Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Ceisteanna Coitianta

Foilseachán staitistiúil an CSO, , 11rn
Census Results 2022 Branding
 

Eolas maidir leis an daonáireamh

Céard é an Daonáireamh?

Is comhaireamh agus cuntas é an daonáireamh ar gach duine in Éirinn Oíche an Daonáirimh. Ba chóir gur cuireadh san áireamh gach duine sa tír ar Oíche an Daonáirimh, 3 Aibreán 2022, ar fhoirm daonáirimh agus é anois mar chuid den chomhaireamh oifigiúil daoine agus áiteanna cónaithe. 

Cé a dhéanann an Daonáireamh?

Is í an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO), eagraíocht náisiúnta staidrimh na hÉireann, a dhéanann an daonáireamh.

Cén fáth a bhfuil Daonáireamh againn?

Tá torthaí an daonáirimh tábhachtach maidir lenár seirbhísí amach anseo a phleanáil ar leibhéal pobail, áitiúil agus náisiúnta lena n-áirítear cúram sláinte, oideachas, iompar agus tithíocht.

 An bhfuil sé éigeantach?

Tá. Ní mór gach duine atá i láthair sa tír ar Oíche an Daonáirimh a chur san áireamh de réir an dlí An tAcht Staidrimh, 1993, An tOrdú Staidrimh (Daonáireamh), 2020.

An bhfuil mo chuid faisnéise slán?

Tá. Tá an-mheas ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) ar an bhfaisnéis a chuireann tú ar fáil dúinn ar d'fhoirm daonáirimh agus cosnaíonn sí í. Tá sí slán agus cosanta de réir dlí. Is Oifigigh Staidrimh iad gach ball foirne a bhfuil baint acu leis an Daonáireamh agus tá siad faoi cheangal dlí ag Acht Staidrimh 1993 rúndacht do shonraí a chosaint. Chomh maith leis sin, tá an Phríomh-Oifig Staidrimh ag cloí leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS).

Ní fhoilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh ach sonraí anaithnide le chéile i bhfoirm staitisticí. Déanfar d'fhoirm daonáirimh chomhlánaithe a stóráil go slán ar feadh 100 bliain, agus ina dhiaidh sin beidh sí ar fáil go poiblí, de réir an Achta Staidrimh

 

Maidir le Daonáireamh 2022 

Cad é ráta clúdaigh an daonáirimh?

Mar a tharla i ndaonáirimh roimhe seo, bhí comhoibriú iontach idir an Phríomh-Oifig Staidrimh agus an pobal chun foirmeacha daonáirimh a chomhlánú anuraidh agus gabhaimid buíochas le gach duine as a dtacaíocht. Clúdaíonn comhaireamh an daonáirimh gach áit chónaithe a raibh daoine ina gcónaí iontu in Éirinn ar oíche an Daonáirimh. Chomhlánaigh thart ar 96% den daonra foirm daonáirimh in 2022.  Fuarthas sonraí don 4% eile den daonra ó fhoinsí malartacha sonraí, sonraí riaracháin go príomha.

Cén chaoi ar thug an Phríomh-Oifig Staidrimh cuntas ar na foirmeacha nár seoladh ar ais?

Cé gur chomhlánaigh formhór mór an daonra a bhí sa tír oíche an Daonáirimh foirm daonáirimh, bhí céatadán beag d'áiteanna cónaithe ina raibh daoine ina gcónaí nach bhfuarthas aon fhoirm chomhlánaithe uathu. I gcás na n-áiteanna cónaithe sin, mheas an Phríomh-Oifig Staidrimh líon na gcónaitheoirí ag úsáid sonraí malartacha, sonraí riaracháin go príomha. Trí úsáid a bhaint as an gcur chuige sin, cinntíodh go raibh an comhaireamh daonra a chruinne agus ab fhéidir. 

Cad is sonraí riaracháin ann?

Is sonraí reatha iad na sonraí riaracháin a bhailíonn ranna agus gníomhaireachtaí rialtais eile, a úsáideann an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) uaireanta chun Staitisticí Oifigiúla a chur ar fáil.

Faoin Acht Staidrimh, 1993, (http://achtanna.ie/ga.act.1993.0021.1.html) tá sé de cheart ag an bPríomh-Oifig Staidrimh rochtain a fháil ar an bhfaisnéis seo chun sonraí suirbhé a chomhlánú nó a athsholáthar chun léargais ar leith a chur ar fáil faoi shochaí na hÉireann nó chun tráthúlacht na hanailíse a fheabhsú. 

An bhfuil cead dlíthiúil ag an bPríomh-Oifig Staidrimh sonraí riaracháin a úsáid ar an mbealach seo?

