuismitheoirí a dúirt go raibh staid airgeadais an lín tí i gcaoi mhaith ag an am sin.

  • Measann 78% de na freagróirí a raibh leanbh acu sa mheánscoil i mí an Mhárta 2020 agus a mheas go raibh a staid airgeadais go dona ag an am sin go raibh tionchar diúltach ag dúnadh scoileanna ar oideachas agus ar fhoghlaim a linbh i gcomparáid le 66% de thuismitheoirí a mheas go raibh a staid airgeadais go maith.

  • Creideann 38% de thuismitheoirí a raibh leanbh acu in institiúid iar-mheánscoile/tríú leibhéal i mí an Mhárta 2020 go mbeidh tionchar diúltach ag dúnadh na saoráidí sin ar ionchais ghairme a linbh amach anseo.

  • Creideann 69% de mhná a bhí in oideachas iar-mheánscoile/tríú leibhéal go luath in 2020 go raibh tionchar diúltach ag dúnadh na saoráidí sin ar a n-oideachas agus ar a bhfoghlaim i gcomparáid le 61% d’fhir.

Trácht an Staitisteora

D’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (12 Márta 2025) COVID-19 — Ár Saol Cúig Bliana Ar Aghaidh: Oideachas Briste.

Is é seo an chéad eisiúint i sraith eisiúintí ina bhfiosraítear tionchar sóisialta agus eacnamaíoch COVID-19 ar ár sochaí agus é cúig bliana anois ó thús na paindéime in Éirinn (féach Nóta an Eagarthóra thíos).

Tugadh faoin suirbhé ar líne amháin seo idir an 16 Eanáir agus an 2 Feabhra 2025, agus fiosraíodh an chaoi a bhfuil tionchar fós ag paindéim COVID-19 ar an saol cúig bliana ó thosaigh sí. Tabhair faoi deara nach bhfuil an suirbhé seo ionadaíoch go náisiúnta toisc gur dheonaigh daoine páirt a ghlacadh ar líne (féach thíos ar an gcuid - Maidir leis an Suirbhé seo - chun tuilleadh eolais a fháil).

Cuirtear i láthair leis an eisiúint seo, atá á heisiúint i gcomhthráth leis an bhfógra go raibh scoileanna le dúnadh an 12 Márta 2020, torthaí mionsonraithe ar an tionchar a bhí ag dúnadh tréimhsiúil saoráidí luathchúraim leanaí agus oideachais ar fhorbairt shóisialta, ar oideachas agus ar fhoghlaim, agus ar ionchais ghairme leanaí agus mac léinn amach anseo cúig bliana ó thús phaindéim COVID-19. Scrúdaítear na tionchair sin ó dhearcadh na dtuismitheoirí agus ó dhearcadh na mac léinn araon.

Ráiteas an Staitisteora

Ag trácht ar thorthaí na heisiúna seo, dúirt Claire Burke, Staitisteoir sa Rannán Ioncaim, Tomhaltais agus Saibhris: “Ba ar an lá seo cúig bliana ó shin a dúnadh gach scoil, coláiste agus saoráid cúraim leanaí in Éirinn mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19. Mar thoradh ar an dúnadh síos sin, cuireadh scrúduithe Ardteistiméireachta 2020 agus an Teastais Shóisearaigh 2020-2021 ar ceal. Níos luaithe i mbliana, reáchtálamar Suirbhé Sciobtha de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh ar líne, inar cuireadh ceisteanna faoin an tionchar a mheastar a bheidh ag dúnadh tréimhsiúil na saoráidí seo in 2020 agus 2021 ar thuismitheoirí a raibh leanaí acu i luathchúram leanaí nó in oideachas ag an am sin agus ar fhreagróirí a bhí ina scoláirí agus mic léinn a bhí in oideachas meánscoile nó in oideachas tríú leibhéal ag an am.

