Is é Daonáireamh 2016 an chéad daonáireamh ina mbeidh sonraí faoin ‘bpobal oibre am lae’ foilsithe. Áirítear sa phobal am lae gach duine a chuir in iúl go n-oibríonn siad nó go ndéanann siad staidéar sa cheantar, i dteannta le daoine sa cheantar nach n-oibríonn ná nach ndéanann staidéar (agus a bhíonn ann i rith an lae dá réir).
Is leibhéal nua geografaíochta é seo chun gnéithe déimeagrafacha, socheacnamaíocha agus comaitéarachta oibrithe a fhoilsiú.
Áirítear sa thacar sonraí briseadh síos daoine i ngach ceantar de réir aoise, aicme shóisialta, grúpa shocheacnamaíoch, náisiúntachta agus leibhéal an oideachais atá bainte amach acu. Tá briseadh síos ann freisin ar na daoine a oibríonn nó a dhéanann staidéar sa cheantar de réir modhanna taistil, an ama a bhfágann siad an baile agus fhad an aistir. Tá briseadh síos maidir le hoibrithe agus daoine dífhostaithe sa cheantar de réir gairme agus tá briseadh síos ann freisin de réir oibrithe i dtionscal.
Cruthaíodh na zóin seo tríd an aschur ón daonáireamh maidir le Ceantair Bheaga a chónascadh agus/nó a roinnt.
Tá na sonraí seo ar fáil le híoslódáil i bhformáid Excel.
Íoslódáil Gluais Zóin Ionaid Oibre (XLS 16KB)
Íoslódáil Zóin Ionaid Oibre (XLS 3,401KB)
Tábla Cuardaigh: Zón Ionaid Oibre de réir Ceantair Bhig (XLS 3,523KB)
I ndiaidh Dhaonáireamh 2011, nascadh gach teach agus áit chónaithe sa chontae le comhordanáidí spásúla le sonraí daonra curtha le chéile i gcealla gréille 1 km2.
Tá eolas faoin ndaonra amháin i sonraí 2016. Chun comparáid a éascú, tá sonraí daonra Dhaonáireamh 2011 ann freisin Tacar Sonraí Greille Dhaonra do Dhaonáireamh 2016 1 km²).
Tá Cruthchomhad na Greille ar fáil anseo Greille 1km2 (ZIP 20,118KB) .