Tá. Faoin Acht Staidrimh 1993, tá ceart dlíthiúil ag an bPríomh-Oifig Staidrimh rochtain a fháil ar shonraí riaracháin chun críocha staidrimh agus úsáideadh iad i nDaonáireamh 2022 chun caighdeán na faisnéise a fhoilsítear a fheabhsú. Tá nósanna imeachta diana príobháideachais i bhfeidhm ag an bPríomh-Oifig Staidrimh lena chinntiú go gcaitear le haon sonraí riaracháin a úsáidtear chun críocha staidrimh ar bhealach an-rúnda. Ní roinneann an Phríomh-Oifig Staidrimh riamh faisnéis a bhaineann le daoine aonair le haon eagraíocht eile. 

Cén tionchar a bhí ag na saincheisteanna a tháinig chun cinn le linn na hoibríochta allamuigh ar thorthaí an daonáirimh?

Bhí roinnt dúshlán roimh an bPríomh-Oifig Staidrimh maidir le Daonáireamh 2022 a reáchtáil mar gheall ar an bpaindéim, agus maidir le háiritheoirí a earcú agus a choinneáil i líon beag ceantar ar fud na tíre. Nuair a tháinig saincheisteanna chun cinn, rinne an Phríomh-Oifig Staidrimh iarracht a chinntiú go bhfuair gach teaghlach sna ceantair sin foirm daonáirimh, tríd an gcóras poist a úsáid go príomha chun foirmeacha a sheoladh go díreach chuig na tithe seo. Chuir muid clúdach saorphoist ar fáil freisin d’úinéir an tí chun a chur ar a chumas foirmeacha comhlánaithe a sheoladh ar ais. Measann an Phríomh-Oifig Staidrimh gur sheol 96% de thithe cónaithe foirmeacha daonáirimh comhlánaithe ar ais. Maidir leis na tithe nár seoladh foirmeacha ar ais uathu, d'úsáid an Phríomh-Oifig Staidrimh foinsí malartacha sonraí chun comhaireamh iomlán daonra a chinntiú. 

Cad iad na ceisteanna nua a bhí ar Dhaonáireamh 2022?

Bhí sé cheist nua ar cheistneoir Dhaonáireamh 2022. I measc na n-ábhar a clúdaíodh bhí aláraim dheataigh, rochtain idirlín agus gairis, caitheamh tobac, turas ón scoil ón obair nó ón gcoláiste go dtí an baile, obair dheonach agus cúram leanaí. Cuireadh gné roghnach Taisceadán Todhchaí san áireamh freisin den chéad uair. 

Cén chaoi ar socraíodh ceisteanna Dhaonáireamh 2022?

Rinneadh gach ceist faoi Dhaonáireamh 2022 a thástáil mar chuid de phróiseas comhairliúcháin phoiblí a bhí ar siúl idir 2017 agus 2019. I ndiaidh na tástála, chuir Grúpa Comhairleach Daonáirimh de shaineolaithe ábhair moltaí faoi bhráid an rialtais maidir leis an ábhar do cheistneoir 2022. Cheadaigh an Rialtas na ceisteanna in 2019.

 

Torthaí Dhaonáireamh 2022

Cén fáth nach bhfuil aon chomparáid ar fáil do dhaonra Chathair Chorcaí idir 2016 agus 2022?

Athraíodh teorainn Chathair Chorcaí in 2019 agus aistríodh roinnt ceantar a bhí mar chuid de Chontae Chorcaí (ceantar an údaráis áitiúil) go dtí sin isteach sa chathair. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil teorainn Chathair Chorcaí a úsáideadh i nDaonáireamh 2016 inchomparáide le teorainn Chathair Chorcaí a úsáideadh do Dhaonáireamh 2022.

I bpríomhtháblaí na heisiúna seo, cuirtear figiúirí inchomparáide ar fáil do Chorcaigh trí chéile (cathair agus contae mar aonad amháin), óir nár athraigh an teorainn idirchontae. Tá figiúirí maidir le Cathair Chorcaí curtha ar fáil i roinnt táblaí freisin, ach i gcás na dtáblaí sin ní féidir comparáidí a dhéanamh le sonraí Dhaonáireamh 2016 mar gheall ar an athrú teorann. 

Cén fáth a bhfuil difríocht idir réamhfhigiúirí an daonra a foilsíodh anuraidh agus na figiúirí seo?