Dearcadh na dtuismitheoirí

Mothaíonn 71% de thuismitheoirí go raibh tionchar diúltach ag dúnadh tréimhsiúil saoráidí luathchúraim leanaí agus oideachais nuair a bhí srianta COVID-19 i bhfeidhm ar fhorbairt shóisialta duine amháin ar a laghad dá leanaí. Tá líon comhchosúil de thuismitheoirí (68%) a bhfuil leanbh acu a raibh tionchar diúltach ag an bpaindéim ar a chuid oideachais agus foghlama.

Is mó seans go mbraithfeadh tuismitheoirí a raibh leanbh acu a bhí ag freastal ar scoil speisialta go luath in 2020 go raibh tionchar diúltach ag dúnadh scoileanna ar a leanbh, i dtéarmaí a bhforbartha sóisialta agus a n-oideachais agus a bhfoghlaim araon. Creideann 82% de thuismitheoirí a raibh leanbh acu a bhí ag freastal ar scoil speisialta i mí an Mhárta 2020 go raibh tionchar diúltach ag dúnadh scoileanna speisialta ar fhorbairt shóisialta a linbh. Is iad na rátaí inchomparáide do thuismitheoirí a raibh leanbh acu sa bhunscoil ná 66%, agus 75% do thuismitheoirí a raibh leanbh acu sa mheánscoil ag an am sin.

Ba dhóichí go gcreidfeadh tuismitheoirí a mheas go raibh staid airgeadais a lín tí go dona i mí an Mhárta 2020 go raibh tionchar diúltach ag dúnadh scoileanna ar fhorbairt shóisialta agus ar fhorbairt oideachais agus foghlama a leanaí. Mar shampla, chreid 80% de thuismitheoirí nach bhfuil chomh maith sin as go raibh tionchar diúltach ar fhorbairt shóisialta a leanaí bunscoile i gcomparáid le 62% de thuismitheoirí a thuairiscigh go raibh staid airgeadais a lín tí go maith. 

Thuairiscigh líon comhchosúil de mháithreacha agus d’aithreacha araon go raibh tionchar diúltach ar fhorbairt shóisialta agus ar oideachas agus ar fhoghlaim a linbh ag gach céim oideachais suas go dtí an tríú leibhéal. Mar shampla, creideann 74% d’aithreacha agus 76% de mháithreacha a bhfuil leanbh acu sa mheánscoil go raibh tionchar diúltach ag dúnadh na meánscoileanna ar fhorbairt shóisialta a linbh.

Is mó seans go gcreidfeadh máithreacha a raibh leanbh acu san oideachas tríú leibhéal i mí an Mhárta 2020, go raibh tionchar diúltach ag dúnadh na gcoláistí ar a leanbh go sóisialta agus go hoideachasúil. Mar shampla, thuairiscigh 74% de mháithreacha a raibh leanbh acu a bhí ag freastal ar institiúid tríú leibhéal i mí an Mhárta 2020 go raibh tionchar diúltach ag dúnadh na saoráidí sin ar fhorbairt shóisialta a linbh. Tá sé seo 10 bpointe céatadáin níos airde ná an ráta d’aithreacha (64%). Ar an gcaoi chéanna, thuairiscigh 62% de mháithreacha a bhfuil leanbh leo ag freastal ar institiúid tríú leibhéal go raibh tionchar diúltach ar oideachas agus ar fhoghlaim a linbh atá naoi bpointe céatadáin níos airde ná an ráta inchomparáide d’aithreacha (53%).

Dearcadh na ndaltaí

Thuairiscigh 76% de na freagróirí a bhí sa mheánscoil nuair a tugadh isteach srianta COVID-19 ar dtús go raibh tionchar diúltach ag dúnadh scoileanna ar a bhforbairt shóisialta. Creideann an céatadán céanna (76%) go raibh tionchar diúltach ag dúnadh na scoileanna sin ar a n-oideachas agus ar a bhfoghlaim.

Creideann 64% de na freagróirí a bhí in oideachas tríú leibhéal go raibh tionchar diúltach ag dúnadh na gcoláistí le linn na paindéime ar a n-oideachas agus ar a bhfoghlaim. Mar sin féin, creideann cion níos airde, 71%, go raibh tionchar diúltach acu ar a bhforbairt shóisialta.

Creideann 19% de na freagróirí a bhí ag tabhairt faoi chúrsa tríú leibhéal i mí an Mhárta 2020 go raibh tionchar dearfach ag dúnadh na gcoláistí ar a n-oideachas agus ar a bhfoghlaim agus creideann 5% go raibh tionchar dearfach aige ar a bhforbairt shóisialta.

Is mó seans go dtuairisceodh freagróirí mná go raibh tionchar diúltach ag dúnadh institiúidí tríú leibhéal ar a n-oideachas agus ar a bhfoghlaim i gcomparáid le freagróirí fir (69% i gcomparáid le 61%).

Tá difríochtaí móra idir dearcadh na dtuismitheoirí agus na mac léinn maidir leis an tionchar a bhí ag dúnadh institiúidí tríú leibhéal ar ionchais ghairme na mac léinn amach anseo. Tá cúig oiread níos mó seans ann go gcreidfeadh freagróirí a bhí in oideachas tríú leibhéal i mí an Mhárta 2020 ná tuismitheoirí, a raibh leanbh acu san oideachas tríú leibhéal ag an am, go mbeadh tionchar dearfach ag dúnadh saoráidí ar ionchais ghairme amach anseo (16% agus 3% faoi seach). Is mó an seans go gcreidfeadh tuismitheoirí go mbeidh tionchar diúltach aige ar ionchais ghairme a linbh amach anseo (38% i gcomparáid le 29% de mhic léinn) nó nach mbeidh tionchar ar bith aige orthu (42% i gcomparáid le 35%).’

Maidir leis an Suirbhé

Is suirbhéanna gearra agus rialta ar líne iad Suirbhéanna Sciobtha na Príomh-Oifige Staidrimh a ghlacann ‘cuisle’ an náisiúin faoi ábhar ar leith ag pointe ama ar leith.  Is iondúil go gcuirtear ceisteanna de chineál tuairimíochta iontu nó go bhféachtar le dearcadh an phobail i leith imeachtaí nó saincheisteanna áirithe a thomhas iontu. Cuidíonn Suirbhéanna Sciobtha na Príomh-Oifige Staidrimh, atá mar chuid d’Fheachtas Glac Páirt na Príomh-Oifige Staidrimh, leis an bPríomh-Oifig Staidrimh sonraí ábhartha tráthúla a chur ar fáil maidir le hábhair a mbíonn tionchar acu orainn go léir.  Tugann Suirbhéanna Sciobtha tuiscint níos fearr dúinn ar an gcaoi a mbraitheann daoine faoi shaincheisteanna a théann i bhfeidhm orainn ar fad sa saol. 

Is ar líne a reachtáladh an Suirbhé Sciobtha is déanaí seo, COVID-19 – Ár Saol 5 Bliana Ar Aghaidh, ón 16 Eanáir go 02 Feabhra 2025. Bhí an suirbhé oscailte d’aon duine 18 mbliana d’aois agus níos sine a bhfuil cónaí orthu i líonta tí príobháideacha in Éirinn. Bhí an ceistneoir leictreonach ar líne ar fáil ar shuíomh gréasáin CSO.ie agus ar na meáin shóisialta. Bailíodh 21,003 freagra sa suirbhé seo. Is mian leis an bPríomh-Oifig Staidrimh buíochas a ghabháil leis na rannpháirtithe uile a thóg am chun an suirbhé seo a fhreagairt.