Tá difríocht idir an dá fhigiúr daonra náisiúnta toisc go bhfuil réamhchomhaireamh an daonra bunaithe ar thuairisceáin áiritheora láimhe a rinneadh le linn na hoibre allamuigh. Tá an comhaireamh deiridh deifnídeach a luaitear san eisiúint seo bunaithe ar phróiseáil agus réiteach iomlán gach foirme daonáirimh a sheoltar ar ais chuig an bPríomh-Oifig Staidrimh. Mar a tharla i mblianta roimhe seo, tá an difríocht idir an dá chomhaireamh réasúnta beag agus mar sin leanann an réamhchomhaireamh air ag soláthar meastachán réasúnta cruinn ar an daonra cúpla seachtain tar éis d'obair allamuigh an daonáirimh teacht chun críche. 

An ndéanfar athbhreithniú ar Réamhthorthaí an daonra?

Ní dhéanfar. Réitítear na Réamhthorthaí sa chéad áit chun léiriú luath a thabhairt ar an daonra díreach i ndiaidh oíche an Daonáirimh. Cuirtear torthaí críochnúla an daonáirimh ina n-ionad nuair a fhoilsítear iad sin.

Cathain a fhoilseofar an chuid eile de shonraí an Daonáirimh?

Is iad na Torthaí Achoimre an chéad fhoilseachán i sraith torthaí a fhoilseofar ó Dhaonáireamh 2022. As seo go deireadh na bliana, foilseofar ocht dtuarascáil théamacha eile ina ndéanfar iniúchadh níos mine ar réimse ábhar amhail tithíocht, easpa dídine, reiligiún, míchumas agus cúramóirí.  Is iad seo a leanas teidil na dtuarascálacha sin:

·         Próifíl 1 - Dáileadh agus Gluaiseacht Daonra

·         Próifíl 2 - Tithíocht in Éirinn

·         Próifíl 3 – Líon tí, Teaghlaigh agus Cúram Leanaí

·         Próifíl 4 - Míchumas, Sláinte agus Cúramóirí

·         Próifíl 5 - Éagsúlacht, Imirce, Eitneachas, Lucht Siúil na hÉireann, agus Creideamh

·         Próifíl 6 – Daoine gan Dídean

·         Próifíl 7 - Fostaíocht, Slite Beatha agus Comaitéireacht

·         Próifíl 8 - An Ghaeilge agus an tOideachas.

 

Foilseofar Staidreamh Daonra um Cheantair Bheaga (SAPS) - ar staitisticí iad a tháirgtear do réimse leibhéil gheografacha ón leibhéal is mó, .i. an stát thíos go dtí an leibhéal is mine, .i. na ceantair bheaga - ar an 21 Meán Fómhair. Is féidir breathnú ar an sceideal iomlán anseo: Sceideal Foilsithe Dhaonáireamh 2022

Cathain a bheifear ag foilsiú sonraí ón Taisceadán Todhchaí?

Ní bheidh an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) ag foilsiú sonraí ach amháin faoin oiread Taisceadáin Thodhchaí a chomhlánaíodh ar fhoirmeacha in 2022.  Níor glacadh aon eolas eile ón réimse Taisceadán Todhchaí den fhoirm le linn phróiseáil an daonáirimh. Stórálfar na Taisceadáin Thodhchaí go slán ar feadh 100 bliain de réir Airteagal 35 den Acht Staidrimh, 1993, agus léireofar don phobal iad ina dhiaidh sin. 

Cathain a fhoilseofar na sonraí Tuaithe agus Uirbeacha?

Tá aicmiú nuashonraithe ar cheantair thuaithe agus uirbeacha á thabhairt isteach ag an bPríomh-Oifig Staidrimh bunaithe ar an modheolaíocht a úsáideadh san fhoilseachán "Saol Uirbeach agus Tuaithe in Éirinn, 2019", is féidir teacht uirthi sin ag an nasc thíos. Éilíonn an t-aicmiú seo próiseáil bhreise ar shonraí daonáirimh sular féidir iad a chur ar fáil. Cuirfidh an Phríomh-Oifig Staidrimh na sonraí sin leis na táblaí staitistiúla sna míonna amach romhainn.

Saol Uirbeach agus Saol Tuaithe in Éirinn, 2019 - An Phríomh-Oifig Staidrimh

Cathain a fhoilseofar na sonraí Réimse Staidéir?

Éilíonn sonraí Réimse Staidéir Dhaonáireamh 2022 obair bhreise chódaithe chun sonraí riaracháin agus sonraí Dhaonáireamh 2016 a thabhairt le chéile. Tabharfar chun críche é sna míonna amach romhainn agus cuirfear leis na táblaí staidrimh é.

  • Daonáireamh 2022 - Torthaí Achoimre