Ní léiríonn na torthaí sa tuarascáil seo ach freagraí na ndaoine a chomhlánaigh an suirbhé ar líne seo. Cé go bhfuil na torthaí calabraithe do dhaonra iomlán na hÉireann, ní féidir ginearálú a dhéanamh ar na torthaí agus a mheas go bhfuil siad ionadaíoch go náisiúnta, toisc nár roghnaíodh na daoine a d’fhreagair an ceistneoir go randamach ón daonra. Ina ionad sin is é gur ghlac na daoine páirt go deonach ann. Ós rud é nach raibh an suirbhé ar fáil ach ar líne, ní léiríonn sé tuairimí na ndaoine sin nach bhfuil aon ghníomhaíocht ar líne acu. Fiú amháin leis na foláirimh seo, áfach, creidimid go dtugann an tuarascáil seo léargas luachmhar dúinn ar an tionchar a bhí ag paindéim COVID-19 ar ár saol cúig bliana ó thosaigh sí. Féach na Nótaí Cúlra [en] chun tuilleadh sonraí a fháil faoi mhodheolaíocht an tsuirbhé. 

Fiafraíodh de fhreagróirí an tsuirbhé a raibh leanbh acu ag freastal ar shaoráid luathchúraim leanaí nó oideachais i mí an Mhárta 2020 cén tionchar, más ann dó, a chreideann siad a bhí ag dúnadh tréimhsiúil na saoráidí sin in 2020 agus 2021 ar fhorbairt shóisialta, oideachas agus foghlaim a linbh, agus ar a n-ionchais ghairme amach anseo. Bhí ceisteanna a bhain leis an tionchar ar oideachas agus ar fhoghlaim a linbh teoranta do thuismitheoirí leanaí a bhí in oideachas bunscoile, meánscoile nó tríú leibhéal agus do thuismitheoirí a raibh leanbh acu i scoil speisialta i mí an Mhárta 2020. Bhí ceisteanna maidir leis an tionchar a mheastar a bheadh ag dúnadh saoráidí oideachais ar ionchais ghairme a linbh amach anseo teoranta do thuismitheoirí a raibh leanbh leo ag freastal ar choláiste ag an am. Tabhair faoi deara, go gcuimsíonn tagairtí don oideachas tríú leibhéal oideachas iar-mheánscoile, agus go gcuimsíonn tagairtí don choláiste ollscoileanna agus gach institiúid oideachais tríú leibhéal agus iar-mheánscoile.

Fiafraíodh de fhreagróirí atá 18 mbliana d’aois nó os a chionn faoi láthair agus a bhí in oideachas meánscoile nó tríú leibhéal nuair a tugadh srianta COVID-19 isteach den chéad uair cén tionchar, más ann dó, a chreideann siad a bhí ag dúnadh scoileanna agus coláistí ar a bhforbairt shóisialta féin, ar a n-oideachas agus ar a bhfoghlaim, agus ar a n-ionchais ghairme amach anseo.   Áiríodh ar na roghanna freagartha ‘Tionchar dearfach’, ‘Tionchar diúltach’, ‘Tionchar ar bith’ agus ‘Níl mé in ann a rá/Níl a fhios agam’.

Nótaí d'Eagarthóirí

Is é seo an chéad cheann i sraith eisiúintí atá beartaithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh chun comóradh a dhéanamh ar thionchar na paindéime ar shochaí na hÉireann agus ar ghnéithe dár ngeilleagar cúig bliana tar éis a thús. Foilseofar an chéad eisiúint eile, COVID-19 — Ár Saol Cúig Bliana Ar Aghaidh: Tionchar ar Fhostaíocht, Tuilleamh agus Aerthaisteal an 19 Márta 2025.

Foilseofar an tríú heisiúint, agus an dara ceann bunaithe ar thorthaí an Suirbhé Sciobtha COVID-19 — Ár Saol 5 Bliana Ar Aghaidh: Tionchar Sóisialta, an 25 Márta 2025. Déanfaidh sé iniúchadh ar an gcaoi a bhfuil caidrimh, nósanna tomhaltais, iompraíochtaí sóisialta, agus idirghníomhaíochtaí sóisialta le daoine eile athraithe cúig bliana tar éis srianta COVID-19 a thabhairt isteach.

Sliocht atá sa leagan Gaeilge seo, tógtha ó eisiúint níos mó